Leathanbhanda nua ardluais don Ghaeltacht

Oct 06 2008 Posted: 00:00 IST
Leathnaíonn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh geilleagar eolasbhunaithe sa Ghaeltacht
Tá líonra teileachumarsáide nua ardluais, a chuirfidh seirbhís leathanbanda ardluais ar fáil, á thabhairt chuig Gaeltacht Chonamara mar thoradh ar chomh-thionscnamh idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, HEAnet agus Údarás na Gaeltachta. Beidh an líonra nua atá á sholáthar ag Airspeed Telecom agus a thacaíonn le breis agus 300Mb, ar fáil ag seacht gcinn d'ionaid Ghaeltachta de chuid OÉ Gaillimh, agus beidh fail ag lucht gnó laistigh de Ghaeltacht na Gaillimhe ar an tseirbhís chomh maith. Neartóidh na seirbhísí seo, atá á seoladh inniu (Dé Luain, 6 Deireadh Fómhair 2008) ag an Aire Éamon Ó Cuív, T.D., an Ollscoil agus na comhpháirtithe acadúla lena bpríomh mhisean teagaisc agus taighde a sheachadadh. Éascófar obair Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge mar go gcabhróidh na seirbhísí nua seo an fhadhb achair a réiteach agus na haonaid atá scaipthe amach go forleathan a chomhtháthú. Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Kieran Loftus, Stiúrthóir ar Sheirbhísí Ríomhaireachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, "Tá líonrú ardluais ar fáil ar champas OÉ Gaillimh, le blianta, ach tá láithreacht againn chomh maith feadh chósta an Iarthair. Tá ionaid ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gceantair ar fud na Gaeltachta. Beidh buntáiste anseo chomh maith d'Institiúid Muireolaíochta Mháirtín Uí Riain i gCarna sna gníomhaíochtaí taighde ar eolaíocht mhuirí atá ar bun acu agus ag an Institiúid Athrú Comhshaoil ag Ceann Mhása i gConamara agus sa Charn, An Boirinn, Co. an Chláir. Beidh an soláthar nua leathanbhanda seo tairbheach freisin d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo sna hionaid atá acu i gCaisleán an Bharraigh agus i Leitir Fraic." Ag cur leis an méid sin, dúirt An Dr. Loftus: "Ní ag OÉ Gaillimh amháin a bheidh buntáiste na seirbhíse nua seo. Beidh fáil ag ár gcomhpháirtithe acadúla, teagaisc agus taighde araon, ar ár n-acmhainní. Tá súil againn go spreagfaí ár láithreacht ard-ghníomhaíochtaí nua sna pobail seo. Tá seirbhísí HEAnet á gcur ar fáil ar shlí ina mbeidh sé níos furasta seirbhísí a sholáthar go háitiúil, b'fhéidir ag feidhmiú mar acmhainn agus mar éascaitheoir le seirbhísí maithe leathanbhanda a sholáthar do na pobail tuaithe seo." Ba cheart go ndéanfadh an líonra nua teileachumarsáide seo difríocht shuntasach do chomhlachtaí agus d'eagraíochtaí atá ag feidhmiú i nGaeltacht na Gaillimhe, a deir Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta, a rinne cómhaoiniú ar an tseirbhís seo. "Is ionann leathanbhanda le haer agus uisce d'aon ghnó nua-aimseartha sa lá atá inniu ann". Tá sé thar a bheith riachtanach. Cabhróidh an rochtain ardluais le gnóthaí a choimeád slán, fás a spreagadh agus gnóthaí nua a mhealladh chuig an réigiún. Is comhfhiontar a bhí sa togra seo freisin le OÉ Gaillimh, ar theastaigh líonra ardluais uathu chuig a n-ionaid for-rochtana Gaeltachta. Tá soláthar cúrsaí creidiúnaithe tríú leibhéal sa Ghaeltacht lárnach i straitéis an Údaráis agus mar pháirt den mhór-phictiúr chun cabhrú le fiontraíocht a chur chun cinn sa cheantar seo. Díreoidh an líonra nua seo freisin ar an easpa ceangal leathanbhanda in iardheisceart Chonamara agus ciallaíonn an infheistíocht seo atá déanta ag Údarás na Gaeltachta agus HEAnet anois go bhfuil fáil ag gnóthaí sa cheantar seo ar sheirbhís ardluais leathanbhanda", a dúirt sé. Agus é ag labhairt roimh an seoladh, dúirt John Boland, Príomhfheidhmeannach HEAnet, "Tá HEAnet ag tabhairt cumhacht na líonraí taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta chuig na ceantair iargúlta seo. Osclaíonn sé seo suas cainéal cumarsáide dhá-threo agus ceanglaítear go domhanda na hacmhainní luachmhara seo, ag nascadh na suímh Éireannacha seo gan stró leis na 3,500 institiúidí taighde eile ar fud na hEorpa. Dúirt Liam O Kelly, Bainisteoir Stiúrtha Airspeed Telecom, "Tá áthas ar AirSpeed Telecom a n-infreastruchtúr líonra a leathnú i réigiún Ghaillimh, Mhaigh Eo agus an Chláir. Tá ár líonra raidió ceadúnaithe foirfe chun na dúshláin geografacha agus airgeadais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide ard bhandaleithead a sholáthar sa cheantar.
Críoch

PreviousNext

Featured Stories