NUI Galway Announce 2016 Alumni Award Winners

Jan 28 2016 Posted: 12:08 GMT

NUI Galway has announced the winners of the 2016 Alumni Awards to be presented at the 16th annual Alumni Awards Gala Banquet on Saturday, 5 March, 2016 in the Bailey Allen Hall located in Áras na Mac Léinn on campus.

The Alumni Awards recognise individual excellence and achievements among the University’s more than 80,000 graduates worldwide. The Awards programme boasts an impressive roll call of outstanding graduates who have gone on to honour their alma mater, including, for example, President Michael D. Higgins, Olympian Olive Loughnane, Rugby great Ciarán FitzGerald, RTÉ broadcaster Sean O’Rourke, Attorney General Máire Whelan, former Creganna CEO, Helen Ryan, Tony Award-winning actress, Marie Mullen and broadcaster Gráinne Seoige.

The winners of the six alumni awards to be presented at Gala 2016:

Award for Arts, Literature and Celtic Studies - sponsored by AIB

 - Siobhán Ní Ghadhra, Owner/Producer at Danú Media.

Alumni Award for Business and Commerce – sponsored by Bank of Ireland

  -  Ruth Curran, Managing Partner in MERC Partners and Global Chair IIC Partners.

Alumni Award for Law, Public Policy and Government – sponsored by Galway University Foundation

  -  Dr Mathilda Twomey, Chief Justice of the Supreme Court of the Seychelles.

Alumni Award for Engineering, Science and Technology – sponsored by Aramark

 - Gearóid Faherty, Former CEO and Chairman of Eurand NV.

Alumni Award for Medicine, Nursing and Health Sciences – sponsored by Medtronic

 - Professor Joe Murray, Professor of Medicine and Consultant, Division of Gastroenterology and Hepatology, Mayo Clinic.

Alumni Award for Contribution to Sport – sponsored by Bank of Ireland

 - Dr Paul Hession, Olympic and world champion sprinter and junior doctor in Tallaght Hospital.                    

Speaking on the announcement of the Awards recipients, President of NUI Galway, Dr Jim Browne said: “Our Alumni Awards programme recognises the many Galway alumni who are leaders in their professions and excel in their pursuits at national and international levels. These awards celebrate the life-long value of an NUI Galway education and recognise individual achievements among the University’s more than 80,000 graduates worldwide. I congratulate each of the Award winners and look forward to welcoming them back to their alma mater for the Gala Banquet in March.”

For ticket and booking information contact the Alumni Office on 091 494310 or email alumni@nuigalway.ie. Online bookings at www.nuigalway.ie/alumni-friends

-Ends-

Buaiteoirí Ghradaim Alumni 2016 fógartha ag OÉ Gaillimh 

Tá buaiteoirí Ghradaim Alumni 2016 fógartha ag OÉ Gaillimh; bronnfar na gradaim ag an 16ú Mórfhéasta bliantúil de na Gradaim Alumni Dé Sathairn, an 5 Márta 2016 i Halla Bailey Allen atá suite in Áras na Mac Léinn ar an gcampas.

Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’fheabhas agus d’éachtaí cuid den 80,000 céimí atá ag an Ollscoil ar fud an domhain. Go dtí seo tá gradaim Alumni bronnta ar chéimithe den scoth – céimithe a bhfuil a n-alma mater fíorbhródúil astu, lena n-áirítear an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn, an tOilimpiach Olive Loughnane, an t-imreoir rugbaí Ciarán FitzGerald, an craoltóir le RTÉ Sean O’Rourke, an tArd-Aighne Máire Whelan, iar-Phríomhfheidhmeannach Creganna, Helen Ryan, an t-aisteoir a bhfuil gradam Tony bainte amach aici, Marie Mullen agus an craoltóir Gráinne Seoige.

Seo a leanas buaiteoirí na sé ghradam alumni a bhronnfar ag Mórfhéasta 2016:

Gradam Alumni do na Dána, an Litríocht agus an Léann Ceilteach - urraithe ag AIB

 - Siobhán Ní Ghadhra, Úinéir/Léiritheoir Danú Media.

Gradam Alumni don Ghnó agus don Tráchtáil – urraithe ag Banc na hÉireann

  -  Ruth Curran, Páirtí Bainistíochta in MERC Partners agus Cathaoirleach Domhanda ar IIC Partners.

Gradam Alumni don Dlí, an Beartas Poiblí agus an Rialtas – urraithe ag Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe

  -  An Príomh-Bhreitheamh Mathilda Twomey, Príomh-Bhreitheamh Chúirt Uachtarach Phoblacht na Séiséal.

Gradam Alumni don Innealtóireacht, an Eolaíocht agus an Teicneolaíocht – urraithe ag Aramark

 -Gearóid Faherty, Iar-Phríomhfheidhmeannach agus Cathaoirleach Eurand NV.

Gradam Alumni don Leigheas, an tAltranas agus na hEolaíochtaí Sláinte – urraithe ag Medtronic

 -An Dr Joe Murray, Ollamh le Leigheas agus Comhairleach, Rannóg na Gaistreintreolaíochta agus na Heipiteolaíochta, Mayo Clinic.

Gradam Alumni don Spórt – urraithe ag Banc na hÉireann

 - An Dr Paul Hession, Curadh Oilimpeach agus domhanda sa ráibeáil agus dochtúir sóisearach in Ospidéal Thamhlachta.            

Agus buaiteoirí na nGradam fógartha, dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Tugann na Gradaim Alumni aitheantas d’alumni na Gaillimhe atá ina gceannairí ina ngairmeacha agus atá ag déanamh gaisce ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Déanann na Gradaim seo ceiliúradh ar an luach fadsaoil a bhaineann leis an oideachas a fhaightear in OÉ Gaillimh agus tugann siad aitheantas do chéimithe a bhfuil éachtaí suntasacha bainte amach acu as breis is 80,000 céimí de chuid na hOllscoile atá lonnaithe ar fud na cruinne. Tréaslaím leis na buaiteoirí ar fad agus táim ag súil le fáilte a chur rompu ar ais chuig a n-alma mater don Mhórfhéasta i mí an Mhárta.”

Chun ticéid agus eolas faoi áirithintí a fháil téigh i dteagmháil leis an Oifig Alumni ar 091 49 4310 nó seol ríomhphost chuig alumni@nuigalway.ie. Áirithintí ar líne ar www.nuigalway.ie/alumni-friends

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories