NUI Galway Honour Leaving Certificate Excellence

Pictured are the 61 students who were awarded Excellence Scholarships by NUI Galway.
Oct 16 2015 Posted: 10:43 IST

NUI Galway recently celebrated the success of a select group of first-year students with a special ceremony on Thursday, 15 October, in recognition of the high points they achieved in the recent Leaving Certificate Examination. As part of the University's annual Excellence Scholarships, 61 students received €1,500 each.

Each year the Excellence Scholarships are given to new entrants at NUI Galway who reached a minimum of 560 points in their Leaving Certificate examination, except in Medicine. For Medical students 10 Scholarships were awarded certificates, based on the combined results in the Leaving Certificate and the new Admissions Test (H-PAT Ireland).

The Excellence Scholarships are designed to recognise and reward Leaving Cert success for the highest-achieving students, and encourage their ongoing commitment to academic excellence during their time at NUI Galway. The awards may be held with any other scholarships or grants, including the University's Postgraduate Scholarships, Mature Student Scholarships, Sports Scholarship Scheme and schemes specific to individual colleges for those who excel in their University exams.

Speaking in advance of the Awards presentation, NUI Galway President Dr Jim Browne, said: “I am delighted to present the scholarships to these 60 outstanding individuals in recognition of their academic talent. NUI Galway constantly strives to support and promote academic excellence across all disciplines. The purpose of these Awards is to encourage each student to develop his/her academic potential to the fullest, by setting a realistic threshold of excellence and rewarding every student who attains that level. It is also a chance to give due credit to their parents and teachers for their important contribution to such success.”

This year Excellence Scholarships were awarded to students from 40 individual schools throughout Ireland. The winners represented 13 counties including Clare, Donegal, Galway, Kerry, Kildare, Kilkenny, Limerick, Longford, Mayo, Offaly, Roscommon, Tipperary, and Wicklow.

-Ends-

Ceiliúradh in OÉ Gaillimh ar Scothmhic Léinn a rinne Éacht san Ardteistiméireacht

Rinneadh ceiliúradh in OÉ Gaillimh le gairid ar ghrúpa ar leith mac léinn chéad bhliana ag searmanas speisialta Déardaoin, an 15 Deireadh Fómhair, mar aitheantas ar na pointí arda a ghnóthaigh siad i Scrúdú na hArdteistiméireachta. Mar chuid de shearmanas bliantúil na hOllscoile le Scoláireachtaí Sárchaighdeáin a bhronnadh, bronnadh scoláireachtaí ar fiú €1,500 an ceann iad mar aon le scrolla speisialta ar 61 mac léinn.

Bronntar na Scoláireachtaí Sárchaighdeáin gach bliain ar mhic léinn atá díreach tosaithe ag freastal ar OÉ Gaillimh agus a fuair 560 pointe, ar a laghad, i Scrúdú na hArdteistiméireachta, seachas mic léinn leighis. Sa Leigheas, bronntar deich Scoláireacht bunaithe ar thorthaí na hArdteistiméireachta agus na Tástála Iontrála nua (H-PAT Ireland) araon.

Tá na Scoláireachtaí Sárchaighdeáin ann chun luach saothair a thabhairt do na daltaí is fearr a n-éiríonn leo san Ardteistiméireacht, agus chun a dtiomantas leanúnach i sárchaighdeán acadúil a spreagadh le linn a dtréimhse in OÉ Gaillimh. D’fhéadfaí go mbeadh scoláireachtaí nó deontais eile ag an té a fhaigheann na scoláireachtaí seo, Scoláireachtaí Iarchéime na hOllscoile, Scoláireachtaí do Mhic Léinn Lánfhásta, Scéim Scoláireachtaí Spóirt na hOllscoile agus scéimeanna a bhaineann go sonrach le coláistí agus iad siúd a n-éiríonn thar barr leo sna scrúduithe Ollscoile san áireamh.

Ag labhairt dó roimh bhronnadh na ngradam, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne: “Is cúis áthais dom na scoláireachtaí seo a bhronnadh ar an 60 duine den scoth seo mar aitheantas ar a gcumas acadúil. Déanann OÉ Gaillimh iarracht i gcónaí tacú le sárchaighdeán acadúil i ngach uile dhisciplín agus é a spreagadh. Tá na Gradaim seo ann le gach mac léinn a spreagadh le lántairbhe a bhaint as a gcumas mar mhic léinn, trí thairseach réalaíoch sárchaighdeáin a leagan amach agus luach saothair a thabhairt do gach mac léinn a bhaineann an leibhéal sin amach. Deis atá ann freisin le haitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta ag a dtuismitheoirí agus ag a múinteoirí.”

I mbliana bronnadh na Scoláireachtaí Sárchaighdeáin ar scoláirí ó 40 scoil ar fud na hÉireann. Bronnadh scoláireachtaí ar mhic léinn as na 13 chontae seo a leanas – an Clár, Dún  na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Cill Dara, Cill Chainnigh, Maigh Eo, Luimneach, Tiobraid Árann, Ros Comáin, Longfort, Uíbh Fhailí, agus Cill Mhantáin.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories