Ár bPobail

  Leagan Gaeilge

Our communities

NUI Galway is a community of scholars and students, with a reach that expands far beyond our campus. Throughout this plan, we affirm our commitments to the diverse communities of staff, students and partners that make us what we are. We value the important role they play in our shared achievement, on and off campus.

  • Our first priority is to our campus community of over 19,000 students and over 2,700 staff studying and working in locations as far south as Shannon, Co. Clare, as far west as Carna, Co. Galway and as far north as Gaoth Dobhair and Letterkenny, Co. Donegal.
  • Recognising the contributions they have made to our University in the past, and their continued investment today, we will engage with our alumni and retired staff in order to shape and support our future.
  • We have a long tradition of partnerships with community groups and organisations in the Galway region and wish to find new ways to deepen that cooperation in future in an open and inclusive way.
  • We will enhance our network of business, industry and employers to ensure our graduates, courses, research, innovation and facilities are primed to benefit the economy of our region and country.
  • We will partner with and support cultural and creative organisations, regionally and nationally, to celebrate our distinctive culture and make cultural expression available to all.
  • We will actively engage with government, state bodies, development agencies, the Saolta hospitals group and other educational institutions to maximise our contribution to regional and national development.
  • We look out to the world with ambition. We will establish new strategic alliances with European and international partners and strengthen existing ones to maximise the reach and impact of our teaching, research and innovation.

***

Ár bPobail

Is pobal scoláirí agus mac léinn é OÉ Gaillimh a bhfuil a thionchar le braistint i gcéin is i gcóngar. Dearbhaímid sa phlean seo na tiomantais atá againn do na pobail éagsúla comhaltaí foirne, mac léinn agus comhpháirtithe atá chomh lárnach dár nOllscoil. Is mór againn an ról tábhachtach atá á chomhlíonadh acu inár n-éachtaí comhroinnte, ar an gcampas agus lasmuigh de.

  • Tugaimid tús áite i gcónaí dár bpobal ar an gcampas, a chuimsíonn níos mó ná 19,000 mac léinn agus níos mó ná 2,700 comhalta foirne ag suíomhanna chomh fada ó dheas leis an tSionainn, Co. an Chláir, chomh fada siar le Carna, Co. na Gaillimhe agus chomh fada ó thuaidh le Gaoth Dobhair agus Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.
  • Agus muid ag tabhairt aitheantais don chion atá déanta acu don Ollscoil san am a caitheadh, beimid i mbun teagmhála lenár alumni agus le comhaltaí foirne ar scor, féachaint lenár dtodhchaí a mhúnlú.
  • Táimid bródúil as an traidisiún atá againn oibriú as lámha a chéile le grúpaí agus eagraíochtaí pobail sa chathair agus sa réigiún, agus féachaimid le bealaí nua a aimsiú chun na comhpháirtíochtaí sin a fhorbairt agus a láidriú i spiorad na hoscailteachta agus an chuimsithe.
  • Cuirfimid lenár líonra gnó, tionscail agus fostóirí chun a chinntiú go rachaidh ár gcéimithe, ár gcúrsaí, ár dtaighde, ár nuálaíocht agus ár n-áiseanna chun tairbhe gheilleagar an réigiúin agus na tíre.
  • Rachaimid i gcomhar le heagraíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha, go háitiúil agus ar fud na tíre, chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr sainiúil agus chun léiriú cultúir a éascú do chách.
  • Beidh caidreamh gníomhach againn leis an rialtas, comhlachtaí stáit, gníomhaireachtaí forbartha, grúpa ospidéal Saolta agus le hinstitiúidí oideachais eile féachaint leis an gcion a dhéanaimid don fhorbairt réigiúnach agus náisiúnta a uasmhéadú.
  • Tugaimid faoin domhan le huaillmhian. Bunóimid comhghuaillíochtaí straitéiseacha nua le comhpháirtithe Eorpacha agus idirnáisiúnta agus féachfaimid leo sin atá ann cheana a neartú chun go mbeidh an tionchar is mó ag ár dteagasc, ár dtaighde agus ár nuálaíocht.