Sarah Ghriallais appointed as Sean-Nós Singer-in-Residence at NUI Galway

Sarah Ghriallas, the 2017 Sean-nós Singer-in-Residence at NUI Galway
Jan 31 2017 Posted: 12:08 GMT

NUI Galway’s Centre for Irish Studies has announced Sarah Ghriallas as the Sean-nós Singer-in-Residence for 2017.

Originally from Muiceanach, Co. Galway, Sarah has long been acknowledged as a sean-nós singer of exceptional talent, winning the coveted Corn Uí Riada award at the Oireachtas for the first time in 1984. That same prize has also been taken home by her son Michael, her sisters Nóra and Nan, and her niece Celia Ní Fhátharta. Sarah’s was a household full of singing and music-making and she credits her parents, Pádraig and Máire, and her wider family for instilling her first love of singing. Some of the songs which are most associated with Sarah include ‘Sagart na Cúile Báine’, Condae Mhaigh Eo’, ‘Táilliúir an Mhagaidh’ agus ‘Eileanóir na Rún’.

To begin her residency, Sarah will give a series of five sean-nós singing workshops at the Centre for Irish Studies, NUI Galway, beginning on Wednesday, 8 February at 7pm. Workshops are free and open to all.

This scheme is run with support from Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon and the Centre for Irish Studies, NUI Galway.

For further information contact Samantha Williams in the Centre for Irish Studies at 091 492051 or Samantha.williams@nuigalway.ie.

-Ends-

Sarah Ghriallais Ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh

Is cúis mhór áthais é d’Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh go bhfuil Sarah Ghriallais ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Is duine de chlann Ghriallais as Muiceanach-idir-Dhá-Sháile í Sarah Ghriallais a bhfuil cáil na hamhránaíochta sean-nóis uirthi le blianta fada. Ocht n-uaire ar fad atá Corn Uí Riada buaite ag na Griallaiseacha, idir Sarah, a mac Michael, a cuid deirfiúracha Nóra agus Nan agus a neacht Celia Ní Fhátharta. Is sa mbliain 1984 a thug Sarah féin léi duais mhór an Oireachtais, Corn Uí Riada. Is óna hathair, Pádraig Ghriallais, agus a máthair, Máire, a phioc Sarah suas na hamhráin an chéad lá riamh. Baile an-cheolmhar a bhí i Muiceanach ina hóige, dar le Sarah, le bosca ceoil i ngach teach agus bhí na damhsóirí ar an sean-nós chomh fairsing ann is a bhí na hamhránaithe ag an am. Is iad na hamhráin is mó a chasann agus a thaitníonn le Sarah ná ‘Sagart na Cúile Báine’, Condae Mhaigh Eo’, ‘Táilliúir an Mhagaidh’ agus ‘Eileanóir na Rún’.

Beidh sraith ceardlann á reachtáil ag Sarah san Ollscoil agus in áiteanna eile san Earrach agus arís sa bhFómhar agus beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aici don gcartlann sean-nóis atá á cur le chéile le blianta beaga anuas ag Ionad an Léinn Éireannaigh.

Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne, Dé Céadaoin, 8Feabhra, ag 7pm. Tá na ceardlanna saor in aisce agus fáilte roimh daoine a bhfuil spéis acu san amhránaíocht.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams, Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, ag 091 492051 nó Samantha.williams@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories