-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose NUI Galway as their University of choice. Find out what life at NUI Galway is all about here.
-
About NUI Galway
About NUI Galway
Since 1845, NUI Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
NUI Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
NUI Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at NUI Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at NUI Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni, Friends & Supporters
Alumni, Friends & Supporters
There are over 90,000 NUI Galway graduates Worldwide, connect with us and tap into the online community.
-
Community Engagement
Community Engagement
At NUI Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí (Teastas Iarchéime)
Course Overview
Tá an teastas iarchéime 30 ECTS seo á thairiscint go páirtaimseartha do mhúinteoirí cáilithe ar mhian leo cur lena scileanna teanga agus ardchumas cruinnis a bhaint amach. Tá sé oiriúnach do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile, do mhúinteoirí Gaeilge agus do mhúinteoirí atá ag teagasc ábhair trí Ghaeilge i ngaelscoileanna, i ngaelcholáistí agus i scoileanna Gaeltachta.
Baintear úsáid as teicneolaíocht foghlama agus modh seachadta a éascóidh rannpháirtíocht sa chlár léinn seo agus bíonn gach deis ag mic léinn an chláir a gcuid foghlama féin a bhainistiú ina gcuid ama féin. Is é comhsprioc an chúrsa go mbeidh an múinteoir ábalta straitéisí sealbhaithe agus saibhrithe teanga a fheidhmiú sa rang.
Applications and Selections
Is gá d’iarrthóirí Stiúrthóir Acadúil an chúrsa a shásamh go bhfuil cumas dóthanach acu sa Ghaeilge chun tabhairt faoin gcúrsa. Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne.
Who Teaches this Course
- Lisa Ní Fhlatharta (BA, MA, Dioplóma Iarchéime i dTeagasc na Gaeilge do Dhaoine Fásta)
- Belinda McHale (BA, MA, Postgraduate Certificate in Teaching & Learning)
- Odí Ní Chéilleachair (BA, MA, Dioplóma Iarchéime sa Oideachas)
- Séamus Ó Coileáin (BA, MA)
- Eoin Ó Droighneáin (BA, MA)
- An Dr Dorothy Ní Uigín (BA, MA (Gaeilge), MA (Literature & Publishing), MA (Academic Practice), PhD (Gaeilge)
Requirements and Assessment
Key Facts
Entry Requirements
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil bunchéim 2.2 ag Leibhéal 8 acu san oideachas nó iarchéim ag Leibhéal 9 san oideachas, nó iarrthóirí atá ag tabhairt faoi iarchéim san oideachas. (Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu san earnáil oideachais iarratas a dhéanamh faoi chóras na hOllscoile d’Aitheantas don Réamhfhoghlaim [RPL]).
Additional Requirements
Duration
2 bhliain, páirtaimseartha
Next start date
Meán Fómhair 2020
A Level Grades ()
Average intake
20
QQI/FET FETAC Entry Routes
Closing Date
Moltar iarratas a dhéanamh go luath ag súil le tairiscint luath. Tuilleadh eolais anseo.
NFQ level
Mode of study
ECTS weighting
20
Award
CAO
Course code
1TAG1
Course Outline
Bliain 1:
Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha I
An tAistriúchán & Téarmaíocht an tSeomra Ranga
Bliain 2:
Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha II
Tionscadal
Ach an clár seo a bheith curtha díobh ag na rannpháirtithe, beidh ar a gcumas:
- scileanna éagsúla teanga agus litearthachta a shaothrú a fhónfaidh suíomhanna oideachais ina mbeidh ardchumas Gaeilge ag teastáil;
- sainscileanna aistriúcháin a shaothrú le cur ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach sa seomra ranga;
- bonn anailíse agus léargais a chothú a bheidh ina chrann taca do mhúinteoirí atá ag iarraidh acmhainní foghlama Gaeilge a chruthú chomh maith le straitéisí feasachta agus saibhrithe teanga a fhorbairt.
Déanfar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn na foghlama cumaisc trí mhodúil an chúrsa a sheachadadh ar líne. Beidh ceardlanna míosúla ar siúl ar champas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin. Beidh deis ag rannpháirtithe an clár a chríochnú thar dhá bhliain acadúla nó modúil aonair den chúrsa a ghlacadh in imeacht roinnt blianta agus iad a chur i dtreo na cáilíochta iomláine. (Ní mór d’iarrthóirí ríomhaire agus ceangal leathanbhanda a bheith acu chun páirt a ghlacadh sa chúrsa seo.)
Beidh measúnuithe leanúnach agus scrúdúithe le suí ag na mic léinn.
Curriculum Information
Curriculum information relates to the current academic year (in most cases).Course and module offerings and details may be subject to change.
Glossary of Terms
- Credits
- You must earn a defined number of credits (aka ECTS) to complete each year of your course. You do this by taking all of its required modules as well as the correct number of optional modules to obtain that year's total number of credits.
- Module
- An examinable portion of a subject or course, for which you attend lectures and/or tutorials and carry out assignments. E.g. Algebra and Calculus could be modules within the subject Mathematics. Each module has a unique module code eg. MA140.
- Optional
- A module you may choose to study.
- Required
- A module that you must study if you choose this course (or subject).
- Semester
- Most courses have 2 semesters (aka terms) per year.
Year 1 (15 Credits)
Required GA5101: Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha 1
GA5101: Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha 1
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Is í aidhm an mhodúil seo scileanna teanga a roinnt leis na mic léinn ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú go héifeachtach agus le hardcruinneas teanga sa seomra ranga Gaeilge / trí Ghaeilge. Díreoidh an modúl ar struchtúr agus ar chruinneas na teanga, idir labhairt agus scríobh ar bhealach céimnithe, praiticiúil agus ábhartha. Leagfar béim ar thábhacht an fhéinmhachnaimh agus an cheartúcháin sa mhodúl
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Leas a bhaint as foinsí agus acmhainní Gaeilge a chuirfidh barr feabhais ar an gcruinneas scríofa.
- Scileanna éagsúla teanga agus litearthachta a shaothrú a fhónfaidh suíomhanna oideachais ina mbeidh ardchumas Gaeilge ag teastáil.
- Stór focal agus líofacht a léiriú agus iad i mbun oibre sa seomra ranga.
- Tabhairt faoi thascanna scríofa agus labhartha a bhaineann le cúrsaí oideachais agus anailís mhachnamhach a dhéanamh orthu.
- Tabhairt go muiníneach faoin bhféincheartúchán.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (40%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (30%)
- Department-based Assessment (30%)
Module Director
- FIONA NÍ CHUALÁIN: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- ODHARNAIT NI CHEILLEACHAIR: Research Profile
- FIONA NÍ CHUALÁIN: Research Profile
- GEARÓID Ó CADHAIN: Research Profile
- LISA NI FHLATHARTA: Research Profile
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile
- BELINDA MCHALE: Research Profile
Reading List
- "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Mac Congáil, N.
Publisher: Cló Iar-Chonnacht - "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
Publisher: Cois Life - "Gramadach Gan Stró" by Ó Dónaill, É.
Publisher: Gaelchultúr
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required GA5102: Aistriúchán agus Téarmaíocht an tSeomra Ranga
GA5102: Aistriúchán agus Téarmaíocht an tSeomra Ranga
Semester 2 | Credits: 5
Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a chumasú ionas go mbeidh siad in ann áiseanna téarmaíochta agus foclóireachta na Gaeilge a láimhseáil go héifeachtach agus scileanna aistriúcháin a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann téacsanna Gaeilge atá oiriúnach don chóras bunscolaíochta agus meánscolaíochta a ullmhú.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Cuntas a thabhairt ar an gcaoi a ndéantar nuathéarmaí na Gaeilge a cheapadh agus a scaipeadh.
- Leas a bhaint as foinsí agus acmhainní téarmaíochta agus foclóireachta na Gaeilge.
- Scagadh a dhéanamh ar straitéisí aistriúcháin a bhaineann le hábhar scoile.
- Leas a bhaint as scileanna aistriúcháin chun téacsanna Gaeilge atá oiriúnach don chóras bunscolaíochta agus meánscolaíochta a ullmhú.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (100%)
Module Director
- AINE NIC NIALLAIS: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- ODHARNAIT NI CHEILLEACHAIR: Research Profile
- AINE NIC NIALLAIS: Research Profile
- FIONA NÍ CHUALÁIN: Research Profile
- LISA NI FHLATHARTA: Research Profile
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile
Reading List
- "Cuir Gaeilge Air" by Mac Lochlainn, A.
Publisher: Cois Life Teoranta - "Ó Bhéarla go Gaeilge" by Mac Lochlainn, A.
Publisher: Cois Life - "Ár dTéarmaí Féin" by Ní Ghallchobhair, F.
Publisher: Cois Life - "Aistrigh Leat" by Ó Ruairc, M.
Publisher: Cois Life Teoranta
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Year 2 (15 Credits)
Required GA6101: Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha 2
GA6101: Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha 2
Semester 1 | Credits: 5
Is í aidhm an mhodúil seo cur leis na scileanna teanga a shealbhaigh na mic léinn sa mhodúl Ardchruinneas Scríofa agus Labhartha 1 ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú go muiníneach agus le hardcruinneas teanga sa seomra ranga Gaeilge / trí Ghaeilge.
Beifear ag súil go mbainfidh na mic léinn barr feabhais amach i gcruinnscríobh agus i labhairt na Gaeilge. Leanfar de na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir na teanga agus i gceartúsáid na teanga sa scríobh agus ó bhéal.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Dul i ngleic leis na dúshláin agus na cúinsí faoi leith a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga labhartha i gcomhthéacs an tseomra ranga.
- Dul i ngleic leis na dúshláin agus na cúinsí faoi leith a bhaineann leis an nGaeilge mar theanga scríofa i gcomhthéacs an tseomra ranga.
- Anailís a dhéanamh ar éagsúlacht chanúnach na Gaeilge i gcomhthéacs cheartscríobh agus labhairt na Gaeilge
- Féinmheasúnú a dhéanamh ar a ndul chun cinn sa phróiseas foghlama teanga.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Continuous Assessment (20%)
- Oral, Audio Visual or Practical Assessment (40%)
- Department-based Assessment (40%)
Module Director
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- ODHARNAIT NI CHEILLEACHAIR: Research Profile
- FIONA NÍ CHUALÁIN: Research Profile
- LISA NI FHLATHARTA: Research Profile
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile
Reading List
- "Leabhar Gramadaí Gaeilge" by Mac Congáil, N.
Publisher: Cló Iar-Chonnacht - "Cruinnscríobh na Gaeilge" by Mac Murchaidh, C.
Publisher: Cois Life - "Gramadach Gan Stró" by Ó Dónaill, É.
Publisher: Gaelchultúr
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Required GA6102: Tionscadal
GA6102: Tionscadal
Semester 1 and Semester 2 | Credits: 10
Is é aidhm an mhodúil seo na mic léinn a spreagadh le feidhmiú as a stuaim féin chun taighde a dhéanamh go neamhspleách agus ar chaighdeán gairmiúil. Tabharfaidh na mic léinn faoi thionscadal taighde i réimse an Ghaeloideachais ina n-áirítear gníomhthaighde, aistriúchán nó cruthú ábhar teagaisc.
(Language of instruction: Irish)
Learning Outcomes
- Acmhainní foghlama don Ghaeloideachas a chruthú chomh maith le straitéisí feasachta agus saibhrithe teanga a fhorbairt.
- Tasc sainiúil taighde a phleanáil, a dhearadh agus a chur i gcrích agus a chur i láthair ar ardchaighdeán.
- Stíl thagartha acadúil a úsáid go cruinn agus go beacht.
- Scileanna cuardaigh/taighde ar bhunachair éagsúla a thabhairt chun cruinnis.
Assessments
This module's usual assessment procedures, outlined below, may be affected by COVID-19 countermeasures. Current students should check Blackboard for up-to-date assessment information.
- Research (100%)
Module Director
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile | Email
Lecturers / Tutors
- NIALL MAC UIDHILIN: Research Profile
- ODHARNAIT NI CHEILLEACHAIR: Research Profile
- AINE NIC NIALLAIS: Research Profile
- FIONA NÍ CHUALÁIN: Research Profile
- LISA NI FHLATHARTA: Research Profile
- DOROTHY NÍ UIGÍN: Research Profile
- BELINDA MCHALE: Research Profile
Reading List
- "Research Methods in Education" by Cohen, L., Manion, L., Morrison, K.
Publisher: Routledge
Note: Module offerings and details may be subject to change.
Why Choose This Course?
Career Opportunities
Rachaidh an cháilíocht bhreisoiliúna seo go mór chun tairbhe rannpháirtithe ina gcuid oibre reatha agus cuirfidh an cháilíocht go mór le hinfhostaitheacht chéimithe an chúrsa freisin.
Who’s Suited to This Course
Learning Outcomes
Work Placement
Study Abroad
Related Student Organisations
Course Fees
Fees: EU
Fees: Tuition
Fees: Student levy
Fees: Non EU
Find out More
An Dr Dorothy Ní Uigín
Riarthóir Theagasc na Gaeilge
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
T: +353 91 493 493
E: dorothy.niuigin@oegaillimh.ie