NUI Galway Offers University Places to Unemployed as Part of Government's Labour

Aug 06 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway will offer a total of 68 undergraduate and postgraduate university places to the unemployed under a new initiative announced by the Minister for Education, Batt O'Keeffe T.D.. As part of a Government plan to retrain those who have recently become unemployed, the University is delighted to announce the provision of places on the following postgraduate courses for the academic year starting September 2009:
  • Postgraduate Diploma in Enterprise Management
  • Postgraduate Diploma in International Business
  • Masters in Business Information Systems
  • Masters in Accounting
  • Postgraduate Diploma in Technology Commercialisation
A nominal fee of €350 will be charged for Diploma programmes and €500 for Masters programmes with all other tuition and registration fees waived for successful applications under this scheme. The announcement follows last weeks allocation by Minister O'Keeffe of free places on part-time undergraduate programmes across the country which include 25 free places on the modular BSc in Science and Technology Studies and linked programmes in the area of Medical Device Science and Environmental Sustainability at NUI Galway. The programmes approved at NUI Galway under this scheme respond to the ongoing up-skilling and re-training needs of specific sectors of the regional economy, namely business, medical devices, services and ICT, while also building upon the University's research and teaching strengths in these areas. Seamus O'Grady, Director of Adult & Continuing Education at NUI Galway, said: "While addressing key future skills needs, the approved programmes also provide students with an opportunity to update and improve their skills and redirect their careers". "The programmes aim to provide essential technical, management and entrepreneurial skills for students, but will also develop students' professional development skills of critical thinking, communication, and decision-making – essential for employees in industry and core to the success of Ireland's future economic growth," added O'Grady. Eligible applicants, as set out by the Higher Education Authority, include those in receipt of unemployment benefit or allowance for six months or more as of 04 September 2009, or those who have been awarded Statutory Redundancy from their most recent job. Those interested in the undergraduate or postgraduate courses should attend one of three information sessions to be held in the Aula Maxima, NUI Galway on Tuesday, 18 August, Thursday 20 August and Wednesday 26 August between 4 and 6pm. Course lecturers and career advisers will be available at each session to advise on course choice. The closing date for postgraduate applications is Thursday, 27 August, 2009. Interested applicants can visit the Adult Education website on http://www.nuigalway.ie/adulteducation/freeplaces for contact details regarding programme co-ordinators, course content and delivery dates.
Áiteanna ar fáil in OÉ Gaillimh do dhaoine dífhostaithe mar chuid de Scéim an Rialtais chun Obair a Mhúscailt
(View in English) Cuirfidh OÉ Gaillimh 68 áit fochéime agus iarchéime ar fáil san Ollscoil do dhaoine dífhostaithe faoi thionscnamh nua a d'fhógair an tAire Oideachais, Batt O'Keeffe T.D. Mar chuid de phlean an Rialtais athoiliúint a chur orthu siúd a chaill a bpost le gairid, tá an-áthas ar an Ollscoil áiteanna a fhógairt ar na cúrsaí iarchéime seo a leanas don bhliain nua acadúil a thosóidh i Meán Fómhair 2009:
  • Dioplóma Iarchéime i mBainistíocht Fiontair
  • Dioplóma Iarchéime i nGnó Idirnáisiúnta
  • Máistreacht i gCórais Faisnéise Gnó
  • Máistreacht i gCuntasaíocht
  • Dioplóma Iarchéime i dTráchtálú Teicneolaíochta
Gearrfar táille €350 ar Dhioplómaí agus €500 ar Mháistreachtaí ach ní ghearrfar aon táille eile teagaisc ná clárúcháin orthu siúd a gheobhaidh áit faoin scéim seo. D'fhógair an tAire O'Keeffe áiteanna saor in aisce ar chláir fochéime pháirtaimseartha ar fud na tíre an tseachtain seo caite. Beidh 25 áit díobh sin ar an BSc modúlach i Staidéar Eolaíochta agus Teicneolaíochta agus nascfaidh sé cláir sna réimsí Eolaíocht na bhFeistí Leighis agus Inmharthanacht Comhshaoil in OÉ Gaillimh le chéile. Léiríonn na cláir atá ceadaithe in OÉ Gaillimh faoin scéim seo an gá atá le scileanna nua agus athoiliúint in earnálacha áirithe de gheilleagar an réigiúin, go háirithe gnó, seirbhísí, feistí leighis agus ICT, agus, ag an am céanna, cuirfear le láidreachtaí taighde agus teagaisc na hOllscoile sna réimsí céanna. Dúirt Seamus O'Grady, Stiúrthóir an Oideachais Aosaigh & Leanúnaigh in OÉ Gaillimh: "Agus scileanna tábhachtacha don todhchaí á soláthar, gheobhaidh na mic léinn an deis a scileanna a fheabhsú agus a ngairmeacha a thabhairt i dtreo nua ar na cláir seo." "Is é aidhm na gclár, scileanna riachtanacha teicniúla, bainistíochta agus fiontraíochta a thabhairt do mhic léinn, agus, ag an am céanna, scileanna forbartha gairmiúla na mac léinn a fhorbairt i smaointeoireacht chriticiúil, cumarsáid, agus cinnteoireacht – scileanna atá riachtanach d'fhostaithe sa tionscal agus atá riachtanach d'fhorás eacnamaíoch na tíre amach anseo," a dúirt O'Grady. Is iad na hiarratasóirí atá incháilithe don scéim seo, de réir an Údaráis um Ard-Oideachas, iad siúd atá ag fáil sochar nó liúntas dífhostaithe le sé mhí nó níos faide faoin 4 Meán Fómhair 2009, nó iad siúd a fuair iomarcaíocht reachtúil óna bpost deiridh. Ba chóir dóibh siúd, ar mian leo tabhairt faoi chúrsa fochéime nó iarchéime, freastal ar cheann de na trí sheisiún eolais a bheidh ar siúl san Aula Maxima, OÉ Gaillimh Dé Máirt, an 18 Lúnasa, Déardaoin, an 20 Lúnasa agus Dé Céadaoin, an 26 Lúnasa idir 4 agus 6pm. Beidh léachtóirí na gcúrsaí agus comhairleoirí gairme i láthair ag na seisiúin chun comhairle a chur orthu maidir leis na cúrsaí. Is é an spriocdháta do na hiarratais iarchéime Déardaoin, an 27 Lúnasa 2009. Féadfaidh iarratasóirí breathnú ar láithreán gréasáin an Oideachais Aosaigh – www.nuigalway.ie/adulteducation/freeplaces – chun sonraí teagmhála a fháil do chomhordaitheoirí na gclár, chun ábhar na gcúrsaí agus spriocdhátaí a fheiceáil.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories