Mairéad Ní Nuadháin ainmnithe do Ghradam Alumni ag OÉ Gaillimh

Nov 29 2006 Posted: 00:00 GMT

28 Samhain 2006: Tá Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir um Choimisiúnú, Cláir Ghaeilge, Oideachasúla agus Ilchultúir, RTÉ, ainmnithe do Dhuais Hewlett Packard don Ghaeilge, mar chuid de Ghradaim bhliantúla Alumni Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

I bhfómhar 2000, ceapadh Mairéad ina heagarthóir um choimisiúnú ar chláir Ghaeilge agus oideachasúla agus ilchultúir, RTÉ. Roimhe sin, bhunaigh sí Léargas agus bhí sí ina léiritheoir sraithe ar an tsraith faisnéise Gaeilge sin, a ainmníodh in 2000 do Dhuais IFTA (Irish Film and Television Academy) sa chatagóir 'Gnéchlár is Fearr'. Tá cláir shiamsaíochta agus cláir faisnéise eile léirithe aici chomh maith. Mar chuid dá cúram cláir a sholáthar gach bliain do TG4, tá sraitheanna ar nós "An Tuath Nua," "Bean an Tí," "Bia 's Bóthar," "Ardán" agus go leor clár eile curtha ar fáil aici. Chomh maith le cláir RTÉ do TG4 a bhainistiú, lena n-áirítear cúrsaí reatha, cláir spóirt, cláir irise agus cláir do leanaí, bhí baint aici freisin, le cláir ilchultúir agus oideachais le gairid, mar shampla "Turas Teanga," "Families in Trouble," "Mono", "Scannal", "Who's Afraid of Islam?" agus "No Place Like Home."

Is as Bealach an Doirín, Co. Ros Comáin í ó thús agus bhí cónaí uirthi tar éis na hollscoile i nGaillimh, áit a raibh sí ina comhalta de lucht bunaithe an Druid Theatre agus ina haisteoir leis an Taibhdhearc. Nuair a bhí sí in OÉ Gaillimh (Coláiste na hOllscoile, Gaillimh ag an am), bhí sí ar dhuine de na chéad reachtairí mná ar an gCumann Liteartha agus Díospóireachta (Lit and Deb).

Is i mBaile Átha Cliath atá sí bunaithe anois ach choinnigh sí an ceangal a bhí aici leis na healaíona i nGaillimh, trína ballraíocht ar Bhord Macnas, agus tá sí ina ball freisin de Bhord Feidhmiúcháin an Celtic Film and Television Company.

Na Buaiteoirí eile atá ann i mbliana:

  • Duais AIB don Litríocht, don Chumarsáid agus do na hEalaíona: Seán O'Rourke, Iriseoir agus Craoltóir le RTÉ;
  • Duais Bhanc na hÉireann don Ghnó agus don Tráchtáil: Irial Finan: Uachtarán ar Coca Cola, Infheistíochtaí Buidéalaithe;
  • Duais Hewlett Packard don Ghaeilge: Mairéad Ní Nuadháin, Eagarthóir um Choimisiúnú, Cláir Ghaeilge, Oideachasúla agus Ilchultúr, RTÉ;
  • Duais Medtronic don Chúram Sláinte agus an Eolaíocht Mhíochaine: An tOllamh Patrick Gullane, Ardotairinealaraingeolaí (Máinlia Cinn agus Muiníl), Ollscoil Toronto;
  • Duais OÉ Gaillimh don Dlí, an tSeirbhís Phoiblí agus an Rialtas: Brian O'Donnell, Duine de bhunaitheoirí Aturnaetha Brian O'Donnell & Partners;
  • Duais Seavite don Eolaíocht Dúlra: An Dr Reg Shaw, Stiúrthóir Bainistíochta ar Champas BioPharma Wyeth i mBaile Átha Cliath; agus
  • Duais TBD don Innealtóireacht, an Teicneolaíocht Faisnéise agus an Mhatamaitic: Patrick & Thomas Coffey, Stiúrthóirí Coffey Group.

    Le linn don Ollamh Gerard Hurley, An Leas-Uachtarán um Thionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha, OÉ Gaillimh, na gradaim seo a fhógairt dúirt sé: "Gach uile bhliain, tugann OÉ Gaillimh aitheantas do alumni a bhfuil ag éirí go breá leo in earnálacha éagsúla den saol poiblí agus gairmiúil as éachtaí suntasacha a bhaint amach agus cur leis an tsochaí. Tugann na céimithe iontacha seo dea-shampla do na mic léinn atá ag freastal ar an ollscoil seo faoi láthair agus ambasadóirí den scoth atá iontu dá alma mater."

    Ba sa bhliain 2000 a seoladh na gradaim seo, faoi scáth an Alumni ag OÉ Gaillimh. Déanann na gradaim bhliantúla ceiliúradh ar luach an oideachais atá ar fáil ó OÉ Gaillimh agus aithníonn na gradaim foirfeacht phearsanta ag breis is 60,000 céimí ar fud an domhain. San áireamh ar liosta Iarbhuaiteoirí na nGradam tá an tUasal Mícheal D. Ó hUiginn T.D.; Pádraig Ó Céidigh, Aer Arann; Maria Mahon, Irishjobs.ie; agus Declan Kelly, Financial Dynamics.

    Bronnfar na gradaim ag an ochtú mórfhéasta bliantúil, Dé Sathairn, 3 Márta 2007 in Ostán an Radisson SAS, Gaillimh.

    -críoch-

    Tuilleadh eolais:

    Michelle Ní Chróinín, Oifigeach Preasa, OÉ Gaillimh, Fón: 091 493361, michelle.nichroinin@nuigalway.ie

    JB Terrins Uasal, Stiúrthóir Alumni, 091 495411, jb.terrinsnuigalway.ie

    Nóta:

    Tá liosta iomlán de bhuaiteoirí na nGradam Alumni go dtí seo le fáil ag: http://www.nuigalway.ie/alumni/program_alumni_award.html

PreviousNext

Featured Stories