Maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le haghaidh scoláireach

Jul 28 2008 Posted: 00:00 IST
Cuireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh fáilte roimh an maoiniú ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don chúrsa nua MA Ateangaireacht Chomhdhála, an chéad chúrsa dá shórt in Éirinn. Agus an scéala á fhógairt inniu aige, dúirt Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deiseanna iontacha ar fáil anois do dhaoine le Gaeilge san Eoraip de bharr stádas a bheith ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an AE: "Molaim an cúrsa seo d'éinne atá ag iarraidh slí bheatha spéisiúil agus thairbheach le Gaeilge a bhaint amach. Cruthóidh cáilíocht mar ateangaire le Béarla agus Gaeilge féidearthachtaí do dhaoine óga agus don teanga nach raibh ar fáil dúinn roimhe seo". Tá an clár seo á bhunú ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála (European Masters in Conference Interpreting) – clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus atá á chur ar fáil in 18 dtír san Eoraip. Díreofar i rith an chúrsa ar úsáid na Gaeilge agus an Bhéarla mar theangacha gníomhacha agus éighníomhacha ateangaireachta, agus ar úsáid na Fraincise mar theanga éighníomhach. Féadfar teangacha Eorpacha eile a úsáid i rith an chúrsa má bhíonn dóthain éilimh orthu sin. Ar mhaithe le mic léinn a ullmhú don saol gairmiúil atá rompu, díreofar ar ghnéithe mar scileanna cumarsáide ar nós glóroiliúint, óráidíocht phoiblí, chomh maith le dianchleachtadh ar an ateangaireach leantach agus an ateangaireacht chomhuaineach. Eagrófar seachtain staidéir chuig Coimisiún na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa chun léargas a thabhairt do na mic léinn ar obair na n-ateangairí comhdhála sna hinstitiúidí sin. Beidh seans ag mic léinn ar mian leo an Fhraincis a úsáid ar an gcúrsa dianchúrsa Fraincise a dhéanamh i bPáras i mí Mheán Fómhair faoi na scoláireachtaí atá á maoiniú ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Dúirt Eoin Ó Droighneáin, stiúrthóir an chúrsa: "Cuirim fáilte roimh an tionscnamh seo ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ceapaim go gcuideoidh an dianchúrsa Fraincise go mór le mic léinn barr feabhais a chur ar a gcuid Fraincise agus iad ag teacht isteach ar an gcúrsa MA in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh." Dúirt sé: "Tá géarghá ag an Aontas Eorpach le hateangairí oilte, cáilithe le Gaeilge. Is é seo an t-aon chúrsa MA dá leithéid sa tír agus ullmhóidh sé mic léinn le slí bheatha a bhaint amach mar ateangairí comhdhála gairmiúla. Bainfidh na mic léinn úsáid i rith an chúrsa as trealamh faoi leith a bhíonn in úsáid ag ateangairí gairmiúla san Eoraip; fágfaidh an cleachtadh a gheobhaidh siad anseo go mbeidh an-seans ag mic léinn ar phostanna gradamúla a fháil mar ateangairí gairmiúla ach a gcríochnóidh siad an cúrsa". Tá an MA (Ateangaireacht Chomhdhála) á chur ar fáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, institiúid lán-Ghaeilge na hOllscoile le haghaidh cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge, agus beidh sé ar siúl san Ionad atá ag an Acadamh ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe. Tá an cúrsa féin á mhaoiniú ag Údarás na Gaeltachta agus dá bharr seo ní bheidh táille ar bith le híoc ag mic léinn a gheobhaidh áit ar an gcúrsa. Tá iarratais á nglacadh le haghaidh áiteanna ar an gcúrsa faoi láthair agus is féidir teagmháil a dhéanamh le Siobhán Ní Chualáin ag + 353 91 495428 nó ar an ríomhphost ag aistriuchan@oegaillimh.ie má theastaíonn tuilleadh eolas breise ina thaobh.
CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories