New rankings place NUI Galway in top 1% of universities in the world

NUI Galway Quadrangle by night. Photo: Nevan McCartin
Jun 08 2017 Posted: 09:37 IST

NUI Galway Continues its Rise in Global Rankings

NUI Galway has climbed six places in the QS World University Ranking 2017/2018, to reach 243 in the world. This is the fifth successive year the University has risen in the international rankings, consolidating its position among the world’s elite educational institutions. It now ranks amongst the top 1% of universities in the world.

Speaking on the continued success, President of NUI Galway, Dr Jim Browne said:

“We are on the edge of the Atlantic but our outlook is global. The news today is further acknowledgement of the developments in teaching and research that have taken place at this University in recent years. The hard work, commitment and ambition of our staff and students has led to our continued to rise in global rankings, and we are pleased to see the impact in international recognition and in student interest, with a 10% increase in CAO applications this year. Amidst speculation on the impact of Brexit on Irish institutions, we’ve seen an 11% increase on applications from Northern Ireland and Great Britain this year.”

President Browne added: “What’s particularly heartening is that the rankings highlight our student focus and the international excellence on our campus, with the highest ratings allocated to the internationality of our faculty students. While no ranking system can truly assess the value of a university, we know that rankings are important to our graduates as they progress in their careers internationally, as well as raising the profile of NUI Galway on a global stage”

NUI Galway Highlights of the 2016/2017 academic year:

Research Impact

  • NUI Galway has secured €38m in funding from Horizon 2020, the EU Research and Innovation Programme.  NUI Galway’s research community has been successful in attracting €4m through other European programmes, including INTERREG, Erasmus and ESA; bringing the total awards under the current cycle of European funding (2014-20) to just over €42m.
  • NUI Galway is home to approximately 600 researchers, and advances during the year covered areas as diverse as new robotic devices to help failing hearts, mathematical equations that can make Batman’s cape a reality, community based research on quality of life in Irish cities and arsenic contamination in groundwater.

Teaching

  • In November 2016, four NUI Galway staff members, Professor Henry Curran, Professor Colin O'Dowd, Professor Donal O'Regan and Dr Ronan Sulpice were named among the World’s Most Highly Cited Researchers in an international analysis carried out by Clarivite.
  • December 2016 saw the completion of a major investment by NUI Galway in clinical training across the West/North West region with a new Medical Academy in Donegal coming on stream joining academies in Mayo and Sligo.
  • Two members of staff were awarded National Teaching and Learning Awards for the student engagement initiative Breaking the SEAL – breaking down the barriers for secondary school students to academia - Barry Houlihan, from the James Hardiman Library and Paul Flynn, from the School of Education. Jerome Sheahan, Mathematics, was recognised also with a National Teaching Hero Award.

Campus Developments

  • In April 2017, President of Ireland, Michael D. Higgins officially opened the O’Donoghue Centre for Drama, Theatre and Performance. The Centre includes a 120-seate theatre space with retractable tiered seating and LED stage lighting, the first of its kind in Ireland.
  • In September 2016 the SFI CÚRAM Centre for Research in Medical Devices was officially launched, the €49million centre enhances our reputation as a global hub for medtech.

This year’s QS table provides the definitive guide to the world’s 959 top universities. Massachusetts Institute of Technology is named the world’s leading university for a record sixth consecutive year.

The full table of rankings can be viewed here: www.TopUniversities.com.

 ENDS

 

Ardú arís ar sheasamh OÉ Gaillimh sna Ranguithe Domhanda

Tá OÉ Gaillimh i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna an domhain de réir na ranguithe nua

 

Tá ardú sé cinn d’áiteanna ar OÉ Gaillimh i Ranguithe Ollscoile Domhanda QS 2017/2018, rud a fhágann go bhfuil sé anois sa 243ú háit. Seo é an cúigiú bliain as a chéile a bhfuil ardú tagtha ar an Ollscoil sna ranguithe idirnáisiúnta, agus a háit á daingniú aici i measc shárinstitiúidí oideachais an domhain. Tá sí i measc an 1% is fearr d’ollscoileanna an domhain anois.

Ag labhairt dó ar an rath leanúnach, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne:

“Táimid ar imeall an Atlantaigh ach tá dearcadh domhanda againn.  Is aitheantas breise é nuacht an lae inniu ar na forbairtí atá tagtha ar theagasc agus ar thaighde san Ollscoil seo le blianta beaga anuas.  Is mar thoradh ar dhúthracht, ar thiomantas agus ar uaillmhian ár gcomhaltaí foirne go bhfuil an t-ardú breise seo tagtha ar an rangú domhanda, ach is cúis áthais dúinn go mbíonn tionchar aige ar aitheantas idirnáisiúnta agus ar spéis na mac léinn, tá ardú 10% ar líon na n-iarratas chun na Lár-Oifige Iontrála i mbliana.   In ainneoin na tuairimíochta ar fad faoi thionchar an Bhreatimeachta ar institiúidí na hÉireann, tá méadú 11% ar líon na n-iarratas ó Thuaisceart Éireann agus ón mBreatain Mhór i mbliana.”

Anuas ar an méid sin, dúirt an tUachtarán Browne: “Is mór an tógáil croí go dtarraingíonn na ranguithe aird ar ár bhfócas ar na mic léinn agus ar fheabhas idirnáisiúnta ár gcampais, leis an rátáil is airde ar a ilnáisiúnta agus atá ár mic léinn dáimhe. “Cé nach féidir le córas rangaithe ar bith luach ollscoile a mheas, tuigimid go bhfuil ranguithe tábhachtach dár gcuid céimithe agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh ina ngairmeacha beatha ar fud an domhain, agus go bhfuil siad tábhachtach chomh maith maidir le cur le próifíl OÉ Gaillimh go hidirnáisiúnta.”

Éachtaí OÉ Gaillimh i mbliain acadúil 2016/2017:

Tionchar Taighde

  • Tá maoiniú €38 milliún faighte ag OÉ Gaillimh ón gclár Fís 2020, Clár Taighde agus Nuálaíochta an AE.  D’éirigh le pobal taighde OÉ Gaillimh €4 mhilliún a mhealladh trí chláir Eorpacha eile, ar a n-áirítear INTERREG, Erasmus agus ESA; méadaíonn sé seo líon na ngradam faoi thimthriall reatha an mhaoinithe Eorpaigh (2014-20) go dtí beagán le cois €42 milliún.
  • Tá tuairim is 600 taighdeoir i mbun staidéir in OÉ Gaillimh, agus cuimsíonn na forbairtí a rinneadh le bliain anuas réimsí chomh héagsúil lena chéile agus atá gairis róbatacha chun cabhrú le croíthe fabhtacha, cothromóidí matamaiticiúla a d’fhéadfadh cába Batman a thabhairt ar an bhfód, taighde pobalbhunaithe ar chaighdeán saoil i gcathracha na hÉireann agus éilliú arsanaice i screamhuisce.

Teagasc

  • I mí na Samhna 2016, ainmníodh ceathrar comhaltaí foirne, an tOllamh Henry Curran, an tOllamh Colin O’Dowd, an tOllamh Donal O’Regan agus an Dr Ronan Sulpice i measc na dTaighdeoirí is Minice a dTagraítear dóibh ar Domhan in anailís idirnáisiúnta a rinne Clarivite.
  • I mí na Nollag 2016, cuireadh bailchríoch ar infheistíocht mhór de chuid OÉ Gaillimh in oiliúint chliniciúil ar fud Réigiún an Iarthair/an Iarthuaiscirt nuair a tháinig Acadamh Leighis nua ar an bhfód i nDún na nGall agus é i dteannta na n-acadamh i Maigh Eo agus i Sligeach.
  • Bronnadh Gradaim Náisiúnta an Teagaisc agus na Foghlama ar bheirt chomhaltaí foirne don tionscnamh rannpháirtíochta mac léinn Breaking the SEAL – ag briseadh síos na laincisí do dhaltaí meánscoile maidir leis an saol acadúil - Barry Houlihan, ó Leabharlann Shéamais Uí Argadáin agus Paul Flynn, ó Scoil an Oideachais. Tugadh aitheantas do Jerome Sheahan, Roinn na Matamaitice, freisin nuair a bronnadh an Gradam do Laoch Teagaisc air.

Forbairtí ar an gCampas

  • I mí Aibreáin 2017, rinne Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn, Ionad Uí Dhonnchadha don Drámaíocht, an Amharclannaíocht agus an Taibhléiriú a oscailt go hoifigiúil. Tá an tIonad seo ar an gcéad cheann dá shamhail in Éirinn áit a bhfuil soilsiú stáitse LED mar aon le spás suí do 120 duine san amharclann ar shuíocháin a thig a tharraingt siar.
  • I mí Mheán Fómhair 2017, rinneadh CÚRAM, an tIonad Taighde d'Fheistí Leighis de chuid SFI a sheoladh go hoifigiúil; cuireann an t-ionad ar fiú €49 milliún é lenár stádas mar mhol domhanda maidir le teicneolaíocht leighis.

Is i dtábla QS na bliana seo atá an treoir dheifnídeach ar an 959 ollscoil is fearr ar domhan.  Ainmníodh Massachusetts Institute of Technology mar an ollscoil is fearr ar domhan don séú bliain as a chéile, rud atá ina churiarracht.

Is féidir an tábla rangaithe iomlán a fheiceáil ach brú ar an nasc seo a leanas:  www.TopUniversities.com.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories