Baineann OÉ Gaillimh Gradam Cré-Umha Athena SWAN amach arís

Sep 08 2021 Posted: 13:43 IST

I bhfianaise an dul chun cinn atá déanta ar chomhionannas inscne táthar tar éis creidiúnú stádas Ghradaim Chré-Umha a dhéanamh ar ocht Scoil de chuid na hOllscoile.

Moladh OÉ Gaillimh as ucht bearta a rinneadh le dul chun cinn a dhéanamh ar ionadaíocht na mban ag gráid acadúla shinsearacha, go háirithe róil Léachtóirí Sinsearacha agus róil Ollamh Pearsanta.

 

Tá Gradam Cré-Umha Athena SWAN athnuaite bainte amach ag OÉ Gaillimh i bhfianaise dul chun cinn leanúnach na hOllscoile ar chomhionannas inscne.

Caitheann athnuachan an ghradaim léas ar na réimsí tionscnamh atá á ndéanamh san Ollscoil ó 2016/2017, lena n-áirítear feabhas ar ionadaíocht na mban i róil acadúla shinsearacha.

Tá ardú ó 35% in 2016/17 go 47% in 2020/21 tagtha ar chéatadán na gcomhaltaí foirne mná in OÉ Gaillimh a bhfuil ról an Léachtóra Shinsearaigh acu.

Tá ardú ó 16% go 28% tagtha ar chéatadán na gcomhaltaí foirne mná san Ollscoil a bhfuil ról an Ollaimh Phearsanta acu i gcaitheamh na tréimhse céanna.

Bronnadh stádas an Ghradaim Chré-Umha ar chúig cinn de Scoileanna OÉ Gaillimh sa bhabhta gradam is déanaí chomh maith, rud a dhéanann go bhfuil ocht ngradam scoile san iomlán bainte amach go dtí seo.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le mo chomhghleacaithe in OÉ Gaillimh agus i ngach ceann de na scoileanna faoi Ghradaim Chré-Umha Athena SWAN a bhaint amach.

Agus clár na ngradam ‘lomtha’ againn i mbliana, i riocht agus gur éirigh le gach iarratas, is léiriú paiteanta é ar obair agus ar thiomantas iontach na ndaoine siúd a bhí páirteach iontu.

“Tá an-lúchair orm go bhfuil a stádas Gradam cré-umha bainte amach an athuair ag OÉ Gaillimh, ar aitheantas follasach é do thiomantas na hOllscoile don chomhionannas a chur chun cinn i measc gach comhalta foirne agus gach mac léinn dár gcuid i gcomhréir lenár luachanna mar atá oscailteacht agus meas.

“Tugaim suntas go háirithe don mholadh sainiúil, agus cuirim fáilte roimhe, a thug an painéal dár bpróiseas arduithe céime acadúla agus an ‘tionchar dearfach’ a bhí aige go dtí seo maidir le hionadaíocht inscne de. Níl an obair seo críochnaithe go fóill agus luíonn an fhreagracht orainn ar fad.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoife Cooke, Ceannasaí Comhdheiseanna: “Is ugach mór é rath ár Scoileanna sa bhabhta gradaim le deireanas mar go dtugann sé fianaise le leabú an chomhionannais, na héagsúlachta, agus an chuimsithe inár gcultúr agus tugann sé aghaidh ar na dúshláin chomhionannais éagsúla augs na tosaíochtaí forbartha inár bpobail.”

Tá athnuachan ar Ghradam Cré-Umha Athena SWAN bainte amach ag Scoil an Leighis freisin. Tá dul chun suntasach déanta inti maidir le mná i ngráid acadúla shinsearacha, lena n-áirítear méadú ar chéatadán na mban i róil Léachtóirí Sinsearach ó 33% in 2016/17 go 47% in 2020/21; agus méadú ar chéatadán na mban i róil Ollamh Pearsanta ó 8% in 2016/17 go 28% in 2020/21.

Bronnadh na Gradaim Chré-Umha eile ar iarratasóirí céaduaire – Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha, Scoil na Síceolaíochta, Scoil na Ceimice, agus Scoil na Matamaitice, Staitisticí agus Matamaitice Feidhmí.

Bhain Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais OÉ Gaillimh Gradam Cré-umha amach in Aibreán 2021. Bhain Scoil na Fisice agus Scoil an Ghnó Gradaim Chré-umha amach in 2020.

Is creat creidiúnaithe í Cairt Athena SWAN a mbaintear úsáid aisti ar fud an domhain le tacú le comhionannas inscne san ardoideachas agus sa taighde mar aon lena chlaochlú. Seoladh Athena SWAN in Éirinn sa bhliain 2015.

Críoch

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories