NUI Galway Increases Ranking Position in QS Subject Rankings

Mar 22 2016 Posted: 09:15 GMT

Academics and employers name the world’s top universities in 42 disciplines

NUI Galway has come out strong in the QS World University Rankings by Subject 2016, scoring in 35 subjects and achieving a ranking in 11 subjects, an improvement from 9 in 2015. NUI Galway now features amongst the world's elite institutions in 11 of the 42 subjects featured in this year's QS World University Rankings by Subject.

In the 11 subject areas, Medicine at NUI Galway has made it into the Top 200 and is now ranked third in the country. NUI Galway also makes the Top 200 in English Language & Literature, History and Earth & Marine Sciences. Seven more subject areas are ranked in the top 200-350 range. Domestically, NUI Galway performed well and is ranked second in Ireland in Earth & Marine Sciences and third nationally in English & Language Literature, History and Medicine.

Subject Rankings:
Earth & Marine Sciences (151-200), second in Ireland
English Language and Literature (151-200) third in Ireland
History (151-200), third in Ireland
Medicine (151-200), third in Ireland
Mathematics (301-350), third in Ireland
Computer Science & Info Systems (201-250)
Engineering - Electrical (251-300)
Biological Sciences (201-250)
Chemistry (251-300)
Education (201-250)
Environmental Sciences (251-300)

Dr Jim Browne, President of NUI Galway spoke of the significance of NUI Galway’s improvement in its ranking performance in 11 subject areas. “Across the globe our graduates attach great value to the fact that their alma mater features strongly in global rankings. This recognition enhances the employability of our graduates, by highlighting our academic reputation in specific subject areas. This is especially true of graduate recruitment across Asia and the US where Rankings are a relevant feature of job applications. The QS World University Rankings is one of the best regarded evaluations of higher education in the world. NUI Galway is consistently improving its position on this global platform which is testament to the developments in teaching and research that have taken place at our University in recent years. Just last week THE rankings placed us in the Top 200 ‘Best Universities in Europe 2016’ which is an affirmation of our focused approach to developing our international reputation in a select set of teaching and research areas. This sustained performance in a range of ranking metrics reaffirms that our position globally is on the rise.”

The sixth edition of the QS World University Rankings by Subject, released today on TopUniversities.com, features a record-breaking 42 disciplines making it the largest ever ranking of its kind.

The expert opinion of 76,798 academics and 44,426 employers informed the results, alongside the analysis of 28.5 million research papers and over 113 million citations sourced from the Scopus/Elsevier bibliometric database.

American universities dominate in terms of the number of subjects in which they lead, just as they do in all the global institutional rankings. Harvard and the Massachusetts Institute of Technology (MIT) continue to dominate, leading in 24 subjects between them. Each takes twelve leading positions.

More information on the QS World University Rankings is available at www.topuniversities.com/university-rankings.
ENDS

Dul chun cinn déanta ag OÉ Gaillimh i Ranguithe Ábhair QS

Ainmníonn acadóirí agus fostóirí na hollscoileanna is fearr ar domhan i 42 disciplín 

D'éirigh thar barr le OÉ Gaillimh i Ranguithe Ollscoile QS World an Domhain de réir Ábhair 2016, ag baint scór amach in 35 ábhar agus ranguithe in 11 ábhar, sin ardú ó naoi gcinn in 2015. Tá OÉ Gaillimh luaite ar na hinstitiúidí is fearr in 11 de na 42 ábhar atá faoi chaibidil i Ranguithe Ollscoile QS an Domhain de réir Ábhair:

Sna 11 réimse ábhair, bhain Leigheas in OÉ Gaillimh áit amach sa 200 is fearr ar domhan agus tá sé sa tríú háit sa tír anois. Bhain OÉ Gaillimh amach áit sa 200 is fearr i dTeanga agus i Litríocht an Bhéarla, Stair agus Eolaíochtaí Domhain agus Muirí. Bhain seacht réimse ábhair eile áit amach sa 200-350 is fearr. I gcomparáid leis na hollscoileanna eile in Éirinn, rinne OÉ Gaillimh go maith. Tháinig sí sa dara háit in Eolaíochtaí Domhain agus Muirí agus sa tríú háit i dTeanga & i Litríocht an Bhéarla, Stair agus Leigheas.

Ranguithe Ábhair:
Eolaíochtaí Domhain & Muirí (151-200), an dara háit in Éirinn

Teanga agus Litríocht an Bhéarla (151-200) tríú háit in Éirinn
Stair (151-200), tríú háit in Éirinn

Leigheas (151-200) tríú háit in Éirinn
Matamaitic (301-350), tríú háit in Éirinn

Eolaíocht Ríomhaireachta & Córais Faisnéise (201-250)
Innealtóireacht - Leictreach (251-300)
Na Bitheolaíochtaí (201-250)
Ceimic (251-300)
Oideachas (201-250)
Eolaíochtaí Comhshaoil (251-300)

Labhair an Dr Jim Browne, Uachtarán OÉ Gaillimh faoin dul chun cinn atá déanta ag OÉ Gaillimh sna ranguithe in 11 réimse ábhair. “Bíonn an-mheas ag ár gcéimithe ar fud an domhain ar a n-alma mater ag déanamh go maith sna ranguithe domhanda.  Tugann an t-aitheantas seo deiseanna fostaíochta níos fearr dár gcéimithe mar gheall ar an gcáil acadúil a bhaineann an Ollscoil amach i réimsí ábhair áirithe.  Tá sé seo fíor go mór mór i gcás earcaíocht na mac léinn san Áise agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar go mbíonn an-bhéim ar na Ranguithe in iarratais ar phoist. Tá Ranguithe Ollscoile QS an Domhain ar cheann de na measúnuithe ardoideachais is mó a bhfuil meas air ar domhan.  Tá OÉ Gaillimh ag déanamh dul chun cinn i gcónaí ar an ardán domhanda seo rud a léiríonn na forbairtí teagaisc agus taighde atá déanta ag an Ollscoil le blianta beaga anuas. Níl sé ach seachtain ó bhain an Ollscoil amach áit sa 200 ollscoil is fearr san Eoraip in 2016 i Ranguithe Ollscoile an Domhain de chuid Times Higher Education rud a léiríonn an chaoi a bhfuilimid ag iarraidh ár gcáil idirnáisiúnta a fhorbairt i réimsí an teagaisc agus an taighde.  Deimhníonn an dul chun cinn seo i meadarachtaí mar seo go bhfuil ár staid dhomhanda ag feabhsú leis.”

Is é seo an séú heagrán de Ranguithe Ollscoile QS World an Domhain de réir Ábhair, a foilsíodh inniu ar TopUniversities.com, tá 42 disciplín ann den chéad uair riamh, an rangú is mó riamh dá leithéid.

Cuireadh tuairim saineolaíoch 76,798 duine acadúil agus 44,426 fostóir san áireamh sna torthaí mar aon le hanailís ar 28.5 milliún páipéar taighde agus breis is 113 milliún tagairt as bunachar sonraí bibliméadrachta Scopus/Elsevier.

Is iad ollscoileanna Mheiriceá atá chun cinn ó thaobh líon na n-ábhar a bhfuil siad chun tosaigh iontu, agus is iad atá chun cinn sna ranguithe institiúide ar fad ar domhan. Is iad Harvard agus an Massachusetts Institute of Technology (MIT) atá chun cinn agus iad chun tosaigh in 24 ábhar eatarthu. Tá gach aon ollscoil chun cinn in dhá áit déag.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories