Cartlann Bhunaitheoir CLG bronnta ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ Gailli

May 10 2007 Posted: 00:00 IST

Ag searmanas speisialta san Ollscoil, bronnadh Cartlann Mhíchíl Chíosóig, cartlann ina bhfuil ábhar oifigiúil agus pearsanta a bhaineann le bunaitheoir CLG, Mícheál Cíosóg agus a theaghlach, ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ Gaillimh.

B'iarleabharlannaí de chuid OÉ Gaillimh, Patricia O'Connell nach maireann, neacht chéile le Mícheál Cíosóg, a thug an chartlann don Leabharlann. I measc na n-ábhar:

  • Leabhar oifigiúil Chlub Iománaíochta Chathair Bhaile Átha Cliath, ó bunaíodh é i 1883 – sonraí faoi bhallraíocht, miontuairiscí agus cuntais an chlub nua, a raibh Cíosóg ina Leas-Uachtarán air, agus socruithe do chluichí iománaíochta i bPáirc an Fhionnuisce ag tús 1883;
  • Cuntas Mhíchíl Chíosóig ar a chuairt ar Chontae an Chláir, Meitheamh 1902;
  • litir chuig a chlann mhac sa tréimhse chéanna;
  • leabhar urnaithe a thug sé dá bhean Margaret i 1880;
  • nótaí faoina ghinealas, agus nóta dá chlann ina measc;
  • grianghraif de Mhícheál, Margaret agus a gclann.

Labhair an Leabharlannaí Marie Reddan faoi thábhacht na cartlainne. "Cuirfidh Cartlann Chíosóig go mór le stóras OÉ Gaillimh maidir le hathbheochan chultúr na hÉireann ag deireadh an naoú céad déag. Is bailiúchán den scoth é seo agus cuirfidh sé go mór leis an ábhar atá againn ó Bhailiúchán Stiofáin Bhairéid (an chéad Chisteoir ar Chonradh na Gaeilge) agus bailiúchán de pháipéir nuachta na hOllscoile ó dheireadh an naoú céad déag, ina bhfuil The Celtic Times."

Rugadh Mícheál Cíosóg (1847 – 1906) sa Charn taobh thoir de Bhoirinn. Mhúin sé i gCora Finne, Loch Cútra, Coláiste Cholmáin, Iúr Cinn Trá, Coláiste na Carraige Duibhe agus i scoileanna eile i mBaile Átha Cliath, i gCill Chainnigh agus i gCill Dara, sular bhunaigh sé a scoil féin. I 1884, bhunaigh sé Cumann Lúthchleas Gael, chun iománaíocht agus peil Ghaelach a athbheochan agus chun an lúthchleasaíocht a fhorbairt. Bhí baint ag an gCíosógach le gluaiseacht athbheochana na Gaeilge freisin, agus scríobh sé go rialta do thréimhseacháin éagsúla. Bhunaigh sé The Celtic Times, páipéar seachtainiúil faoi chluichí dúchasacha agus faoi chultúr na hÉireann.

Seachas an tairbhe a bheadh ann do thaighdeoirí maidir le heolas faoi fhórsaí cultúrtha sa tréimhse sin agus, go háirithe, imeachtaí roimh bhunú CLG i 1884, tugann cartlann Mhíchíl Chíosóig léargas níos fearr dúinn ar phearsantacht Chíosóig, an fear príobháideach teaghlaigh. Níl ábhar mar seo ó pheann Chíosóig féin le fáil in aon áit eile, ach in OÉ Gaillimh, agus bronnta orainn ag a theaghlach féin.

Tá an Ollscoil fíorbhuíoch as an gcartlann seo a bhronn Patricia O'Connell ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, áit ar chaith sí riar maith dá saol. Bhí trí leabhar scríofa ag Patricia féin faoi Choláistí Éireannacha ar an Mór-Roinn. Faraor, bhásaigh Patricia i mí na Nollag 2006.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories