Teaching Careers Fair at NUI Galway

Feb 11 2009 Posted: 00:00 GMT
(Leagan Gaeilge) NUI Galway will hold a Teaching Careers Fair on Wednesday, 18 February, from 5-7pm in the Atrium of the Orbsen Building, NUI Galway. Information stands will provide details on attaining a teaching qualification, while employers will also attend to recruit teachers. Over 16 exhibitors, including County Galway VEC, MPS Education, Verity Education and Uteach Recruitment will be showcasing their employment opportunities. NUI Galway staff will be on hand to provide information on the Postgraduate Diploma in Education programme. The one-year full-time programme for graduates is recognised as a qualification for post-primary teaching in Ireland and the EU, as well as other English speaking countries. Also on offer, taught entirely through Irish, is An Dioplóma Iarchéime san Oideachas. The one-year full-time postgraduate programme provides a qualification in post-primary teaching, with job opportunities in Ireland and abroad. At undergraduate level, NUI Galway's new B.A. in Mathematics and Education will be showcased. The four-year, full-time honours mathematics degree programme incorporates a concurrent second-level teaching qualification. The Teaching Careers Fair will also highlight the different entry routes into a career in teaching from both an Irish and UK perspective, with information sessions in the Bank of Ireland Theatre. Education providers from the UK, such as St Mary s College in Twickenham, will be available to discuss vacancies on Postgraduate Certificate in Education courses in the UK. Louise Ryan, Employment Officer with NUI Galway's Career Development Centre says: "This is an excellent opportunity for those considering undertaking a teaching qualification. For those already pursuing a teaching qualification, some of the employers will be taking CVs on the day, so we are advising people to come prepared". For a full list of exhibitors: www.nuigalway.ie/careers
Aonach na gGairmeacha Múinteoireachta in OÉ Gaillimh
(View in English) Beidh Aonach na nGairmeacha Múinteoireachta á reáchtáil ag OÉ Gaillimh Dé Céadaoin, 18 Feabhra, ó 5-7pm i bhForhalla Áras Oirbsean, OÉ Gaillimh. Beidh sonraí le fáil ag na seastáin eolais faoin gcaoi le cáilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach, agus beidh fostóirí i láthair chomh maith a bheidh ag iarraidh múinteoirí a earcú. Beidh os cionn 16 eagraíocht - Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Oideachas MPS, Verity Education agus Uteach Recruitment ina measc - ag tabhairt taispeántais de na deiseanna fostaíochta atá á dtairiscint acu. Beidh foireann OÉ Gaillimh ar fáil le heolas a thabhairt faoin gclár Postgraduate Diploma in Education. Glactar leis an gclár lánaimseartha bliana seo do chéimithe mar cháilíocht mhúinteoireachta iar-bhunscoile in Éirinn agus san AE, agus i dtíortha eile ina labhraítear Béarla. Chomh maith leis sin cuirtear Dioplóma Iarchéime san Oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cuireann an clár iarchéime lánaimseartha seo cáilíocht sa mhúinteoireacht iar-bhunscoile ar fáil, agus tá deiseanna fostaíochta ar fáil in Éirinn agus thar lear dóibh sin a n-éiríonn leo an cháilíocht a bhaint amach. Ag leibhéal bunchéime, cuirfear B.A. nua OÉ Gaillimh sa Mhatamaitic agus san Oideachas i láthair. Cuimsíonn an clár céime onóracha lánaimseartha sa mhatamaitic, a mhairfidh ar feadh ceithre bliana, cáilíocht mhúinteoireachta dara leibhéal chomh maith. Léireofar na bealaí éagsúla atá ann le tabhairt faoi ghairm na múinteoireachta san Aonach na nGairmeacha Múinteoireachta ó thaobh na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe de, agus beidh na seisiúin eolais ar bun in Amharclann Bhanc na hÉireann. Beidh soláthróirí oideachais ón Ríocht Aontaithe, amhail St Mary's College in Twickenham, ar fáil le folúntais a phlé ar na cúrsaí Teastais Iarchéime san Oideachas sa Ríocht Aontaithe. Deir Louise Ryan, Oifigeach Fostaíochta le hIonad Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh: "Is deis iontach é seo dóibh sin atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi cháilíocht mhúinteoireachta a bhaint amach. Maidir le daoine atá ag staidéar do cháilíocht mhúinteoireachta cheana féin, beidh cuid de na fostóirí ag glacadh le CVanna in áit na mbonn, mar sin táimid ag moladh do dhaoine a bheith réidh agus cóipeanna dá CV a bheith leo." Le liosta iomlán taispeántóirí a fháil féach: www.nuigalway.ie/careers
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories