Deontas de €6m Ceadaithe ag Ó Cuív d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoi

Dec 10 2007 Posted: 00:00 GMT
Tá deontas ar fiú €6m thar tréimhse trí bliana ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, d'Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus na fo-ionaid ollscoile atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Cuireadh an deontas seo ar fáil mar chúnamh dóibh chun a gcuid beartais ar mhaithe leis an nGaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn. Dúirt an tAire go gcuireann an tAcadamh go mór leis na deiseanna oideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus go mbíonn tionchar thar a bheith dearfach acu ar shaol sóisialta, eacnamaíoch, cultúrtha agus teanga na bpobal sin trí chéile. I gcás na pleanála teanga, cuidíonn gníomhaíochtaí Acadaimh na hOllscolaíochta Gaeilge go mór le pobail éagsúla sa Ghaeltacht, trí na cúrsaí a chuireann siad ar fáil sa réimsí sin agus trí na seirbhisí taighde & comhairleacht a chuireann siad ar fáil d'eagraíochtaí éagsúla.

Tá cur chuige dúshlánach leagtha amach ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh don ollscolaíocht trí Ghaeilge ina Plean Straitéiseach. Beidh cúrsaí creidiúnaithe tríú leibhéal á dtairiscint go hiomlán trí Ghaeilge in ionaid éagsúla laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt an tAire Ó Cuív go bhfuil an ollscolaíocht Ghaeilge ag dul i ngleic le creimeadh an phobail tuaithe agus ag láidriú staid agus próifíl na Gaeilge. "Cuirtear fostaíocht nua chun cinn atá teanga-chairdiúil. Tá ról lárnach ag an Acadamh ag tacú leis an bpróiséas forbartha pobail agus ag cruthú bonneagar Gaeltachta atá teanga lárnaithe," a deir an tAire. Dúirt sé go raibh áthas air an cúnamh seo a chur ar fáil go háirithe i gcomhthéacs costais seachadtha chúrsaí trí Ghaeilge a bheith níos airde ná costais chúrsaí a sheachadtar trí Bhéarla.

PreviousNext

Featured Stories