Clár B.A. seolta i nGaoth Dobhair - B.A. sa Riarachán Gnó

Dec 04 2007 Posted: 00:00 GMT
Tá clár céime nua agus nuálaíoch – clár a bheidh á reáchtáil trí mheán na Gaeilge – seolta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Beidh an clár seo ar siúl in ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall agus is i mí Mheán Fómhair 2008 a chuirfear tús leis.

D'fhógair Uachtarán OÉ Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh sonraí an chláir nua seo ag an searmanas bronnta a bhí ar siúl i nGaoth Dobhair i mbliana. Dúirt sé go raibh áthas air a bheith i nGaoth Dobhair ag searmanas bronnta do mhic léinn an Acadaimh don tríú bliain as a chéile agus go raibh áthas air a fhógairt "go mbeidh céim iomlán ollscoile á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge den chéad uair riamh i nGaoth Dobhair an bhliain seo chugainn. Tá áthas ar leith orainn go bhfuil ar ár gcumas an B.A. sa Riarachán Gnó a thairiscint i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Is éard atá ar bun againn i ndáiríre acmhainní an dá institiúid a úsáid chun clár maith céime trí mheán na Gaeilge a sholáthar san Iarthuaisceart."

Tharraing an tUasal Paul Hannigan, Uachtarán Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn aird ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú idir an dá institiúid tríú leibhéal seo chun an clár nua seo a fhorbairt. "Tá cáil bainte amach ag Scoil Ghnó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn as feabhas na gcúrsaí gnó a chuirtear ar fáil agus tá os cionn 1,000 mac léinn ag freastal ar ár gcúrsaí fochéime agus iarchéime anois. Tá ceann de na ceantair Ghaeltachta is mó sa tír i nDún na nGall agus tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh chun cúrsa nua céime sa ghnó a sholáthar trí mheán na Gaeilge."

Dúirt Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta – atá ag tabhairt tacaíochta don chúrsa – gur léargas eile fós é an tacaíocht atá á soláthar don chlár seo ar thiomantas an Údaráis d'fhorbairt gheilleagrach agus theangeolaíoch na Gaeltachta. "Is léir dúinn ar fad gur fágadh na tionscail thraidisiúnta déantúsaíochta ar leataobh agus go ndearnadh damáiste do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht dá bharr. Ní mór dúinn anois a bheith san iomaíocht sa timpeallacht dhomhanda – áit a mbraitheann dul chun cinn ar leibhéil níos airde eolais agus scileanna. Cabhróidh tionscnaimh cosúil leis an gcúrsa céime seo le muintir na Gaeltachta déileáil leis na dúshláin nua seo, agus ní hamháin tionscail ardleibhéil a mhealladh ach gnóthaí a bhunú iad féin."

Dúirt Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair, "Cúrsa ceithre bliana atá anseo agus is é atá mar aidhm againn na scileanna praiticiúla agus anailíseacha a theastaíonn le feidhmiú i ngnó agus timpeallacht riaracháin dhátheangaigh a thabhairt dár gcéimithe."

"Le blianta beaga anuas, tá méadú as cuimse tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is léir mar sin gur féidir le céimithe an chúrsa céime seo a bheith ag súil le deiseanna iontacha fostaíochta amach anseo."

Tá tuilleadh eolais faoin B.A. sa Riarachán Gnó le fáil ag www.acadamh.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le hIonad Ghaoth Dobhair ag 074 9531919 nó ríomhphost a sheoladh chuig gaothdobhair@oegaillimh.ie.

– Críoch –

PreviousNext

Featured Stories