NUI Galway Announce 2015 Sean-Nós Singer in Residence

Máire Ní Mhaoilchiarái
Jan 13 2015 Posted: 12:02 GMT

NUI Galway’s Centre for Irish Studies has announced the appointment of Máire Ní Mhaoilchiaráin as Sean-Nós Singer in Residence for 2015.

From Áird Thoir, Carna, Máire comes from a family which has a long and rich tradition of sean-nós singing. Now married, Máire is living in Áird Mhór with her husband Rónán and her four children. Máire’s sister Bríd was appointed as the very first Sean-Nós Singer in Residence at the Centre for Irish Studies in 2002.

Máire’s clear, sweet vocal style echoes with the singing from her mother Bairbre and the Heaney side of the family, with Joe Heaney being her granduncle. Within a wide repertoire, ‘Amhrán Mhuighinse’, ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ and ‘An Spailpín Fánach’ are signature songs of Máire’s. She can be heard frequently on Raidió na Gaeltachta, at concerts and also gives workshops as part of Féile Chomórtha Joe Éinniú, among others.

As part of the appointment, Máire will deliver a series of workshops at NUI Galway and will contribute to the expanding Sean-Nós Archive Collection. The workshops are free and open to the public and will begin on Wednesday, 11 February at 7pm at the Centre for Irish Studies, NUI Galway.

This project is funded by Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta and An Chomhairle Ealaíon in association with the Centre for Irish Studies at NUI Galway.

More information is available from Samantha Williams, Centre for Irish Studies, NUI Galway at 091 492051 or samantha.williams@nuigalway.ie.

-Ends-

Máire Ní Mhaoilchiaráin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh

Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, go bhfuil Máire Ní Mhaoilchiaráin ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Is as an Aird Thoir, i gCarna, Máire agus tá oidhreacht shaibhir cheolmhar le cloisteáil ina cuid amhránaíochta. Tá Máire pósta agus ag maireachtaint san Aird Mhór anois agus cearthrar clainne aici. Thug sí léi a cuid amhrán óna máthair, Bairbre a fuair an ceol ó mhuintir Éinniú, agus a huncail Joe ina measc. I gclann Bhairbre, tá cáil na hamhránaíochta ar Mháire agus ar a deirfiúr Bríd. Dar ndóigh, ceapadh Bríd mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2002, an chéad duine ar bronnadh an gradam sin uirthi.

Nuair a chasann Máire amhrán, cloistear stíl a muintire inti agus guth binn glan. Is iad na hamhráin is mó atá luaite léi ná ‘Amhrán Mhuighinse’, ‘Amhrán Rinn Mhaoile’ agus ‘An Spailpín Fánach’. Tugann Máire ceardlann ag Féile Chomórtha Joe Éinniú agus ó am go h-am glacann sí páirt san Oireachtas. Bíonn sí ar stáitse ar fud na háite agus le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta.

Beidh sraith ceardlann á múineadh ag Máire san Ollscoil san Earrach agus arís sa bhFómhar agus beidh a cuid amhrán á dtaifeadadh aici don gcartlann sean-nóis atá á bailíú ag Ionad an Léinn Éireannaigh. Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 11 Feabhra ag 7pm. Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad an Léinn Éireannaigh, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories