Daltaí Tréitheacha - Gifted Pupils. Do you know a gifted & talented child? Is education appropriate to their ability

Aug 19 2014 Posted: 12:32 IST

Laoise Breathnach, Principal of Scoil Iognáid, recently came up with an idea to start a project with NUI Galway student teachers to provide a series of enrichment workshops that would serve the needs of gifted pupils as Gaeilge. Laoise teamed up with Sinéad Ní Ghuidhir from NUI Galway’s School of Education to undertake an EXPLORE innovative project.

This EXPLORE project set out to challenge student teachers on the Dioplóma Gairmiúil san Oideachas in NUI Galway to design and deliver a series of resources, lessons and workshops for a group of gifted pupils. Almost 12 months on and as a result of the great work of Daltaí Tréitheacha exceptional pupils can now avail of relevant courses and workshops as Gaeilge.

This is the first time NUI Galway student teachers provided a series of enrichment workshops in a Gaelscoil in Galway city, serving the needs of gifted pupils in the language they use daily, Gaeilge. The student teachers proposed a series of workshops over a number of weeks in Forensic Science, Code Breaking, Language Acquisition, Cultural Studies, Music and Dance, and the response from all involved was very enthusiastic. 

The preservice student teachers benefited greatly from the experience, one declaring the EXPLORE project was one of best opportunities he had as a student at the University, and another saying that the whole experience taught her the importance of differentiating and addressing the needs of all pupils in the class.

Sinéad Ní Ghuidhir added: “The project was a huge success, it was a unique and rich learning experience for the student teachers, so much so that they recommended it should be an integral part of the Initial Teacher Education Programme. And indeed, with funding, it could be included on a core module on the Máistir Gairmiúil san Oideachas.  All students will be able to benefit from the experience.” 

Following the success of the EXPLORE project, the Máistir Gairmiúil san Oideachas programme is interested in expanding the scheme to more schools throughout Galway. 

For further information contact Sinéad Ní Ghuidhir, Scoil an Oideachais, NUI Galway at sinead.nighuidhir@nuigalway.ie, 091 492861 or visit www.su.nuigalway.ie/explore. A video about the project can be viewed at http://vimeo.com/94993436.

-Ends-

Daltaí Tréitheacha. An bhfuil aithne agatsa ar pháiste cumasach, ildánach? An féidir breis a dhéanamh le freastal ar a gcuid riachtanais?

Ba ag Laoise Breathnach, Príomhoide Scoil Iognáid,  a bhí an smaoineamh an chéad lá, le tionscadal a bhunú i gcomhar le múinteoirí faoi oiliuint ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chun ceardlanna saibhriúcháin a sholáthar as Gaeilge do dhaltaí tréitheacha. In éineacht le Sinéad Ní Ghuidhir ó Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh, thug Laoise agus na mic léinn ar an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas faoi thionscadal EXPLORE.

An aidhm a bhí ag an tionscadal comhoibritheach, núálach seo ná dúshlán a chur faoi bhráid na muúinteoirí faoi oiliúint, le ceachtanna, ceardlanna agus áiseanna a chruthú agus a dhearadh do dhaltaí le cumas eisceachtúil. Beagnach bliain ar aghaidh anois, agus de thoradh an tionscadail seo, cuireadh ceardlanna trí Ghaeilge ar fáil do Dhaltaí Tréitheacha.

Den chéad uair i mbliana, chuir múinteoirí faoi oiliúint ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ceardlanna saibhriúcháin ar bun i nGaelscoil i gCathair na Gaillimhe, ag freastal ar riachtanais na ndaltaí le cumas eisceachtúil sa scoil sin, ina ngnáth-theanga foghlama, an Ghaeilge. Eolaíocht Fhoiréinseach, Briseadh Cóid, Sealbhú Teanga, Oideachas Cultúrtha, Ceol agus Damhsa a bhí mar ábhar do na ceardlanna agus bhí an-rath ar an sraith.

Bhain na mic léinn féin an-tairbhe as an taithí freisin, duine amháin a dúirt go raibh an tionscnamh Explore ar ceann de na deiseanna ab fhearr dá bhfuair sé mar mhac léinn ollscoile, agus duine eile a d’aithin go mbíonn dúshláin bhreise ag teastáil ó na daltaí tréitheacha chun iad a spreagadh agus nach leor é freastal ar an meán.

Dúirt Sinéad Ní Ghuidhir: "Bhí an-rath ar an tionscadal, thug sé taithí dhomhain, shaibhir ar leith do na mic léinn, agus mhol siad gur cheart go mbeadh sé mar chroí chuid den chúrsa Oiliúint Tosaigh do Mhúinteoirí. Go deimhin, le maoiniú, d'fhéadfaí é a chur mar lár chuid de mhodúl ar an Máistir Gairmiúil san Oideachas, agus beidh buntáiste agus tairbhe ann do gach mac léinn."

Ag leanúint ón rath a bhí ar an tionscadal EXPLORE seo, tá súil an scéim a leathnú go níos mó scoileanna ar fud na Gaillimhe. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le Sinéad Ní Ghuidhir, Scoil an Oideachais ag sinead.nighuidhir@nuigalway.ie, 091 492861, nó www.su.nuigalway.ie/explore.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext