Os cionn €100,000 Bronnta ar Lúthchleasaithe OÉ Gaillimh

Nov 12 2007 Posted: 00:00 GMT
Scoláireachtaí Spóirt 2007/2008

Tá Scoláireachtaí Spóirt ar fiú os cionn €100,000 iad bronnta faoi Scéim Scoláireachtaí Spóirt OÉ Gaillimh na bliana seo. Tá an Scéim Scoláireachtaí seo ar bun le 10 mbliana anuas. Tacaíonn an scéim le lúthchleasaithe atá ag freastal ar an Ollscoil dul chun cinn a dhéanamh, mar aon le deis a fháil a gcumas spóirt a fhorbairt le linn a bheith ag staidéar in OÉ Gaillimh.

Ag searmanas speisialta a eagraíodh san Ollscoil, bhronn Keith Warnock, Leas-Uachtarán um Acmhainní Fisiciúla OÉ Gaillimh, duaiseanna ar 82 mac léinn. Tugadh €2,000 an duine arís i mbliana do 14 lúthchleasaí atá ar scoláireacht spóirt cheana féin agus atá fós san Ollscoil. Bronnadh scoláireacht (€2,000 an duine) ar 13 mac léinn eile den chéad uair, agus tugadh €1,000 an duine do 50 mac léinn eile, faoi scéim Spáranachtaí na hOllscoile.

I measc na mac léinn a bhuaigh Scoláireachtaí i mbliana tá Niamh Fahy ó Chill Aithnín, Co. na Gaillimhe – Réalta le Foireann Peil Ghaelach na Gaillimhe agus Imreoir le Foireann Shinsearach Sacair Ban na hÉireann; Niamh Kilkenny, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe – Réalta le Foireann Shinsearach Camógaíochta na Gaillimhe; David Conway, Baile Mhic Mhaoilir, Co. Laoise – Imreoir Peil Ghaelach; David Duffy, An Muileann gCearr, Co. na hIarmhí – buaiteoir le Foireann Mhac Léinn Céad Bhliana na hÉireann; David Kenny, Biorra, Co. Uíbh Fhailí – réalta óg Iománaíochta; Fiona Carroll, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe – réalta óg Gailf; agus Liam Molloy, An Caisleán Nua, Gaillimh – Réalta Idirnáisiúnta Iomraimh.

Le cois na scoláireachtaí seo, bronnadh scoláireachtaí Peile ar bheirt mhac léinn, Mark Ronaldson, Sruthair, Co. Mhaigh Eo agus Chris Barrett, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, mar chuid d'urraíocht Cadbury ar Chraobh Peile Cadbury Faoi 21 na hÉireann. Bronnadh trí scoláireacht eile, urraithe ag Galway United agus Sports Med West ar Michael Creane ó bhaile Shligigh; Jack O'Doherty, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall; agus Vinny Carrigan ó Chaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Tugann Scéim na Scoláireachtaí Spóirt deis do mhic léinn páirt a ghlacadh ina spórt féin ag an leibhéal is airde, dar le Tony Regan, Oifigeach Spóirt agus Áineasa na hOllscoile, "Chuir Scéim na Scoláireachtaí Spóirt go mór le cúrsaí spóirt in OÉ Gaillimh. Le blianta fada anuas, is mór an chabhair atá tugtha ag an scéim do lúthchleasaithe maithe atá ag déanamh ionadaíochta ar an Ollscoil ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tá ag éirí go geal leo. I measc na lúthchleasaithe seo tá Paul Hession, sealbhóir curiarrachta reatha na hÉireann ag 60, 100 & 200 méadar, Eadaoin Ní Challaráin, a d'fhreastail ar na cluichí Oilimpeacha in 2000 agus 2004, mar aon leis na hIomróirí Oilimpeacha reatha, Cormac Folan agus Alan Martin."

Ina theannta sin, dúirt sé "Is mian linn tréaslú leis na buaiteoirí ar fad a dhéanann ionadaíocht ar an tír seo agus gach rath a ghuí orthu lena n-iarrachtaí spóirt san Ollscoil agus go deimhin níos faide ó bhaile".

Tá baint ag lúthchleasaithe na bliana seo le réimse leathan spóirt lena n-áirítear Lúthchleasaíocht, Cispheil, Dornálaíocht, Camógaíocht, Rothaíocht, Peil Ghaelach, Galf, Haca, Cadhcáil, Iomramh, Rugbaí, Sacar, Tonnmharcaíocht, Snámh agus Clársheoltóireacht.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories