NUI Galway's College of Science Invites Public to Research Day

Apr 06 2009 Posted: 00:00 IST
(Leagan Gaeilge) NUI Galway invites members of the public to a Science Research Day on campus on Monday, 20 April. Academics and researchers from the College of Science at NUI Galway will present their latest research in a series of short presentations throughout the day, from 9am to 5.30pm in room IT 125 of the IT Building. The event will showcase some of the cutting edge research being carried out by scientists across several diverse disciplines from chemical, mathematical and physical sciences to the biological sciences. Dr Fawaz Aldabbagh, Vice-Dean of Research, College of Science, NUI Galway, comments: "This is a special day in the University calendar, as scientists across all disciplines in our College will get together to present and debate their research in a forum that is open to the public. Talks will be topical and aimed at a lay-audience. The variety of topics to be discussed will include climate change, marine science, fighting cancer, evolution, genetics and stem cell research. Many of our scientists are leaders in their field and world-renowned. We welcome local industry and the general public to participate in this event". While presentations will take place in the IT Building, a simultaneous Postgraduate Poster Competition will be held in the foyer of the Orbsen Building. For further details and a running order of presentations, check the College of Science website www.nuigalway.ie/science/news or contact Claire Mitchell on 091 493700.
Lá Taighde á reáchtáil ag Coláiste na hEolaíochta in OÉ Gaillimh don Phobal
(View in English) Ba bhreá le OÉ Gaillimh dá mbeadh an pobal in ann freastal ar Lá Taighde Eolaíochta a bheidh ar siúl ar an gcampas Dé Luain, 20 Aibreán. Tabharfaidh idir lucht acadúil agus thaighdeoirí ó Choláiste na hEolaíochta in OÉ Gaillimh léargas ar an taighde is déanaí atá ar bun acu i bhfoirm láithreoireachtaí gairide a bheidh ar siúl idir 9am agus 5.30pm i seomra IT 125 san Fhoirgneamh IT. Tabharfar léargas don phobal ar an taighde ceannródaíoch atá ar bun ag eolaithe sna disciplíní éagsúla lena n-áirítear eolaíocht cheimiciúil, eolaíocht mhatamaiticiúil, eolaíocht fhisiceach agus eolaíocht bhitheolaíoch. Bhí an méid seo le rá ag an Dr Fawaz Aldabbagh, Leas-Uachtarán um Thaighde, Coláiste na hEolaíochta, OÉ Gaillimh: "Lá speisialta é seo i bhféilire na hOllscoile mar go dtugann sé deis d'eolaithe as na disciplíní ar fad sa Choláiste teacht le chéile chun an taighde atá ar bun acu a chur i láthair agus a phlé i bhfóram atá oscailte don phobal freisin. Ábhar iontach suimiúil a bheidh dírithe ar an bpobal a bheidh faoi chaibidil i gcaitheamh an lae. I measc na n-ábhar a bheidh faoi chaibidil beidh athrú aeráide, eolaíocht mhuirí, dul i ngleic le hailse, éabhlóid, géineolaíocht agus taighde gascheall. Is ceannródaithe ina réimse saineolais féin iad go leor dár n-eolaithe a bhfuil cáil dhomhanda bainte amach acu dóibh féin. Tá fáilte roimh lucht tionscail agus roimh an bpobal páirt a ghlacadh san imeacht seo". Cé go mbeidh na láithreoireachtaí ar siúl san Fhoirgneamh IT, beidh Comórtas Póstaer Iarchéime ar siúl san fhorhalla in Áras Oirbsean. Má theastaíonn tuilleadh eolais agus clár na n-imeachtaí uait, breathnaigh ar láithreán gréasáin Choláiste na hEolaíochta ag www.nuigalway.ie/science/news nó glaoigh ar Claire Mitchell ag 091 493700.
-Críoch-

PreviousNext

Featured Stories