D'oscail an Tánaiste áis €22 milliún d'Eolaíochtaí Sláinte inniu in OÉ Gaillimh

Feb 20 2006 Posted: 00:00 GMT
Inniu an 20 Feabhra 2006, d'oscail an Tánaiste agus an tAire Sláinte agus Leanaí, Mary Harney, T.D., áis €22 milliún d'Eolaíochtaí Sláinte in OÉ Gaillimh a bhfuil sé de chumas inti tús a chur le ré nua in oiliúint lucht gairme an chúraim shláinte in Éirinn. Cruthaíonn an áis nua nasc idir réimse disciplíní ar spéis leo an tsláinte agus gnéithe níos leithne sóisialta agus beartais a imríonn tionchar ar an chúram sláinte in Éirinn.

San aon fhoirgneamh amháin in Áras Moyola, tá Ionad na hOllscoile don Léinn Altranais agus Cnáimhseachais, an Roinn Teiripe Saothair, an Roinn Eolaíochta Polaitiúla agus Socheolaíochta, agus an Roinn Teiripe Urlabhra agus Teanga.

Is é a dúirt an Tánaiste agus an tAire Sláinte agus Leanaí, Mary Harney, T.D., agus í ag labhairt ag oscailt Áras Moyola: "Is mór an onóir dom an áis nua-aoiseach seo a oscailt go hoifigiúil. Is léiriú eile í an áis seo ar thiomantas an rialtais d'oiliúint atá ar ardchaighdeán idirnáisiúnta a chur ar lucht gairme an chúraim shláinte. Tá na háiseanna teagaisc agus cliniciúla is fearr ar fáil in Áras Moyola chun a chinntiú go mbeidh an chéad ghlúin eile de lucht gairme na sláinte ullmhaithe chomh maith agus is féidir chun freastal a dhéanamh ar an gcóras cúraim shláinte in Éirinn."

Bunaíodh Áras Moyola le maoiniú a fuarthas ón Roinn Sláinte agus Leanaí agus ón Údarás um Ardoideachas. San fhoirgneamh, tá saotharlanna do scileanna nuálaíochta agus Clinic phoiblí do Theiripe Urlabhara & Teanga, clinic ina gcuirtear cúram fianaisebhunaithe ar fáil do dhaoine a bhfuil fadhbanna cumarsáide acu agus ag an am céanna, clinic ina ndéantar eispéireas cliniciúil den scoth a éascú do mhic léinn.

Cuireann na Ranna, atá bunaithe san fhoirgneamh nua, réimse cúrsaí ar fáil ag leibhéal fochéime agus iarchéime lena n-áirítear: Baitsiléir Eolaíochta Altranais; Baitsiléir Eolaíochta Cnáimhseachais; BA i Staidéar Socheolaíochta agus Polaitíochta; BSc sa Teiripe Saothair; BSc i dTeiripe Urlabhra agus Teanga; MA in Obair Shóisialta; MA i dTacaíocht Teaghaigh; Máistreacht sna hEolaíochtaí Sláinte agus roinnt clár Ard-Dioplóma i réimsí cliniciúla.

Cuirtear go leor de na cláir ghairmiúla seo ar fáil i gcomhpháirtíocht le Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, a raibh páirt fhíorthábhachtach aige i bhforbairt agus i soláthar clár.

Is é a dúirt Uachtarán OÉ Gaillimh, Iognáid Ó Muircheartaigh: "Is ríthábhachtach an fhorbairt í gur tógadh Áras Moyola agus cuireann an foirgneamh leis an infrastruchtúr ar champas OÉ Gaillimh. Cuireann an áis nuálaíoch sin ar chumas na hOllscoile méadú mór a dhéanamh ar réimse na gclár a chuirtear ar fáil sna hEolaíochtaí Sláinte agus Teiripe. Tabharfaidh sé an deis dúinn san Ollscoil, trí thaithí oibre a shocrú do mhic léinn agus tríd an gClinic phoiblí do Theiripe Urlabhra, na scileanna seo a chur ar fáil don phobal trí chéile.

Tá áiseanna taighde den scoth freisin in Áras Moyola agus bhunaigh gach roinn laistigh den fhoirgneamh clár taighde dá cuid féin. Bronnadh maoiniú taighde ar chúpla tionscadal le gairid, tioscadail a dhíríonn ar cheisteanna cosúil le caighdeán saoil daoine scothaosta; forbairt ar ghairis leictreonacha chun comhlíonadh cláir a bhaineann le caitheamh cléithíní láimhe a thomhas; leas páistí agus teaghlaigh; forbairt pobail agus áitiúil; cúram bunaithe ar an duine; eispéiris daoine atá faoi mhíchumas; an chinnteoireacht chliniciúil i measúnú agus diagnóisiú lagú sainiúil teanga i bpáistí.

CRÍOCH

PreviousNext

Featured Stories