Fáilte roimh an bPobal teacht ag Lá Oscailte OÉ Gaillimh 2008

Oct 06 2008 Posted: 00:00 IST
Beidh Lá Oscailte OÉ Gaillimh ar siúl ó 9am go 3pm, Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair, 2008. Táthar ag súil go dtabharfaidh na mílte mac léinn meánscoile ó cheann ceann na tíre cuairt ar an Ollscoil i dteannta a dtuismitheoirí agus múinteoirí. Dar le Caroline Loughnane, Stiúrthóir Margaíochta agus Cumarsáide, OÉ Gaillimh, agus duine de lucht eagraithe an Lae Oscailte gur "deis iontach é seo do dhuine ar bith atá ag smaoineamh teacht chun staidéir in OÉ Gaillimh labhairt le comhaltaí foirne agus le mic léinn, agus níos mó a fhoghlaim faoi na cúrsaí ar spéis leo iad, dul ag spaisteoireacht mórthimpeall an champais agus ansin cinneadh a dhéanamh an mian leo freastal ar OÉ Gaillimh amach anseo". "Chomh maith leis sin, tugann an Lá Oscailte seo deis do mhic léinn taithí a fháil ar shaol na hollscoile ar an láthair féin. Beidh deis ag cuairteoirí léargas a fháil ar an raon iomlán ábhar atá ar fáil anseo in OÉ Gaillimh ag na seastáin éagsúla a bheidh in Áras na Mac Léinn – ionad na mac léinn anseo – agus freastal ar chuid de na seisiúin tosaigh idirghníomhacha bunaithe ar ábhair éagsúla a bheidh ar siúl i gcaitheamh an lae". Cúrsaí éagsúla ar fáil ag OÉ Gaillimh le cúpla bliain anuas ná: Baitsiléir/Máistreacht Innealtóireachta i Nuálaíocht Innealtóireachta. Is é atá mar aidhm leis an gclár seo sainscileanna ildisciplíneacha a thabhairt do chéimithe le cur ar a gcumas tús a chur lena ngnó féin; gnóthaí a bheidh dírithe ar tháirgí nuálaíochta, nideoige, táirgí faoi chinnireacht an mhargaidh, agus táirgí leictreonacha a fhorbairt. Baitsiléir Innealtóireachta (Onór) & Máistreacht Eolaíochta in Innealtóireacht Spóirt agus Aclaíochta. Is é seo an chéad chlár dá leithéid in Éirinn, agus ar chríoch an chláir seo beidh na scileanna agus an saineolas ag na céimithe chun córais agus feistí a dhearadh chun gníomhaíocht spóirt a mheas agus a chur i bhfeidhm thar raon leathan spórt. Baitsiléir Eolaíochta (Onór) sa Chosliacht. Tá an cúrsa seo dírithe ar staidéar agus ar chóireáil neamhord a bhaineann leis an gcos, an rúitín, an ghlúin, géag na coise agus an chorróg, agus is é seo an t-aon chúrsa dá leithéid atá á thairiscint i bPoblacht na hÉireann. Beidh na mic léinn ag staidéar den chuid is mó sa chlinic cosliachta den chéad scoth atá le forbairt ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag suíomh cóngarach d'Ospidéal Pháirc Mheirlinne. Baitsiléir Onóracha Dán (BA CONNECT): Tá athrú ag teacht ar na céimeanna traidisiúnta sna Dána agus tá seacht gcéim ceithre bliana á dtairiscint faoin gClár CONNECT - clár atá á reáchtáil ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sláinte agus an Léinn Cheiltigh. Tá na cláir CONNECT deartha le cinntiú go n-éiríonn le céimithe poist a fháil trí scileanna ar leith a fhorbairt agus naisc a chruthú leis an saol lasmuigh den champas. Seo a leanas na seacht gcéim atá á dtairiscint trí chlár CONNECT: B.A. le Staidéar Leanaí; B.A. le Scríbhneoireacht Chruthaitheach; B.A. le Staidéar Scannán; B.A. le Staidéar ar Chearta Daonna; B.A. leis an Léann Éireannach; B.A. le Staidéar Amharclannaíochta agus Taibhithe; agus B.A. le Léann na mBan. Gheobhaidh mic léinn léargas ar shaol na hollscoile trí dhul ar thuras mórthimpeall an champais, mar aon le léargas ar na háiseanna atá ar fáil in OÉ Gaillimh lena n-áirítear an tIonad Spóirt a chosain €22 milliún atá lonnaithe in aice le Droichead na gCúig Chéad. Tá achar 6,500 sq.m. san ionad spóirt agus fóillíochta éiceabhách seo ina bhfuil linn snámha 6-lána 25 méadar ar féidir an t-urlár a ardú agus a ísliú inti, cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta, halla ina bhfuil trí chúirt cispheile, stiúideonna ilchuspóireacha, giomáisiam an-mhór agus balla dreapadóireachta chomh maith. Tá lascaine shuntasach le fáil ag mic léinn OÉ Gaillimh ón Kingfisher Fitness Group, cuideachta atá i gceannas ar shé ionad fóillíochta eile ar fud na tíre. Deir Joe Cosgrove, Stiúrthóir Bainistíochta, Kingfisher Fitness Club, "go bhfreastalóidh an t-ionad seo ar riachtanais spóirt agus aclaíochta an uile dhuine, is cuma más ag iarraidh ballraíocht bliana atá tú nó más fearr leat leas a bhaint as tairiscintí éagsúla cosúil le 'Splash and Dash', cuirtear gach duine san áireamh." Tá os cionn 40 club agus 85 cumann in OÉ Gaillimh, rud a chiallaíonn go bhfuil rud éigin ann don uile dhuine. Beidh ionadaithe ó na clubanna agus ó na cumainn go léir i láthair ar an Lá Oscailte le labhairt le cuairteoirí. Chomh maith leis sin, beidh ionadaithe ó Chlár Oibre Deonaí ALIVE i láthair, clár a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le hobair dheonach agus lena cur chun cinn ar an gcampas, chun labhairt faoin raon leathan deiseanna oibre deonaí atá ar fáil do mhic léinn. Féadfaidh cuairteoirí áit a chur in áirithe don Lá Oscailte agus clár a fháil roimh ré trí logáil ar www.nuigalway.ie/openday nó go deimhin féadfaidh tú cuairt a thabhairt orainn ar an lá más mian leat. Tá tuilleadh eolais le fáil ón Oifig um Idirchaidreamh le Scoileanna ag 091 492814, nó trí ríomhphost a sheoladh chuig mary.coyle@nuigalway.ie nó trí chuairt a thabhairt ar http://www.nuigalway.ie/openday/
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories