Major Irish Studies Conference to Consider the Legacy of 1916

May 28 2013 Posted: 10:42 IST

Public interviews to include Neil Jordan, Patrick McCabe, Garry Hynes and renowned BBC journalist Peter Taylor

A major Irish studies conference at NUI Galway will consider the legacy of the 1916 Rising for contemporary Ireland. For the first time, the European Federation of Associations and Centres of Irish Studies (EFACIS) conference will be held in Ireland running from 5-8 June.

EFACIS is one of the largest Irish Studies organisations in Europe and represents almost 500 members in over 20 countries. The federation was founded to promote interest in and support the expansion of Irish Studies throughout Europe, encouraging study and debate of all aspects of society, culture and literature of the Republic of Ireland, Northern Ireland, and the Irish diaspora within the humanities and social sciences.

Hosted by NUI Galway, this year’s conference will consider the theme ‘Towards 2016: Old and New Irelands’ and has already attracted considerable interest with almost 200 delegates due to attend.

Keynote speakers will include; Diarmaid Ferriter, Professor of Modern Irish History at University College Dublin; Dr Alan Ahearne, NUI Galway Lecturer, Economist and former Special Advisor to former Irish Minister for Finance, Brian Lenihan; and award-winning documentary filmmaker, writer and investigative journalist, Peter Taylor.

In an address entitled ‘Scrambling for the bones of the Patriot Dead: The Irish Revolution (1912-22) and the politics and culture of memory and commemoration’, Professor Ferriter will examine some of the issues involved in the decade of commemorations (2012-22) from the perspective of the historian, but also the questions it raises for society at large in terms of what is remembered, how it is remembered and communicated.

Dr Ahearne will consider the relevance today of a central concern of the 1916 Proclamation, Irish sovereignty, given that the largest chunks of economic sovereignty were willingly ceded when the country joined the EEC and especially when it adopted the single currency.

Peter Taylor of the BBC and one of the most experienced and respected journalists to have reported on Northern Ireland and the maker of several acclaimed documentaries on the Troubles in Northern Ireland, will screen and talk about some of his documentary work dealing with the Troubles. Taylor will be joined in this discussion by Shauna Duddy and Larry Duddy, who took part in his acclaimed 2008 documentary The Secret Peacemaker, which dealt with their father Brendan Duddy’s secret role as the key intermediary between the British government and the IRA over a span of more than twenty years.

The conference will also include public interviews with Oscar-winning film director and novelist Neil Jordan; award-winning novelist and playwright Patrick McCabe; and theatre director and Druid Theatre co-founder Garry Hynes.

Dr Seán Crosson, Conference Director and Lecturer with NUI Galway’s Huston School of Film & Digital Media, said: “We are delighted to be hosting what will be largest EFACIS conference held to date. We are also pleased that such a strong and interdisciplinary group of speakers have agreed to participate, including in our plenary sessions, which covers areas from film, to theatre, literature, history, economics, music, politics and the media. A recurring concern of the papers, as the conference title suggests, is the legacy of the revolutionary period for contemporary Ireland today as we approach the centenary of the 1916 Rising.”

Among the themes considered during the conference will be the Irish Economic Crisis; Northern Ireland: Literature, Politics and Culture; 1916 in literature and Culture; Revisiting Women’s Rights and Gender Equality; Marginal Spaces in Irish Film; Theatre and the 1916 Rising; Irish Sport, 1916-2016; and Ireland’s relationship with Europe.

-ENDS-

 

Oll-chomhdháil sa Léann Éireannach chun Oidhreacht 1916 a phlé

Pléifidh oll-chomhdháil sa Léann Éireannach in OÉ Gaillimh an oidhreacht a bhaineann le hÉirí Amach 1916 d’Éirinn an lae inniu. Den chéad uair, beidh comhdháil Chónaidhm Eorpach na gCumann agus na nIonad Léinn Éireannaigh (EFACIS) ar siúl in Éirinn idir an 5-8 Meitheamh.

Tá EFACIS ar cheann de na heagraíochtaí is mó san Eoraip a bhíonn ag plé leis an Léann Éireannach agus déanann sé ionadaíocht ar bheagnach 500 ball in os cionn 20 tír. Bunaíodh an chónaidhm chun suim a chothú sa Léann Éireannach ar fud na hEorpa agus chun tacú lena leathnú, agus staidéar agus díospóireacht á spreagadh i ngach gné de shochaí, de chultúr agus de litríocht Phoblacht na hÉireann, Thuaisceart Éireann, agus an diaspóra Éireannaigh laistigh de na daonnachtaí agus na heolaíochtaí sóisialta.

Beidh comhdháil na bliana seo ar siúl in OÉ Gaillimh agus ‘I dtreo 2016: Éire - mar a bhí agus mar atá’ mar théama aici; cheana féin tá spéis ollmhór léirithe sa chomhdháil ar a mbeidh beagnach 200 toscaire ag freastal.

I measc na bpríomhchainteoirí beidh; Diarmaid Ferriter, Ollamh le Stair Chomhaimseartha na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath; an Dr Alan Ahearne, Léachtóir in OÉ Gaillimh, Eacnamaí agus iar-Chomhairleoir Speisialta don iar-Aire Airgeadais, Brian Lenihan; agus an déantóir scannán faisnéise, an scríbhneoir agus an t-iriseoir imscrúdaitheach clúiteach, Peter Taylor.

In óráid dar teideal ‘Scrambling for the bones of the Patriot Dead: The Irish Revolution (1912-22) and the politics and culture of memory and commemoration’, scrúdóidh an tOllamh Ferriter cuid de na saincheisteanna a bhaineann le deich mbliana na gcuimhneachán (2012-22) ó pheirspictíocht an stairí, ach chomh maith leis sin na ceisteanna a ardaíonn sé don sochaí go ginearálta maidir le céard a thugann sé chun cuimhne, cén chaoi a ndéantar é a thabhairt chun cuimhne agus a chur in iúl.

Breathnóidh an Dr Ahearne ar an ábharthacht a bhaineann sa lá inniu ann le príomhchúis Fhorógra 1916, flaitheas na hÉireann, ós rud é gur géilleadh le codanna móra de fhlaitheas eacnamaíochta nuair a chuaigh an tír isteach sa Chomhphobal Eorpach agus go háirithe nuair a glacadh leis an airgeadra aonair.

Tá Peter Taylor ar dhuine de na hiriseoirí is mó taithí agus meas a rinne tuairisciú ar Thuaisceart Éireann agus tá cláir faisnéise chlúiteacha déanta aige faoi Thrioblóidí Thuaisceart Éireann. Taispeánfaidh sé cuid dá shaothar faisnéise a bhaineann leis na Trioblóidí agus déanfaidh sé cur síos orthu. Beidh Shauna Duddy agus Larry Duddy in éineacht le Taylor, beirt a ghlac páirt i gclár faisnéise clúiteach a rinne Peter in 2008 “The Secret Peacemaker”, faoina n-athair, Brendan, agus a ról rúnda mar phríomh-idirghabhálaí idir rialtas na Breataine agus an tIRA thar thréimhse níos faide ná fiche bliain.

Mar chuid den chomhdháil chomh maith beidh agallaimh phoiblí le Neil Jordan, úrscéalaí agus stiúrthóir scannán a bhfuil gradam Oscar bainte amach aige; an t-úrscéalaí agus drámadóir clúiteach Patrick McCabe; agus stiúrthóir amharclainne agus comhbhunaitheoir Amharclann an Druid, Garry Hynes.

Dúirt an Dr Seán Crosson, Stiúrthóir na Comhdhála agus Léachtóir i Scoil Scannán agus Meán Digiteach Huston OÉ Gaillimh: “Táimid thar a bheith sásta go bhfuil an chomhdháil EFACIS is mó riamh á cur i láthair againn i mí an Mheithimh. Táimid sásta freisin go bhfuil grúpa chomh láidir agus ildisciplíneach cainteoirí sásta páirt a ghlacadh san ócáid, na seisiúin phlé san áireamh, a chlúdaíonn na réimsí a leanas - scannánaíocht, amharclannaíocht, litríocht, stair, eacnamaíocht, ceol, polaitíocht agus na meáin. Imní a thagann chun cinn arís eile sna páipéir, mar a léiríonn teideal na comhdhála, an oidhreacht a bhaineann leis an tréimhs e réabhlóideach d’Éirinn an lae inniu agus muid ag druidim i dtreo Céad Bliain Éirí Amach 1916.”

I measc na dtéamaí a bheidh á bplé le linn na comhdhála beidh Géarchéim Eacnamaíochta na hÉireann;  Tuaisceart Éireann: Litríocht, Polaitíocht agus Cultúr; 1916 sa litríocht agus sa chultúr; Athbhreithniú ar Chearta na mBan agus ar Chomhionannas Inscne; Spásanna Imeallacha i Scannáin na hÉireann; Amharclannaíocht agus Éirí Amach 1916; Spórt na hÉireann, 1916-2016; agus caidreamh na hÉireann leis an Eoraip.

-CRÍOCH-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories