Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin ag OÉ Gaillimh i gCorca Dhuibhne

Aug 27 2007 Posted: 00:00 IST
Tá sé fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh go bhfuil cúrsa Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin le tosnú i gCorca Dhuibhne an mhí seo chugainn. Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain atá i gceist agus cuirfear tús leis i lár mí Mheán Fómhair 2007 sa Daingean, Co. Chiarraí.

Is é an aidhm atá leis an gcúrsa eolas tosaigh a thabhairt do mhic léinn ar na scileanna is tábhachtaí is gá a bheith ag duine a bhíonn ag aistriú idir an Béarla agus an Ghaeilge agus oiliúint bhunúsach a thabhairt dóibh sna scileanna sin. Is é seo an dara huair an cúrsa seo á reáchtáil i gCorca Dhuibhne; chríochnaigh aon duine dhéag an chéad bhabhta den chúrsa san earrach seo caite.

Seo an méid a bhí le rá ag Eoin Ó Droighneáin, Riarthóir an Aonad Aistriúcháin agus Pleanála Corpais, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: "Mar is eol do chách anois, tá an-éileamh go deo ar aistritheoirí a bhfuil an Ghaeilge mar sprioctheanga acu, agus cabhróidh an cháilíocht a bheidh mar thoradh ar an gcúrsa seo le daoine teacht i dtír ar na deiseanna fostaíochta agus eile atá ann".

Tá an cúrsa oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge agus Béarla acu agus ar mhaith leo díriú ar an aistriúchán mar shlí bheatha nó scileanna áirithe aistriúcháin a úsáid ina saol oibre.

Glacfar le hiarratais don chúrsa go dtí Dé hAoine, 31 Lúnasa 2007.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories