"Aithnítear in Ollscoil na Gaillimhe an ról ríthábhachtach a bhíonn ag Múinteoirí Gairmthreorach maidir le tacú le lucht fágála scoile agus le daltaí eile dul ar aghaidh chuig staidéar ag an tríú leibhéal. Tá sé mar aidhm ag an bhfoireann Earcaíochta agus For-rochtana Mac Léinn eolas soiléir, cruinn agus cothrom le dáta a sholáthar do Mhúinteoirí Gairmthreorach, féilire bliantúil d’imeachtaí earcaíochta spreagúla a chur ar fáil, cuid acu a bheidh ar siúl ar líne, agus clár idirchaidrimh ar ardchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna. Tá mo chomhghleacaithe agus mé féin ag tnúth le tacú leat agus le haiseolas a fháil uait le linn na bliana acadúla 2023/2024.Sarah Geraghty – Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana

ACMHAINNÍ DO DHALTAÍ NA HARDTEISTIMÉIREACHTA, AN 5Ú BLIAIN AGUS NA HIDIRBHLIANA

Naisc  Úsáideacha

 Chun Réamheolaire Fochéime a ordú Cliceáil Anseo