NUI Galway Summer Conferring

Jun 26 2013 Posted: 16:07 IST

NUI Galway today (26 June) conferred over 250 students including 72 doctoral degrees from across all disciplines.

The largest cohort of students to graduate was 120 future doctors who received their Honours Bachelor of Medicine, Bachelor of Surgery, and Bachelor of Obstetrics (MB, BCh, BAO) degree.

Among the cohort of medical students, Galway City native, Jennifer Scott, received 8 out of 15 Final Medical Medals for her academic performance. Every year, NUI Galway award the Final Medical Medals to the student who receives the highest mark in each subject area.

Speaking at the ceremony, President of NUI Galway, Dr Jim Browne, said: “On behalf of NUI Galway, I congratulate each of today’s graduates. It is very encouraging to see the number of research and graduate degrees which we are conferring today. These graduate numbers continue to grow. From a base of about 50 doctorates per year at the turn of the millennium, we now confer up to 4 times that number annually.”

President Browne added words of encouragement to graduates conferred at the ceremony: “Do not lose hope or courage in this current economic climate. You have what it takes to make a difference in our society. The opportunities you have to create your own environment and to shape your own futures are enormous.”

International students were well represented at the ceremony, with the University welcoming a large number of graduates from, among other countries, Malaysia.

-ENDS-

__________________________

Searmanas Bronnta an tSamhraidh in OÉ Gaillimh

Inniu (26 Meitheamh) bhronn OÉ Gaillimh céimeanna ar bhreis is 250 mac léinn, 72 PhD san áireamh, i ngach disciplín.

Ar an ngrúpa is mó díobh bronnadh Baitsiléir Onóracha sa Leigheas, Baitsiléir sa Mháinliacht agus Baitsiléir sa Chnáimhseachas (MB, BCh, BAO) ar 120 ábhar dochtúra.

Fuair Jennifer Scott as cathair na Gaillimhe, duine de na mic léinn leighis, 8 mBonn don Bhliain Deiridh Leighis as 15 Bhonn dá feidhmíocht acadúil. Gach bliain, bronnann OÉ Gaillimh Boinn Deiridh Leighis ar an mac léinn leis an marc is airde i ngach ábhar.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Jim Browne le linn an tsearmanais: “Thar ceann OÉ Gaillimh, tréaslaím le gach duine agaibh. Ábhar misnigh dúinn ar fad is ea go bhfuil an oiread sin céimeanna taighde agus iarchéimeanna á mbronnadh againn inniu. Tá níos mó agus níos mó céimeanna á mbronnadh againn bliain i ndiaidh bliana. Bhíodh 50 céim dhochtúireachta in aghaidh na bliana á mbronnadh againn ag tús an chéid ach bronntar a cheithre oiread sin anois gach bliain." 

Dúirt an tUachtarán leis na céimithe gur cheart dóibh aghaidh a thabhairt ar na blianta amach rompu le teann dóchais:  “Ná cuireadh cúrsaí geilleagair an lae lagmhisneach oraibh. Tá an cumas ag gach duine agaibh dul i bhfeidhm ar an tsochaí ar shlí éigin.  Níl teorainn ar bith leis na deiseanna atá agaibhse an cineál saoil is mian libh a chruthú daoibh féin agus lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh in bhur dtreo sna blianta amach romhainn.”

Bhí mic léinn idirnáisiúnta i láthair chomh maith ag an searmanas, agus an Ollscoil ag fáiltiú roimh chéimithe as an Malaeisia, i measc tíortha eile.

-CRÍOCH-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories