Leagan Béarla - English version

"Aithnítear in Ollscoil na Gaillimhe an ról ríthábhachtach a bhíonn ag Múinteoirí Gairmthreorach maidir le tacú le lucht fágála scoile agus le daltaí eile dul ar aghaidh chuig staidéar ag an tríú leibhéal. Tá sé mar aidhm ag an bhfoireann Earcaíochta agus For-rochtana Mac Léinn eolas soiléir, cruinn agus cothrom le dáta a sholáthar do Mhúinteoirí Gairmthreorach, féilire bliantúil d’imeachtaí earcaíochta spreagúla a chur ar fáil, cuid acu a bheidh ar siúl ar líne, agus clár idirchaidrimh ar ardchaighdeán a chur ar fáil do scoileanna. Tá mo chomhghleacaithe agus mé féin ag tnúth le tacú leat agus le haiseolas a fháil uait le linn na bliana acadúla 2022/2023.Sarah Geraghty – Stiúrthóir Earcaíochta Mac Léinn agus For-rochtana

ACMHAINNÍ DO DHALTAÍ NA HARDTEISTIMÉIREACHTA, AN 5Ú BLIAIN AGUS NA HIDIRBHLIANA

1. Daltaí na hArdteistiméireachta

In Ollscoil na Gaillimhe ba mhaith linn tacaíocht a thabhairt do Dhaltaí na hArdteistiméireachta agus dá Múinteoirí Gairmthreorach bealach ar bith is féidir linn. Tugann ár bhFoireann Idirchaidrimh le Scoileanna tús áite do dhaltaí na hArdteistiméireachta sa chéad seimeastar agus tá an fhoireann ar fáil chun cainteanna ar an láthair agus cainteanna fíorúla a thabhairt. Ina theannta sin, is féidir linn cainteanna dírithe ar choláiste ar leith a thairiscint do dhaltaí na hArdteistiméireachta sna réimsí seo a leanas – Gnó, Dlí, Eolaíocht, Innealtóireacht agus na Dána. Is bealach iontach iad áLaethanta Oscailte chun cabhrú le daltaí an t-eolas a theastaíonn uathu a fháil chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir lena n-aistear oideachais agus gairme. Tá roinnt acmhainní físe agus podchraoltaí againn freisin a d’fhéadfadh a bheith tábhachtach do na daltaí seo.

2. Daltaí an 5ú Bliain

Tá ár bhFoireann Idirchaidrimh le Scoileanna ar fáil chun cainteanna a thabhairt do ranganna réamh-Ardteistiméireachta.  Tosaíonn na cainteanna seo de ghnáth i mí Eanáir gach bliain. Molaimid do dhaltaí réamh-Ardteistiméireachta freisin freastal ar ár Laethanta Oscailte agus úsáid a bhaint as na hacmhainní faisnéise ar ár láithreán gréasáin lena n-áirítear cainteanna faoi chúrsaí agus coláistí chomh maith lenár Sraith Podchraoltaí Students Voice. Is ann don eolas seo chun cabhrú le daltaí agus iad ag fiosrú faoi roghanna gairme agus breisoideachais.

3. Daltaí na hIdirbhliana Tugann an Idirbhliain am agus spás do dhaltaí chun a gcuid roghanna oideachais agus gairme amach anseo a mheas. Tacaíonn Ollscoil na Gaillimhe le daltaí na hIdirbhliana agus lena gcuid múinteoirí trí Laethanta Eolais do lucht na hIdirbhliana a eagrú go bliantúil. Gach earrach, eagraímid seachtain iomlán de chainteanna lenár gceithre choláiste ar féidir le daltaí cláraithe freastal orthu. Breathnaigh ar chlár cainteanna na bliana seo caite anseo. Tá an Fhoireann Idirchaidrimh le Scoileanna ar fáil chun cainteanna a thabhairt do ranganna na hIdirbhliana maidir le hábhair Ardteistiméireachta a roghnú do chúrsaí Ollscoil na Gaillimhe. Is féidir na cainteanna seo a chur in áirithe ó mhí Feabhra gach bliain.

 

Naisc  Úsáideacha

 Chun Réamheolaire Fochéime a ordú Cliceáil Anseo

Downloads

  • University of Galway Undergraduate Prospectus 2023

    University of Galway Undergraduate Prospectus 2023 PDF (8.4 MB)

  • Quick Guide to Courses 2023

    Quick Guide to Courses 2023 PDF (697 KB)

  • A Level Guide 2023

    A Level Guide 2023 pdf (352 KB)

  • Junior Prospectus 2019

    Junior Prospectus 2019 PDF (20.8 MB)