NUI Galway First Year Hotline Open for First Year Students

Aug 15 2016 Posted: 09:27 IST

NUI Galway will once again open its dedicated First Year Student Hotline on Wednesday, 17 August. The hotline will be open to students and their parents/guardians and will run until Friday, 30 September, 2016.

With NUI Galway anticipating an intake of over 3,000 new students in September, a team of specially-trained staff and students will be on hand to answer any questions students and parents may have. The hotline will be available from Monday to Friday, 9am to 6pm, and on Saturday 20 and 27 August from 9am to 1pm. The availability of these services coincides with the period of frantic activity and decision making that immediately follows the release of the Leaving Certificate results.

The team will be on hand to deal with numerous issues that are of concern to incoming first year students, such as: points requirements for courses; first round offers; registering as a student of the University; start dates; fees and accommodation options.

Tara Leydon, Academic Records and Registration Officer at NUI Galway, says: “The next few weeks is a very exciting time for all Leaving Certificate students as the culmination of years’ of hard work come to fruition. The next step for many is the transition into third-level education which is a significant milestone, not only for the students themselves, but also for their families, and we at NUI Galway understand the impact of this change, especially for those entering into university for the first time. In order to help those who are deciding to embark upon a university degree programme, we will provide support, information and guidance through our First-Year Student Hotline, to answer any questions that individuals might have about any aspect of university life. We invite all students, parents and advisors to avail of this service to make the passage to NUI Galway as smooth as possible.”

Students, parents and advisers can contact the First Year Student Hotline at 091 493999 or visit http://www.nuigalway.ie/startinguniversity/ for up to date information.

-Ends-

Beolíne ar fáil do Mhic Léinn na Chéad Bhliana in OÉ Gaillimh 

Beidh Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar fáil arís i mbliana in OÉ Gaillimh ó Dé Céadaoin, an 17 Lúnasa ar aghaidh. Beidh mic léinn agus a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí in ann glaoch ar an mbeolíne go dtí Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair 2016.

Beidh os cionn 3,000 mac léinn nua ag tosú in OÉ Gaillimh i mí Mheán Fómhair agus beidh foireann oilte comhaltaí foirne agus mac léinn ar fáil chun ceist ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag na mic léinn nó ag a dtuismitheoirí a fhreagairt. Beidh an bheolíne ar fáil ó Luan go hAoine, ó 9am go dtí 6pm agus dhá Shatharn, an 20 Lúnasa, agus an 27 Lúnasa, ó 9am go dtí 6pm.  Beidh na seirbhísí seo ar fáil sa tréimhse chorraitheach sin ina mbíonn ar dhaltaí cinneadh a dhéanamh i ndiaidh dóibh torthaí na hArdteistiméireachta a fháil.

Beidh an fhoireann ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bheas ag déanamh imní do mhic léinn na chéad bliana, lena n-áirítear: na pointí a bheas riachtanach do chúrsaí ar leith; an chéad bhabhta tairiscintí; clárú mar mhac léinn san Ollscoil; dátaí tosaithe; táillí agus roghanna lóistín.

Seo a leanas an méid a bhí le rá ag Tara Leydon, Oifigeach na dTaifead Acadúil agus Clárúcháin, OÉ Gaillimh, faoin mbeolíne: "Tá athrú mór saoil i ndán do dhaltaí na hArdteistiméireachta agus beidh toradh a saothair acu anois i ndiaidh blianta a chaitheamh ag oibriú go crua. Is é an chéad chéim eile don chuid is mó acu an t-athrú ón dara leibhéal go dtí an tríú leibhéal. Is athrú mór é seo, ní hamháin dóibh féin ach dá dteaghlaigh chomh maith agus is maith a thuigimidne in OÉ Gaillimh an tionchar a bhíonn aige seo orthu, agus go háirithe orthu siúd atá ag tabhairt faoin ollscoil den chéad uair riamh. Chun cabhrú leo siúd a bheas ag tabhairt faoi chéim ollscoile, cuirfimid tacaíocht, eolas agus treoir ar fáil trí Bheolíne Mhic Léinn na Chéad Bliana, agus freagróimid aon cheist a bheas acu faoi shaol na hOllscoile. Tá fáilte roimh mhic léinn, tuismitheoirí agus a lucht comhairlithe úsáid a bhaint as an tseirbhís chun cuidiú leis an aistear chuig OÉ Gaillimh.”

Féadfaidh mic léinn, tuismitheoirí agus lucht comhairlithe teagmháil a dhéanamh le Beolíne Mhic Léinn na Chéad Bhliana ar 091 493999 nó dul go dtí http://www.nuigalway.ie/startinguniversity/ chun an t-eolas is deireanaí a fháil.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories