Research Success and Academic Reputation Sees NUI Galway Rise in International Rankings

Sep 11 2012 Posted: 09:48 IST

Research output and academic reputation has seen NUI Galway secure the biggest boost among Irish universities in world rankings announced today. With only two Irish universities improving their world ranking, NUI Galway witnessed the greatest rise in position, increasing 11 places.

NUI Galway is now ranked 287 in the QS World University Rankings 2012/2013. In the same rankings, Massachusetts Institute of Technology (MIT) leapfrogged University of Cambridge and Harvard University, to become the number one university.

“This is very good news for NUI Galway,” explains its President Dr Jim Browne. “We have experienced huge cuts in overallfunding at third-level in Ireland, while student numbers have continued to rise. Despite this, our university has gone against the tide to secure a marked improvement in these very competitive rankings. This is a testament to our high standards in teaching and research, and the continued dedication of our staff at NUI Galway.”

The QS World University Rankings is an annual league table of the top 700 universities in the world and is arguably the best-known and respected ranking of its kind. It is widely referenced by prospective and current students, university professionals and governments worldwide. The rankings are based on four key pillars, research, teaching, employability and internationalisation.

President Browne added: “It will be critical for Ireland to maintain its investment in its universities if we are to remain internationally competitive. Every year, rankings such as this are broadened to include a burgeoning number of world-class universities. We operate in a global market, competing for students and research support on an international playing field. Support on a national level must be maintained for universities such as NUI Galway to continue with their success.”

-ends-

Dul Chun Cinn OÉ Gaillimh sna Ranguithe Idirnáisiúnta de bharr Aschur Taighde agus Cáil Acadúil

De bharr aschur taighde agus cáil acadúil OÉ Gaillimh tá an borradh is mó tagtha faoin Ollscoil seo thar aon Ollscoil eile in Éirinn sna ranguithe domhanda a fógraíodh inniu. Ní dhearna ach dhá ollscoil in Éirinn dul chun cinn sna ranguithe domhanda, agus is í OÉ Gaillimh a rinne an dul chun cinn is mó, ag ardú 11 áit.

Tá OÉ Gaillimh anois sa 287ú háit i Ranguithe Ollscoileanna Bliantúla an Domhain QS 2012/2013. Sna ranguithe céanna, chuaigh Massachusetts Institute of Technology (MIT) chun tosaigh ar Ollscoil Cambridge agus ar Ollscoil Harvard, chun an chéad áit a bhaint amach ar domhan.

“Dea-scéala iontach é seo do OÉ Gaillimh,” a mhínigh an tUachtarán, an Dr Jim Browne. “Tá gearradh siar uafásach déanta ar mhaoiniú ag an tríú leibhéal in Éirinn, agus tá líon na mac léinn ag dul i méid i gcónaí. D’ainneoin seo, tá ollscoil s’againne ag dul ó neart go neart sna ranguithe seo atá thar a bheith iomaíoch. Is léiriú é seo ar an gcaighdeán ard teagaisc agus taighde atá againn agus tiomantas leanúnach na foirne in OÉ Gaillimh.”

Tábla sraithe bliantúil iad Ranguithe Ollscoileanna an Domhain QS ina bhfuil na 700 ollscoil is fearr ar domhan agus tá sé ar cheann de na ranguithe is fearr aithne agus is mó a bhfuil cáil air ar domhan. Úsáideann mic léinn reatha agus mic léinn a bhfuil suim acu in ollscoil, lucht gairmiúil ollscoileanna agus rialtais ar fud an domhain na ranguithe seo. Tá na ranguithe bunaithe ar na ceithre phríomhthaca, taighde, teagasc, infhostaitheacht agus idirnáisiúnú.

Dúirt an tUachtarán Browne chomh maith: “Is den riachtanas é go gcoinneoidh Éirinn ag infheistiú sna hollscoileanna chun a bheith iomaíoch go hidirnáisiúnta. Gach bliain, leathnaítear na ranguithe chun ollscoileanna eile den scoth a ligean isteach. Táimid ag feidhmiú i margadh domhanda, san iomaíocht do mhic léinn agus do thacaíocht taighde ar pháirc idirnáisiúnta. Caithfear an tacaíocht ag leibhéal náisiúnta a choinneáil d’ollscoileanna cosúil le OÉ Gaillimh chun go mbeidh an rath céanna uirthi amach anseo.”

-críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories