Fáilte

Ceapann Údarás na hOllscoile na Séiplínigh (Déin na Seirbhísí Séiplíneachta go hoifigiúil) chun tacú le tiomantas na hOllscoile d’fhorbairt an duine iomláin.

Tá na Séiplínigh spreagtha ag an bhfís Chríostaí agus iad ag iarraidh meas ar dhínit an duine a chur chun cinn i bpobal na hOllscoile. Faoi struchtúr na hOllscoile, tuairiscíonn siad don Leas-Uachtarán d’Eispéireas na Mac Léinn

Tá Séiplínigh OÉ Gaillimh ar a míle dícheall i mbun na nithe seo a leanas...

  Éisteacht
Comhairle
Tacaíocht
Cothú
Cuidiú
Acmhainniú
Ceiliúradh
Guí
Spreagadh
Ionadaíocht
Idirchaidreamh
Roinnt
Glacadh
Tuiscint
 

 Cliceáil anseo chun teagmháil a dhéanamh linn.

Eolas faoin Séipéal

Coisriceadh Séipéal Naomh Columbanus i mí Mheán Fómhair 1989, mar chomóradh deich mbliana ar chuairt Phápa Eoin Pól II ar Ghaillimh. D’úsáid an Pápa an t-altóir atá sa séipéal anois nuair a bhí Aifreann á léamh aige 'd’aos óg na hÉireann' ag Ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh ar an lá iontach sin in 1979.

Tá an Séipéal lárnach i saol na hOllscoile ó osclaíodh é. Déantar an ceiliúradh mar aon leis an gcomhbhrón anseo, bítear ag guí do na héachtaí mar aon leis an ábhar imní atá sa phobal. Bíonn Aifreann ar siúl gach lá agus tagann mic léinn, an fhoireann agus cuairteoirí chun coinneal a lasadh, paidir a rá, nó suaimhneas a fháil agus scíth a thógáil ó champas gnóthach.