Coláiste San Aingeal, Sligeach anois ina Choláiste d'Ollscoil na hÉireann, Gaill

Jan 24 2006 Posted: 00:00 GMT
Tá Coláiste San Aingeal, Sligeach ina Choláiste d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó Eanáir 1, 2006, faoi Chomhaontú foirmiúil idir an Coláiste agus an Ollscoil. Seo an chéad uair go mbeidh institiúid oideachais neamhspleách mar Choláiste ag aon Chomhollscoil de chuid Ollscoil na hÉireann.

Is í aidhm an Chomhaontaithe ná an soláthar ollscolaíochta agus taighde san Iarthuaisceart a leathnú, agus ciallóidh sé go mbeidh gaol oibre agus straitéiseach i bhfad níos dlúithe idir an Coláiste agus an Ollscoil. Ag an am céanna, cinnteoidh sé go mbeidh féinriail chuí ag an gColáiste agus go gcaomhnófar an stádas dlíthiúil neamhspleách agus leithleach atá ag an gColáiste agus go gcoinneofar a éiteas traidisiúnta slán.

Clárófar mic léinn Choláiste San Aingeal ina mic léinn freisin d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus is ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a gheobhaidh said a gcéimeanna agus a gcáilíochtaí eile (ar céimeanna agus cáilíochtaí iad d'Ollscoil na hÉireann, mar is amhlaidh i gcás na mac léinn uile i gcóras Ollscoil na hÉireann). Fanfaidh struchtúir rialaithe an Choláiste mar atá agus ní bheidh aon athrú i stádas na foirne mar fhostaithe Choláiste San Aingeal.

Beidh crosionadaíocht chuí ón fhoireann ar choistí acadúla agus rialaithe a chéile – agus ballraíocht ex officio ag Uachtarán an Choláiste ar Údarás na hOllscoile mar chuid di sin – é sin chun an leas is fearr a bhaint as a gcomhacmhainní, i bhforbairt chlár acadúil agus sa taighde, ar mhaithe le réigiún an Iarthuaiscirt. Bunófar comhchoiste freisin le maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Chomhaontaithe, agus socrófar go mbeidh a n-áiseanna leabharlainne, teicneolaíochta agus eile i gcomhar acu de réir mar is cuí.

Thángthas ar an gComhaontú tar éis do Choláiste San Aingeal teacht chun cainte faoi le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh le blianta beaga anuas, agus tá fáilte mhór curtha roimhe ag foireann agus údaráis rialaithe an dá institiúid. Tá tacaíocht láidir tugtha dó freisin ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (óna bhfuair an Coláiste a maoiniú go dtí seo), ag an Údarás um Ardoideachas agus ag Seanad Ollscoil na hÉireann. Bhí Coláiste San Aingeal ina Choláiste Aitheanta ag Ollscoil na hÉireann ó 1978, faoi mhaoirseacht Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ach tá sí éirithe as bheith ina Coláiste Aitheanta ó Nollaig 31, 2005, de bhun an stádais nua atá gnóthaithe aici anois mar Choláiste d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bunaíodh Coláiste San Aingeal, Sligeach i 1952 ag Aontas Ursulach Éireann mar choláiste oiliúna do mhúinteoirí Eacnamaíochta Baile. Is aitheantas ar ar bhaineadar amach sa réimse sin gur ainmnigh an tAire Oideachais agus Eolaíochta i 2003 an Coláiste mar an t-aon ionad náisiúnta feasta um oiliúint mhúinteoirí Eacnamaíochta Baile, rud a chuir le líon na mac léinn agus na speisialtachtaí sa chlár sin.

Mar sin féin, ní taobh leis an ngort sin amháin a d'fhan an Coláiste le roinnt blianta siar, rud is léir ó na cláracha Bunchéime, Mháistir, Ard-Dioplóma agus Dioplóma atá á soláthar aici i réim mhór gnéithe den Eacnamaíocht Bhaile, Oideachas (Riachtanais Speisialta Oideachais ina measc), san Altranas (Ginearálta agus Míchumas Intleachta), sa Bhia, agus i dTeicstílí, Faisean agus Dearadh. Tá cúrsa Rochtana á chur ar fáil aici freisin dóibh siúd faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus comhoibríonn sí le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh lena clár BA siúd sa Léann Eacnamaíoch agus Sóisialta a chur ar fáil ar an gcampas sin. Tá Ionad tábhachtach um Fhorbairt Tháirgí Bia aici freisin agus bíonn baint aici le tionscnaimh éagsúla trasteorann i bpáirt le hinstitiúidí oideachais i dTuaisceart Éireann.

Faoi láthair tá 510 mac léinn lánaimseartha agus 300 páirtaimseartha, chomh maith le foireann de 90 lánaimseartha agus 21 páirtaimseartha, ag an gColáiste.

Suíomh den scoth ar bhruach Loch Gile i gcroílár Dúiche Yeats i Sligeach, atá ag coláiste San Aingeal, achar gearr ó Chathair Shligigh. Tá seirbhís thráthrialta bhus, le cabhair airgid ón gColáiste, ann le mic léinn a thabhairt ó mhoch maidne go deireanach tráthnóna chuig an gcampas ón chathair agus ar ais. Cathair bheoga í Sligeach atá ag fás go tapaidh mar ionad sóisialta, cultúrtha agus tráchtála agus seirbhís mhaith bhóthair, thraenach agus aeir aici.

Tá gach dícheall déanta ag an gColáiste cóir nua a chur ar na háiseanna agus ar an infreastruchtúr atá aici, rud is léir ón infheistíocht atá déanta agus á déanamh le feabhas a chur ar na háiseanna teagaisc agus foghlama, na saotharlanna speisialaithe, an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus ar na háiseanna agus struchtúir tacaíochta do na mic léinn.

Faoin Uachtarán, an Dr. Anne Taheny, agus le maoiniú ón Roinn Sláinte agus Leanaí, tá foirgneamh €9 m don Altranas agus Léann Sláinte á thógáil faoi láthair ag an gColáiste. Tá ollionad cónaithe do mhic léinn, a bheas réidh i Meán Fómhair 2006, á thógáil freisin faoi láthair ar chostas €12 m.

PreviousNext

Featured Stories