Seoladh Scéim Teanga Nua OÉ Gaillimh

Ag seoladh oifigiúil Scéim Teanga OÉ Gaillimh bhí Séamus Mac Giolla Chomhaill, Príomhoifigeach na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Gearóid Ó Conluain, Rúnaí na hOllscoile, OÉ Gaillimh; Evanne Ní Chuilinn, láithreoir spóirt RTÉ agus iarmhac léinn OÉ Gaillimh; agus Damhnait Uí Mhaoldúin, Bainisteoir Cumarsáide agus Stiúrthóir Gníomhach, Oifig an Choimisinéara Teanga
Apr 17 2013 Posted: 11:19 IST

D’fhreastail idir lucht bainistíochta, riaracháin, mhic Léinn agus léachtóirí de chuid OÉ Gaillimh ar ócáid in Áras na Gaeilge inné chun Scéim Teanga Nua na hOllscoile a sheoladh go hoifigiúil.

Ba í an dara scéim teanga de chuid OÉ Gaillimh a aontaíodh faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a seoladh ag an ócáid seo. Tá sé de rún ag lucht na hOllscoile go gcuirfear le líon agus le caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do phobal na hOllscoile trí mheán na Gaeilge. Tá luaite i bPlean Straitéiseach na hOllscoile go bhfuil sé mar sprioc ag lucht OÉ Gaillimh campas eiseamláireach dátheangach a chruthú in OÉ Gaillimh agus is cuid thábhachtach den phróiseas sin é seoladh na scéime teanga.

Ba é Gearóid Ó Conluain, Rúnaí na hOllscoile agus fear a’ tí  an lae a chuir tús leis an ócáid nuair a dúirt sé: “Tá ról ar leith ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar institiúid ardléinn maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ról atá le sonrú in Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh 2006 agus i bplean straitéiseach dár gcuid. Agus na tiomantais ar fad a tugadh sa chéad scéim teanga comhlíonta againn, cuirfear béim sa dara scéim ar sheirbhísí trí Ghaeilge d’ardchaighdeán a sholáthar do phobal na hOllscoile i réimsí acadúla, riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta.”

Dúirt an Rúnaí freisin: “Tá treo straitéiseach na dara scéime ar aon dul le cuspóirí na chéad scéime. Cuirfear seirbhísí nua ar fáil agus cuirfear béim bhreise ar mhonatóireacht na scéime le caighdeán agus le leanúnachas na seirbhísí a chinntiú. Beidh ‘an Tairiscint Ghníomhach’ mar chnámh droma na scéime, is é sin le rá go gcinnteofar go bhfuil sé soiléir do chustaiméirí ón gcéad teagmháil a bhíonn acu leis an institiúid, go bhfuil seirbhísí d’ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge ar fáil dóibh in aonaid éagsúla.”

Chuir an tUasal Ó Conluain fáilte mhór chroíúil roimh an láithreoir teilifíse ó RTÉ Evanne Ní Chuilinn a sheol an Scéim go hoifigiúil. Seo mar a labhair sí agus í ag caint faoin tsiombail nua a bheas le feiceáil ar fud na hOllscoile ag na háiteanna a bhfuil seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil:

“Mar iarmhac léinn a d’fhreastail ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  tá an-áthas orm an dara scéim teanga de chuid na hOllscoile a sheoladh go hoifigiúil mar aon le feachtas poiblíochta na siombaile G. Is siombail nua shainiúil í seo atá deartha go speisialta ag an Ollscoil ionas go mbeidh a fhios ag pobal na hOllscoile go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil.  Nuair a fheicfidh tú an tsiombail G, beidh a fhios agat ar an bpointe boise cá bhfuil fáil ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud na hinstitiúide. Tréaslaím leis an Ollscoil de bharr na hoibre seo ar fad agus guím gach rath ar an bhfeachtas uathúil seo.”

Ghabh Evanne buíochas faoi leith leis an mbanna ceoil “Gan Ainm” a sheinn ag an ócáid agus mhol sí pobal na Gaeilge san Ollscoil as ucht a gcuid iarrachtaí thar na blianta an Ghaeilge a chur chun cinn.  Is é 2015 an spriocdháta le haghaidh cur i bhfeidhm na scéime.

                                                Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories