Roghanna Úra Do Léann Na Cumarsáide in OÉ Gaillimh

Oct 12 2015 Posted: 12:03 IST

Beidh dhá rogha úra ag mic léinn céim trí Ghaeilge i Léann na Cumarsáide a bhaint in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó Mheán Fómhair 2016. Cuirfear céim ainmnithe BA (Cumarsáid & Gaeilge) ar fáil, céim a bhféadfaí a bhaint in imeacht ceithre bliana; nó staidéar a dhéanamh ar Léann na Cumarsáide mar ábhar roghnach sa chéim ghinearálta sna Dána (GY101) in imeacht trí bliana.

Céim dhá ábhar a bheidh sa BA (Cumarsáid & Gaeilge) feasta, a chuirfidh le deiseanna fostaíochta chéimithe OÉ Gaillimh i dtionscail na meán agus in earnáil na Gaeilge.

Beidh blianta 1, 2, agus 4 den chéim seo ar siúl ar champas na hOllscoile i nGaillimh, agus beidh an tríú bliain (seimeastar Gaeltachta agus taithí oibre sna meáin) lonnaithe in Ionad na hOllscoile ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara. Beidh an clár á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhpháirt le Roinn na Gaeilge san Ollscoil.

An dara rogha a bheidh ag mic léinn ná Léann na Cumarsáide a roghnú mar ghnáthábhar sa BA (Dhá Onóracha) san Ollscoil (GY101), agus beidh teacht acu ar chuimse ábhar eile. Ina measc siúd tá Gaeilge, Béarla, Fraincis, Stair, Léann an Aistriúcháin, Iodáilis, Spáinnis, Teicneolaíocht na Faisnéise, Síceolaíocht agus Léann na Socheolaíochta agus na Polaitíochta.

Ag brath ar a gcuid torthaí sa chéad bhliain, beidh deis ag na mic léinn a roghnaíonn Léann na Cumarsáide aistriú sa dara bliain go dtí an chéim ainmnithe BA (Cumarsáid & Gaeilge), más maith leo. Den chéad uair beidh cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge ag céimithe an chúrsa ainmnithe nua a chuirfidh ar a gcumas dul le múinteoireacht freisin.

Cuirfear tús le Seimeastar Gaeltachta a thairiscint do mhic léinn OÉ Gaillimh i Meán Fómhair 2016. Beidh mic léinn an BComm le Gaeilge ag gabháil de chúrsa iomlán lánaimseartha seimeastair ar an gCeathrú Rua agus beidh socrúchán oibre teangabhunaithe acu ina dhiaidh sin in Earrach 2017. Tá sé i gceist go mbeidh suas le 150 mac léinn páirteach sa Seimeastar Gaeltachta in aghaidh na bliana in Ionaid na hOllscoile sa Ghaeltacht faoi 2020.

“Forbairt thráthúil é seo ar Léann na Cumarsáide in OÉ Gaillimh, agus cuideoidh meascán den iniúchadh acadúil agus den oiliúint phraiticiúil san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, sa chraoltóireacht, sna hilmheáin agus i réimse ábhar eile lenár gcuid mac léinn barrthaitneamh a thabhairt don chúrsa úr," a deir Riarthóir Léann na Cumarsáide, Uinsionn Mac Dubhghaill.

Dúirt Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: "Clár acadúil téagartha é seo a chuirfidh sároiliúint ar mhic léinn i Léann na Cumarsáide agus sa Ghaeilge. Beidh scoth na ndeiseanna fostaíochta acu dá bharr agus cuirfidh muid fáilte roimh mhic léinn a bhfuil spéis acu sa chruthaitheacht agus in ardscileanna teanga.” 


CRÍOCH

New Choices for Media Studies through Irish at NUI Galway

NUI Galway has announced two new choices for students wishing to study media through Irish at the University from September 2016. The BA (Cumarsáid & Gaeilge) is a dual-honours programme taught over four years, including work experience in media organisations and a Gaeltacht semester in third year, while students will also have the option of taking Léann na Cumarsáide (Communications Studies) as a choice on the general three-year arts degree.

The BA (Cumarsáid & Gaeilge) will enhance graduates’ employment opportunities in the growing media and Irish-language sector. Years 1, 2 and 4 will take place on the main campus in Galway, while third year (work experience in the media and Gaeltacht semester) is based at NUI Galway’s Gaeltacht campus in An Cheathrú Rua, Co. Galway. It is being offered by Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in conjunction with the University’s Irish Department.

Students who opt to take Léann na Cumarsáide as a subject in the dual-honours general arts programme (GY101), will be able to pair this choice with a broad range of other subjects. These include Irish, English, French, History, Léann an Aistriúcháin (translation studies through Irish), Italian, Spanish, Information Technology, Psychology and Sociological & Political Studies.

Depending on their first year results, students who take Léann na Cumarsáide as part of the general arts degree will also have the option of switching to the specialised BA (Cumarsáid & Gaeilge) after first year, should they wish. For the first time graduates of this programme will have a recognised qualification in Irish which will enable them to become Irish teachers following postgraduate study.

Students at NUI Galway will also have enhanced opportunities to study in the Gaeltacht as part of expanded choices from September 2016. Students on the BComm with Irish will undertake a full-time semester-long course in An Cheathrú Rua, and they will also be given work placements in Irish-language organisations during the following spring. Up to 150 students will be enrolled in various semester programmes at the University’s Gaeltacht campuses by the year 2020.

“This is a timely development of media studies through Irish at NUI Galway, and students will enjoy the broad mix of academic study and practical training in journalism, television and radio production, broadcasting, multimedia and other subjects,” according to the course director, Uinsionn Mac Dubhghaill.

“This is a robust academic programme that will give students a top-class education in media and Irish. It will give them excellent job opportunities, and we welcome students who want to develop their creativity and achieve a high standard of fluency in Irish,” said Head of the Acadamh, Dónall Ó Braonáin.

-ENDS-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories