Áiseanna Nua Ilmheáin agus Ilghníomhacha Seolta ag Scoil an Oideachais OÉ Gaillimh

(ó chlé) Seán Ó Grádaigh, Dioplóma Gairmiúil san Oideachas, Muireann Ní Mhóráin Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus Gearóid Ó Conluain, Rúnaí Acadúil, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Dec 04 2013 Posted: 12:16 GMT

Tá áiseanna nua ilmheáin, toradh comhshaothar foirne agus mic léinn faoin scéim EXPLORE seolta ag Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Forbraíodh na háiseanna Ardteistiméireachta seo mar iBooks. Tá siad bunaithe ar churaclam Éiceolaíochta agus Tíreolaíochta na hArdteistiméireachta. Is de thoradh compháirtíochta idir mic léinn agus foireann an DGO (Dioplóma Gairmiúil san Oideachas) a forbraíodh na iBooks seo faoin scéim EXPLORE agus le maoiniú ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).

Ba iad Séan Ó Grádaigh agus Sinéad Ní Ghuidhir ón DGO a bhí mar bhainisteoirí togra agus a stiúir. Áiseanna teagaisc agus foghlama iad atá feiliúnach do mhúinteoirí agus do dhaltaí araon, atá daite, mealltach, spreagúil agus lán le pictiúir, físeáin agus idirghníomhaíocht.

Ag seoladh na sraithe dó, thréaslaigh Gearóid Ó Conluain, Rúnaí na hOllscoile le foireann agus le mic léinn an DGO a rá “Is sampla den scoth iad na háiseanna seo d’fhiúntas comhoibriú foirne agus mic léinn agus béim na hOllscoile ar nuálaíocht agus ar thacaíocht d’úrsmaointe.”

Dúirt Seán Ó Grádaigh, agus é ag tagairt do na leabhair thíreolaíochta: “Is fíorannamh a fhaigheann múinteoirí tíreolaíochta an deis a gcuid daltaí a thabhairt amach le hobair allamuigh a chomhlíonadh, ach ag baint úsáide as an gcineál seo teicneolaíochta, is féidir linn an tíreolaíocht bheo a thabhairt isteach sa seomra ranga.”

“Tá idir scileanna teicneolaíochta, digiteacha agus praiticiúla le feiceáil agus le foghlaim ag baint úsáide as na leabhair seo. Cuireadh go mór le máistreacht ar an ábhar agus le cumas teicneolaíochta na múinteoirí faoi oiliúint agus iad ag forbairt na leabhar seo” a dúirt Sinéad Ní Ghuidhir.

Is féidir teacht ar an háiseanna seo saor in aisce ar an iBook Store.

 

The School of Education in NUI Galway has launched Leaving Cert iBooks, the product of staff – student collaboration on the Dioplóma Gairmiúil san Oideachas

 

iBooks developed by the School of Education in NUI Galway are breathing new life into Woodland Ecology and Geography Fieldwork for Leaving Cert students. The iBooks are the result of NUI Galway’s EXPLORE student / staff innovation collaboration.

Seán Ó Grádaigh and Sinéad Ní Ghuidhir from the Dioplóma Gairimiúil san Oideachas in the School of Education collaborated with students from the course to develop the iBooks with the aid of funding from An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG)

Rúnaí na hOllscoile Gearóid Ó Conluain congratulated staff and students on the iBooks and said “The School of Education’s iBooks are an excellent example of the benefits of staff / student collaboration and underline NUI Galway’s commitment to facilitating innovation and bringing good ideas to life.”

Project manager Seán Ó Grádaigh said “Geography students rarely get the opportunity to experience the great outdoors, but this type of technology brings the living Geography into the classroom.”

Co-manager Sinéad Ní Ghuidhir said “Using these books enhances not only content knowledge, but also develops digital literacy and practical skills. The student teachers gained invaluable experience in subject mastery and in educational technological competency during the project.”

The interactive multimedia teaching resources are aimed at both teachers and students and are packed with imagery, videos and interactive learning. They are now available in the iBook store.

 

-ENDS-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories