Scoláireachtaí Spóirt bronnta ar Lúthchleasaithe atá ina Mic Léinn in OÉ Gaillim

Nov 14 2006 Posted: 00:00 GMT

01 Samhain 2006:Tá Scoláireachtaí Spóirt, ar fiú breis is €90,000 iad, bronnta ar lúthchleasaithe OÉ Gaillimh ag Uachtarán na hOllscoile, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, faoi Scéim Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile don bhliain seo. Is í seo an naoú bliain den scéim, a thugann tacaíocht do lúthchleasaithe a dhéanann éacht ina spórt féin agus atá ina mic léinn san Ollscoil.

Cuidíonn an scéim scoláireachtaí agus sparánachtaí leis na mic léinn seo agus iad i mbun staidéir san ollscoil. Baineann buaiteoirí na bliana seo le réimse leathan spórt, lena n-áirítear Peil Ghaelach, Peil Ghaelach na mBan, Iománaíocht, Camógaíocht, Lúthchleasaíocht, Rámhaíocht, Badmantan, Cispheil, Galf, Sacar, Haca, Scuais agus Tonnmharcaíocht, agus is as réimse leathan áiteanna iad freisin.

Tá ag éirí thar cionn leis an scéim le hocht mbliana anuas; d'imir go leor de na buaiteoirí ar son na hOllscoile i gcomórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta agus d'éirigh go geal leo.

Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, go léiríonn an scéim tiomantas na hOllscoile do thacaíocht a thabhairt don fheabhas i gcúrsaí spóirt i measc a cuid mac léinn, agus é sin a éascú. "D'éirigh thar barr le Scéim na Scoláireachtaí Spóirt le hocht mbliana anuas agus tá an-chabhair tugtha aici do na lúthchleasaithe mic léinn a gcumas iomlán a chomhlíonadh. Léiríonn an tionscnamh seo tiomantas OÉ Gaillimh do chur chun cinn an spóirt, atá chomh tábhachtach sin ó thaobh saol sláintiúil a bheith ag na mic léinn", a dúirt sé.

Tugadh €2,000 an duine arís i mbliana do dhá lúthchleasaí déag atá ar scoláireacht spóirt cheana féin agus atá fós san Ollscoil. Bronnadh scoláireacht (€2,000 an duine) ar naonúr mac léinn eile den chéad uair, agus tugadh €1,000 an duine do 47 eile, faoi scéim Spáranachtaí na hOllscoile. Chomh maith leis na gradaim sin, bronnfar gradaim eile ar mhic léinn a mbeidh eagraíochtaí spóirt ag déanamh urraíochta orthu: dhá scoláireacht i bpeil ghaelach urraithe ag Cadbury's mar chuid d'urraíocht ar 'Craobh fé21 Cadbury's', trí scoláireacht urraithe ag Galway United, agus gradam urraithe ag Sports Med West.

Ar na mic léinn a bhuaigh Scoláireacht i mbliana tá Cian Nihill as Maigh Cuilinn (Cispheil), a d'imir 41 uair d'Éirinn agus a bhí ar an duine ba mhó a scoráil pointí d'Éirinn i gCraobhchomórtas na hEorpa faoi 16 agus faoi 18; Richard Macey as Sligeach (Dornálaíocht) a bhuaigh an Craobhchomórtas Sinsearach Trom-mheáchain Idir-Ollscoile agus Craobhchomórtas Trom-mheáchain Éadroim na Breataine agus na hÉireann in 2006; Fiachra Breathnach as Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, atá ar phainéal sinsearach na Gaillimhe (Peil Ghaelach); agus David Mannion as Cnoc na Cathrach (Rámhaíocht) ar bhí ar fhoireann na hÉireann sna Home Internationals in 2005.

Tugann na Scoláireachtaí Spóirt deis do mhic léinn páirt a ghlacadh ina spórt féin ag an leibhéal is airde amuigh, dar le Tony Regan, Oifigeach Spóirt agus Áineasa na hOllscoile: "Cuireann Scéim na Scoláireachtaí Spóirt go mór le héiteas spóirt OÉ Gaillimh. Cuidíonn na gradaim seo leis na mic léinn a bhuann iad leanúint ar aghaidh ag forbairt a gcuid scileanna agus buanna agus iad fós ar an Ollscoil", a dúirt sé.

-CRÍOCH-

PreviousNext

Featured Stories