Céimeanna Oinigh le bronnadh ar sheisear – Enya ina measc

May 21 2007 Posted: 00:00 IST

Tá sé fógartha go bhfaighidh seisear den scoth ó shaol an ghnó, an daonchairdis, an cheartais, an cheoil agus na n-ealaíon céimeanna dochtúireachta oinigh ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2007 agus beidh sáramhránaí na hÉireann – Enya – ina measc.

Tá Enya, ó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall ó dhúchas, agus a bhí sa bhanna Clannad lena teaghlach tráth, i measc na n-amhránaithe ban is cáiliúla ar domhan anois. Is iomaí gradam atá bainte amach ag an gceol a scríobhann sí. Tá ceithre Grammy buaite ag Enya agus ainmníodh í féin agus a foireann léirithe/scríbhneoireachta do Golden Globe agus do Oscar as a saothar ar The Lord of the Rings. Tá sé cinn de Ghradaim Cheoil an Domhain buaite ag Enya chomh maith leis an American Golden Plate Award.

Beidh céim oinigh á bronnadh chomh maith ar an bhfear gnó agus an daonchara Bill Walsh, fear atá ag tacú le fada leis an American Ireland Fund chomh maith lena bheith ina stiúrthóir air agus fuair sé an Gradam Ceannaireachta uathu i 1997.

Gheobhaidh an fear gnó idirnáisiúnta agus cathaoirleach Reuters, Niall Fitzgerald KBE, céim dhochtúireachta oinigh chomh maith leis an Ard-Bhreitheamh Pius Langa, an chéad Ard-Bhreitheamh Afracach san Afraic Theas.

Ó shaol na n-ealaíon, bronnfar céim oinigh ar Nicholas Carolan, a bhunaigh Cartlann Cheol Traidisiúnta na hÉireann agus an Dr Jane O Leary, cumadóir, ceoltóir, duine de lucht bunaithe Aosdána agus bunaitheoir agus cathaoirleach Music for Galway.

Ag labhairt dó agus céimithe oinigh na bliana seo fógartha, dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh, "Cé go bhfuil go leor céimithe oinigh bronnta ag OÉ Gaillimh thar na mblianta, is grúpa ar leith iad siúd a bhfuil céim oinigh á fáil acu i mbliana. Tá neart déanta acu sna réimsí éagsúla lena mbaineann siad – gnó, na healaíona, ceol, daonchairdeas agus ceartas agus tá an-áthas ar an Ollscoil a bheith in ann aitheantas a thabhairt do na daoine iontacha seo."

Beidh searmanas speisialta ann Dé hAoine, an 29 Meitheamh 2007 chun na céimeanna oinigh a bhronnadh i mbliana. I láthair ag an searmanas beidh Seansailéir Ollscoil na hÉireann agus an tIar-Thaoiseach, an Dr Garret Fitzgerald.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories