NUI Galway Announces Opposition to Galway City Transport Project

Mar 05 2015 Posted: 10:38 GMT

NUI Galway will this week submit its opposition to proposals in the Galway City Transport Project.

The University, which is central to the life of the city and surrounding region, is one of the major employers in the city; it hosts a population of over 20,000 students and staff and has invested €400m over the last decade in capital development.

The University believes that what currently makes the NUI Galway campus an attractive location – for Irish and international students and staff – would be irretrievably damaged should proposed routes be accepted.

Increases in research activity have seen a surge in the numbers of international staff. International student numbers have grown significantly, to the extent that NUI Galway now has the largest proportion of international students of all the Irish universities. Foreign students are a great benefit to the local economy, supplementing the flow of income generated by the increased number of Irish students. University buildings have expanded, creating high-quality infrastructure for increased student numbers and research activities. The University’s Strategic Plan for 2015-2020 will reflect a drive to maintain the dramatic improvements and enhance its national and international standing. All these developments are under threat.

The last decade has seen an investment of €400m in capital development by NUI Galway and this has been undertaken with a purpose: not just to build a successful university, but to continue a lengthy pattern of interaction with Galway and its citizens, providing graduates to support the growth of high-quality local employment and engaging in research activities which connect both with local industry and with the rich culture of Galway city and the region.

The physical growth of the University has been carefully planned over many decades. A programme of land acquisition in Dangan has allowed the University to increase the area for new buildings while simultaneously acquiring space for sports facilities. The unified campus is now an educational base for over 17,000 students. The University continues to climb in world rankings, reflecting significant improvements in research activity and overall performance. Its progress would be severely disrupted by the current proposals.

If in recent decades the University and the city have grown hand in hand, we are now threatened with the prospect that both would face a future of relative decline.

The University is proud of its unified campus which has emerged as a result of decades of planning and forethought. The campus sees teaching and research buildings intermingled, sports facilities readily available to students, and University lands providing a major recreational facility for all. The University will therefore strongly object to current proposals and call for alternative options for the future of Galway transport planning.

ENDS

OÉ Gaillimh ag cur in aghaidh Thionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le hagóid fhoirmiúil a dhéanamh an tseachtain seo in aghaidh na moltaí atá i dTionscadal Iompair Chathair na Gaillimhe.

Tá an Ollscoil ar cheann de na fostóirí is mó sa chathair, agus í i gceartlár shaol na cathrach agus an réigiúin máguaird. Tá os cionn 20,000 duine, idir mhic léinn agus chomhaltaí foirne, ag staidéar nó ag obair ar an gcampas agus €400m infheistithe ag an Ollscoil le deich mbliana anuas i bhforbairtí caipitil.

Creideann an Ollscoil gur láthair thar a bheith tarraingteach é campas na hOllscoile faoi láthair do mhic léinn agus comhaltaí foirne as Éirinn agus thar lear, agus go ndéanfaí dochar as cuimse don champas dá nglacfaí le haon cheann de na cúrsaí bealaigh atá molta do Sheachbhóthar na Cathrach.

Tá méadú mór tagtha ar líon na gcomhaltaí foirne ón iasacht atá san Ollscoil le tamall de bharr méadú ar an méid taighde atá ar bun. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na mac léinn ón iasacht, agus OÉ Gaillimh anois ar an ollscoil Éireannach a bhfuil an sciar is mó de mhic léinn idirnáisiúnta i mbun staidéir inti. Tá an-tairbhe le baint ag an ngeilleagar áitiúil as na mic léinn ón iasacht, agus cuireann siad leis an ioncam a thagann isteach sa chathair ó na mic léinn Éireannacha.  Tá méadú tagtha ar na foirgnimh san Ollscoil agus bonneagar den scoth anois ann le haghaidh na mac léinn agus na ngníomhaíochtaí taighde atá ar bun, agus méadú seasta ag teacht orthu sin. I bPlean Straitéiseach na hOllscoile, 2015-2020, beidh béim ar an rún daingean atá ag an Ollscoil leanúint den dul chun cinn láidir atá sí a dhéanamh agus an seasamh náisiúnta agus idirnáisiúnta atá aici a neartú tuilleadh. Tá contúirt anois ar na forbairtí seo go léir.

Le deich mbliana anuas, rinne an Ollscoil infheistíocht €400m i bhforbairtí caipitil agus is le cuspóir soiléir a rinneadh é sin: ollscoil a mbeadh rath uirthi a thógáil, agus lena chois sin leanúint den dlúthcheangal atá ag an Ollscoil le Gaillimh agus muintir na Gaillimhe – céimithe oilte a chur ar fáil ar mhaithe le fostaíocht áitiúil ar ardchaighdeán mar aon le gníomhaíochtaí taighde a chur chun cinn le go mbeadh ceangal ann le tionscail áitiúla agus le cultúr luachmhar chathair na Gaillimhe agus an réigiúin trí chéile.

An fás fisiciúil atá tagtha ar an Ollscoil, rinneadh é a phleanáil go mion le cúpla scór bliain anuas. Ceannaíodh talamh in imeacht na mblianta i gceantar an Daingin agus dá thoradh sin bhí a dóthain achar talún ag an Ollscoil i gcomhair foirgnimh nua agus áiseanna spóirt araon. Is lárionad oideachais é an campas comhtháite seo agus os cionn 17,000 mac léinn i mbun a gcuid léinn ann. Tá ardú ag teacht chuile bhliain ar sheasamh na hOllscoile sa rangú domhanda – is toradh é sin ar an bhfeabhas mór atá tagtha ar chúrsaí taighde agus ar fheidhmíocht na hOllscoile trí chéile. Chuirfeadh na moltaí reatha isteach go damanta ar dhul chun cinn na hOllscoile.

D'fhás an Ollscoil agus an chathair in éindí le blianta fada anuas, ach tá an baol anois ann gur meath atá i ndán dóibh araon.

Tá campas comhtháite ag an Ollscoil mar thoradh ar phleanáil agus fadbhreathnaitheacht le blianta fada, agus í an-bhródúil as an gcampas sin. Tá foirgnimh theagaisc agus thaighde fite fuaite ina chéile ar an gcampas, tá áiseanna spóirt ar fáil do na mic léinn gan stró, agus tailte na hOllscoile ar fáil do chách mar áis mhór áineasa agus caithimh aimsire. Tá rún ag an Ollscoil, dá bhrí sin, agóid láidir a dhéanamh i gcoinne na moltaí reatha agus iarrfaidh sí ar na húdaráis roghanna malartacha a chur chun tosaigh i dtaca le cúrsaí iompair i nGaillimh don aimsir romhainn.

CRÍOCH

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories