Fógraíonn an tAire Martin T.D. comhoibriú taighde agus forbartha idir Smith & Ne

Oct 11 2007 Posted: 00:00 IST
D'fhógair an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Micheál Martin T.D. (Dé Céadaoin, an 10 Deireadh Fómhair 2007) go mbunóidh Smith & Nephew, an chuideachta teicneolaíocht leighis, i gcomhar le REMEDI, Institiúid an Leighis Athghiniúnaigh in OÉ Gaillimh, clár ceithre bliana Taighde agus Forbartha chun leigheas nua a fháil do ghalair chnámh agus alt, cosúil le hoisté-airtríteas. Tá IDA Ireland ag tacú leis an infheistíocht – infheistíocht a chosnóidh sa bhreis ar €6 mhilliún.

Soláthraíonn Smith & Nephew teicneolaíocht leighis ar fud an domhain, lena n-áirítear cóireálacha ortaipéideacha agus ionchlannáin do ghlúine, corróga agus guaillí. Bhunaigh Fondúireacht Eolaíochta Éireann REMEDI mar ionad Eolaíochta, Innealtóireachta agus Teicneolaíochta in 2004 agus aithnítear REMEDI anois mar phríomhionad na hÉireann do thaighde ar theiripe gascheall agus géinteiripe. Tá saineolas ar leith ag an ionad i dtaighde airtítis agus cuirtear béim ar leith ar thorthaí a chuid taighde a úsáid chun teiripe nua a úsáid i ngalair ortaipéideacha, chardashoithíocha agus néaracha.

Dúirt an tAire Martin agus fáilte á chur roimh an gclár aige "Taighde agus Forbairt nuálaíoch atá i gceist leis seo agus beidh sé fíorthábhachtach chun leigheas nua a fháil ar oisté-airtríteas, riocht coitianta a ídíonn na hailt agus nach bhfuil aon leigheas air faoi láthair. Cuireann oisté-airtríteas costas mór ar an gcóras sláinte i ngach tír agus, mar gheall go mbaineann sé le haois, méadóidh na costais seo de réir mar a rachaidh daonra an domhain in aois. Tagann an clár nua seo le straitéis an Rialtais Éire a chur chun cinn i dteicneolaíocht nua Taighde & Forbartha agus biteiripic nua."

Oibreoidh Ionad Taighde Smith & Nephew in York (sa Ríocht Aontaithe) i gcomhpháirtíocht le REMEDI chun teiripe nua a fhorbairt trí ghaschealla ó smior dhuine fásta a úsáid chun loingeán sláintiúil a fhás arís agus ailt a bhfuil damáiste déanta dóibh a dheisiú. Tá airíonna sna gaschealla a d'fhéadfadh fíocháin nua shláintiúla a chruthú chun an damáiste ón ngortú nó ón ngalar a leigheas.

Dúirt Peter Arnold, Stiúrthóir Ghrúpa na Teicneolaíochta in Smith & Nephew: "Tá an-áthas orainn a bheith ag oibriú i gcomhpháirtíocht le REMEDI mar go bhfuil aithne agus meas orthu mar cheannairí sa réimse seo. Níl aon rogha athghiniúnach ar fáil faoi láthair do dhaoine a bhfuil oisté-airtríteas agus riochtaí eile matánchnámharlaigh orthu. Bhainfeadh othair óga go háirithe an-tairbhe as seo mar go gcaitheann go leor acu blianta ar phianmhúcháin láidre sula bhfaigheann siad alt nua."

"Is é an aidhm atá le comhpháirtíocht Smith & Nephew agus REMEDI teiripe nua ortaipéideacha a fhorbairt a chabhróidh le daoine a bheith gníomhach agus saor ó phian níos faide ina saol trí leas a bhaint as gaschealla ó dhuine fásta chun loingeáin nó cnámha nua a fhás."

Dúirt an tOllamh Frank Barry, Stiúrthóir Eolaíoch REMEDI: "Is iontach an éacht í seo. Tá áthas orainn oibriú le Smith & Nephew chun teiripe nua, chillbhunaithe a fhorbairt d'oisté-airtríteas. Chomh maith leis an tacaíocht ó Smith & Nephew ba mhaith linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht ó Fhondúireacht Eolaíocht Éireann – murach í ní bhunófaí REMEDI – agus an tacaíocht ón IDA a chabhróidh linn teiripe nua airtrítis a fhorbairt.

Tá teicneolaíocht forbartha ag Ionad Taighde Smith & Nephew cheana féin, atá in ann loingeán daonna a fhás ó ghaschealla ó dhuine fásta. Tríd an gcomhpháirtíocht le REMEDI – a bhfuil saineolas acu i loingeáin oisté-airtrítis a dheisiú – forbrófar teiripí nua ortaipéideacha níos sciobtha. Leis na teiripí seo ní bheidh gá nó ní bheidh an oiread deifre le hailt nua agus ansin ní bheidh an oiread gá le pian a bhainistiú go fadtréimhseach.

Tá oisté-airtríteas ar bhreis agus 100 milliún duine ar fud an domhain, agus tá sé ar cheann de na cúiseanna is coitianta le míchumas. Díríonn aon chóireáil atá ann faoi láthair ar an riocht gan leigheas ar an bpian a bhainistiú agus ar ghlúin nó ar chorróg nua a thabhairt don duine sa deireadh.

Beidh James Huckle, Bainisteoir Cláir i dTeicneolaíochtaí Cumasúcháin in Ionad Taighde Smith & Nephew, agus an tOllamh Frank Barry, Stiúrthóir Eolaíoch REMEDI agus saineolaí in innealtóireacht gascheall ó dhuine fásta, i gceannas ar an tionscadal. Beidh deichniúr taigdheoirí ag obair i REMEDI ar an tionscadal in York. Chomh maith leis sin, tabharfaidh Ionad Taighde Smith & Nephew tacaíocht don tionscadal. Tá ardscileanna bainistíochta agus saineolas acu ar thaighde i gcomhpháirtíocht le lucht acadúil agus leis an tionscal.

D'fháiltigh Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh roimh an bhfógra, ag rá, "Is iontach an sampla an chomhpháirtíocht seo idir REMEDI agus Smith & Nephew de chomhpháirtíocht idir an lucht acadúil agus an tionscal. Thar ceann OÉ Gaillimh, fáiltím go mór roimh an infheistíocht seo mar go mbeidh tairbhe le baint acu siúd a bhíonn ag fulaingt ó ghalair chnámh agus alt ón dtaighde eolaíoch agus nuálaíoch seo".

Úsáidfear saotharlanna REMEDI in OÉ Gaillimh agus a saotharlann déantúsaíochta chun gaschealla ó dhuine fásta a dhéanamh do na trialacha cliniciúla.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories