Bronann Scoláireachtaí Iontrála aitheantas ar mhic léinn a bhain ardchaighdeán a

Feb 05 2007 Posted: 00:00 GMT

5 Feabhra 2007: Bhí searmanas speisialta ar siúl in onóir do na 57 mac léinn a fuair Scoláireacht Iontrála san Ollscoil. Is aitheantas é seo ar an ardchaighdeán acadúil i measc rang 2006/07.

Bhí an tUachtarán féin, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, i láthair ag an searmanas in Áras na Mac Léinn, Dé Sathairn, an 3 Feabhra 2007. Bronnadh seic €1,525 ar na mic léinn chomh maith le scrolla a dearadh go speisialta chun an t-éacht a rinne siad sa scrúdú deiridh scoile a cheiliúradh.

Is ó gach cearn den tír na buaiteoirí agus déanann siad ionadaíocht ar 18 gcontae, ó Aontroim go Corcaigh agus ó Dhún na nGall go Port Láirge. Is de bhunadh na Gaillimhe 23 scoláire. Bronnadh na scoláireachtaí ar scoláirí ó 43 scoil ar leithligh, rud a léiríonn go bhfuil tallann acadúil den scoth le fáil i réimse leathan scoileanna, idir scoileanna beaga agus móra, ar fud na tíre.

Dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh: "Tá an-áthas orainn anseo in OÉ Gaillimh aitheantas a thabhairt do thallann acadúil na 57 mac léinn iontach seo ó cheann ceann na tíre. Tá ríméad orm fáilte a chur rompu ar an gcampas seo agus tá moladh ag dul dóibh as an Ollscoil seo a roghnú le staidéar a dhéanamh inti. Táimid ag súil go mór lena dtallann acadúil a chothú agus tacú leo ina gcuid staidéir".

Gheobhaidh gach iontrálaí nua a bhainfidh 560 pointe amach (590 i Leigheas agus Eolaíochtaí Sláinte) na scoláireachtaí seo. D'éirigh le beirt mhac léinn déag as na Dámha seo – na Dána, Tráchtáil, Innealtóireacht, agus Leigheas & Eolaíochtaí Sláinte uasmhéid na bpointí a fháil (600 pointe) (chomh maith le seisear eile a fuair an uasmhéid sna scrúduithe A-level). Fuair triúr mac léinn déag 590 pointe.

-CRÍOCH-

PreviousNext

Featured Stories