Amhránaí Cónaitheach Nua ag OÉ Gaillimh

Jan 22 2013 Posted: 11:13 GMT

Is cúis mhór áthais é d’Ionad an Léinn Éireannaigh OÉ Gaillimh go bhfuil Joe John Mac an Iomaire ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis i mbliana.

Is as Ros Dugáin, Cill Chiaráin, Joe agus is cuimhin leis a mháthair bheith ag gabháil fhoinn agus é ina leaid óg.  I dtithe cuartaíochta ar nós thigh Sheáinín Choilmín a fuair sé go leor dá chuid amhrán ina dhiaidh sin. Tá guth glan binn ag Joe John is tá a stíl amhránaíochta préamhaithe i dtraidisiún a cheantair féin.  I measc na n-amhrán is mó atá luaite leis, tá ‘An Droighneán Donn’ agus ‘Bean a’ Leanna’ a chan sé ar an gclár teilfíse Amhrán is Ansa Liom. Tá ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’ i measc na n-amhrán is ansa leis chomh maith agus canann sé gach bliain é ag an bpátrún a bhíonn ar siúl ag Máméan i mí Lúnasa.

Tá Corn Uí Riada buaite faoi dhó ag Joe (1975, 1977), agus Comórtas na bhFear ag an Oireachtas (1968, 1978) agus is minic ó shin e ag canadh ag féilte in Éirinn agus thar lear, go mórmhór i mBoston mar aoi speisialta de chuid  Chonradh na Gaeilge sa chathair sin.

Beidh sraith ceardlann á reachtáil ag Joe John san Ollscoil agus in áiteanna eile san Earrach agus arís sa bhFómhar agus beidh a chuid amhrán á dtaifeadadh aige don gcartlann sean-nóis atá á cur le chéile le blianta beaga anuas ag Ionad an Léinn Éireannaigh. Cuirfear tús leis na ceardlanna i seomra seimineáir an Ionaid ar Bhóthar na Drioglainne ar an 13Feabhra. Tá na ceardlanna saor in aisce agus fáilte roimh éinne a bhfuil spéis aige/aici san amhránaíocht.

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad an Léinn Éireannaigh OÉ Gaillimh a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

CRÍOCH

 

New Sean-nós Singer in Residence at Centre for Irish Studies

The Centre for Irish Studies at NUI Galway is delighted to announce the appointment of Joe John Mac an Iomaire as Sean-nós Singer in Residence for 2013.

The appointment of Joe John recognises his importance in the rich singing tradition of Connemara and the West of Ireland. A native of Ros Dugáin, Cill Chíaráin, Joe John remembers his mother singing from a young age, but learned much of his singing from the time-honoured practice of ‘cuartaíocht’ at houses such as that of Seainín Choilmín.  Like many of his contemporaries, Joe John’s singing is firmly rooted in the repertoire and style of his locale.  His voice is instantly recognisable for its sweetness of tone and distinct delivery, and his renditions of ‘An Droighneán Donn’ and ‘Bean a Leanna’ are among his signature performances which featured in TG4’s recent Amhrán is Ansa Liom.  ‘Caoineadh na dTrí Mhuire’ is also a favourite and he makes the annual pilgrimage to Maméan each August to sing it as part of the revived pattern there. 

Joe John won Corn Uí Riada on two occasions (1975 and 1977), and he was also successful in Comórtas na bhFear at An tOireachtas in 1968 and again in 1978.  He has been invited to sing at festivals throughout Ireland, and indeed, has been a favoured guest of Conradh na Gaeilge in Boston on many occasions. 

During his residency, Joe John will participate in a series of performances and workshops at the Centre for Irish Studies and other venues in Galway.  A selection of his repertoire will also be recorded to deposit in the Sean-Nós Archive at the Centre for Irish Studies. The Sean-nós singing workshops at the Centre for Irish Studies, NUI Galway will commence on the 13th of February 2013 and are free of charge and open to all.

This project is funded by Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta and An Chomhairle Ealaíon in association with the Centre for Irish Studies at NUI Galway.

ENDS

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories