Éagothroime Sláinte go Forleathan i Measc Leanaí ag Aois Scoile in Éirinn

Oct 07 2008 Posted: 00:00 IST
Tugtar léiriú ar an éagothroime sláinte i measc leanaí in Éirinn i dtuarascáil a d'fhoilsigh an tIonad Taighde um Chothú Sláinte, OÉ Gaillimh inniu. Seo an dara tuarascáil náisiúnta ón Suirbhé ar Iompraíocht Sláinte i Leanaí ag Aois Scoile (HBSC) "Éagothroime Sláinte i measc Leanaí ag Aois Scoile in Éirinn". Den chéad uair tá scrúdú déanta ar phatrúin sláinte, ar iompraíocht sláinte agus ar fholláine i measc leanaí ón Lucht Siúil, leanaí inimirceacha, leanaí a bhfuil míchumas agus tinneas ainsealach orthu agus leanaí i scoileanna faoi mhíbhuntáiste, agus tá comparáid déanta idir iad agus leanaí eile. I measc phríomhthorthaí an tsuirbhé tá rátaí arda úsáidte alcóil i measc cailíní agus buachaillí ón Lucht Siúil, agus rátaí ísle meisce i measc buachaillí inimirceacha; thuairiscigh leanaí ó scoileanna faoi mhíbhuntáiste nach raibh aiste bia chomh scamhardach sin acu agus fuarthas amach go bhfuil leibhéil arda leatroma bulaíochta i measc cailíní ón Lucht Siúil, inimircigh agus leanaí a bhfuil míchumas nó tinneas ainsealach orthu. Is lú seans go mothódh daltaí ón Lucht Siúil, ó theaghlaigh inimirceacha agus daltaí a bhfuil míchumas nó tinneas ainsealach orthu go nglacann daltaí eile leo agus is lú seans go mbeadh triúr cairde nó níos mó ná sin ag cailíní sna grúpaí daltaí sin, go háirithe. Ba spéisiúil an rud é gur beag difríocht a aithníodh idir na grúpaí ó thaobh a gcaidrimh lena dtuismitheoirí. Dúirt an Dr Saoirse Nic Gabhainn ó Ionad Taighde um Chothú Sláinte OÉ Gaillimh: "Is tuarascáil cheannródaíoch í seo a thugann dúshlán na tuairime atá againn maidir le héagothroime agus le héagsúlacht in Éirinn. Bhí a fhios againn go raibh éagothroime sláinte ann i measc daoine fásta ach ceapadh go raibh níos mó comhionannais ann idir leanaí – ach ní hamhlaidh atá ar chor ar bith. Tá deacrachtaí níos mó ag grúpaí áirithe leanaí ná mar atá ag grúpaí eile, agus baineann an fhadhb seo linn uile". Díríodh ar leanaí scoile ó rang 5 go dtí an 5ú bliain, agus ba é an chéad uair é ar cuireadh na difríochtaí agus na cosúlachtaí maidir le sláinte ghinearálta agus folláine, úsáid substaintí, iompraíocht cothaithe agus bia, gníomhaíocht fhisiciúil, foréigean agus gortuithe, dearcadh i leith na scoile agus an caidreamh le tuismitheoirí agus le cairde ar taifead go córasach. Ag fáiltiú di roimh an tuarascáil, dúirt Mary Wallace T.D., An tAire Stáit sa Roinn Sláinte agus Leanaí a bhfuil freagracht ar leith uirthi maidir le Cothú Sláinte agus Sábháilteacht Bia: "Tá sé tábhachtach taifead a choinneáil ar an gcaoi a bhfuil ár gcuid leanaí. Cabhróidh sin linn tuiscint níos fearr a fháil ar na réimsí ar cheart dúinn ár n-iarrachtaí a bheith dírithe orthu. Táimid tiomanta d'fhianaise taighde a úsáid chun cur lenár gcur chuige i leith an chuimsithe shóisialta". Tá an suirbhé de chuid HBSC Éireann lonnaithe san Ionad Taighde um Chothú Sláinte, OÉ Gaillimh ó 1994 agus is féidir gach tuarascáil agus gach alt a íoslódáil ó www.nuigalway.ie/hbsc
- críoch -

PreviousNext

Featured Stories