Tour

Cuairt Scoile a chur in áirithe

Tá trí Oifigeach Idirchaidrimh le Scoileanna ag OÉ Gaillimh atá lonnaithe sna réigiúin seo a leanas:

  • Iarthuaisceart/Tuaisceart Éireann
  • Iarthar/Iardheisceart
  • Oirthear/Oirdheisceart

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na hOifigigh Idirchaidrimh le Scoileanna agus a gcuid sonraí teagmhála, téigh chuig an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’.

Más mian leat fiosrúchán ginearálta a dhéanamh faoi chuairt a thabhairt ar do scoil, bheadh an Comhordaitheoir Idirchaidrimh le Scoileanna, atá lonnaithe ar an gcampas in OÉ Gaillimh, breá sásta do chuid ceisteanna a fhreagairt. 

Cainteanna ar Ábhair ar leith

Más mian leat caint faoi ábhar ar leith a eagrú i do scoil, is féidir leis an gComhordaitheoir Idirchaidrimh le Scoileanna insint duit faoi na cainteanna atá ar fáil agus comhordú leis na ranna acadúla ábhartha ar do shon. Tá Cainteanna ar Ábhair ar leith ar fáil faoi láthair sna réimsí ábhair seo a leanas:

  • Coláiste an Ghnó
  • Coláiste an Dlí
  • Coláiste na hInnealtóireachta & TF
  • Coláiste na hEolaíochta
  • Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta & an Léinn Cheiltigh 

Déan teagmháil linn

Campas OÉ Gaillimh

Iarratas ar Chuairt Coláiste. 
r: caohub@nuigalway.ie

Coláiste Ósta na Sionna

Is Coláiste de chuid OÉ Gaillimh é Coláiste Ósta na Sionna. Chun cuairt scoile a shocrú ó Choláiste na Sionna, déan teagmháil le:
Sarah O’Mahony
Oifigeach Idirchaidrimh le Scoileanna
t: 061 712578 or 083 3131555
r: sarah.omahony@nuigalway.ie