Iarcheannaire RnaG do chúrsa scileanna raidió trí Ghaeilge

Aug 28 2006 Posted: 00:00 IST

Beidh iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tomás Mac Con Iomaire, ag teagasc ar an gcúrsa Dioplóma i Scileanna Raidió, a bheas ag tosú go luath in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe.

D'éirigh Tomás Mac Con Iomaire as a phost mar cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta mí Eanáir seo caite. Bhí sé ag obair leis an stáisiún ó 1974 i leith agus ceapadh ina cheannaire é sa bhliain 2000. Chaith sé tréimhsí roimhe sin ina eagarthóir stiúrtha nuachta, ina eagarthóir stiúrtha cláracha agus ina leascheannaire.

Ar na teagascóirí eile ar an gcúrsa beidh na hiriseoirí Norita Ní Chartúir agus Uinsionn Mac Dubhghaill. Tá taithí na mblianta ag Norita Ní Chartúir mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus tá taithí ag Uinsionn Mac Dubhghaill mar iriseoir leis an Irish Times, le Nuacht TG4, agus le heagrais eile.

Cúrsa leathan a bhfuil béim ar obair phraiticiúil ann agus a leanann ar aghaidh ar feadh bliana is ea an Dioplóma i Scileanna Raidió. Pléitear gnéithe éagsúla den obair raidió lena linn, ón iriseoireacht go dtí an chraoltóireacht. Tugtar oiliúint do mhic léinn an chúrsa sna scileanna praiticiúla a bhaineann le cúrsaí raidió i stiúideo a bhfuil trealamh fuaime den scoth ann. Tá tréimhse taithí oibre mar chuid de chomh maith.

D'oibrigh mic léinn an cúrsa le RTÉ Raidió na Gaeltachta, RTÉ Lyric FM agus BBC Thuaisceart Éireann roimhe seo agus tugadh cuireadh do chuid acu leanúint lena gcuid oibre ann. Tá gné den iriseoireacht chlóite mar chuid den chúrsa, agus chuir mic léinn na bliana seo caite forlíonadh le chéile a foilsíodh in Foinse.

Oiliúint mhaith phraiticiúil a bhí ann, dar le mic léinn a bhain an dioplóma amach níos luaithe i mbliana. "Bhain mé an-sásamh as na cláracha nuachta, mar bhí brú orainn agus d'airigh muid cén chaoi a mbeadh sé bheith ag obair i stáisiún raidió," a dúirt Micheál Ó Braonáin.

Bhí an file Rita Ann Higgins ar an gcúrsa chomh maith. "Bhí deis iontach agam sa chúrsa," a dúirt sí. "Ní raibh a fhios agam cén chaoi an ndéanann tú clár, agus tá a fhios agam anois."

Cúrsa an-iomlán a bhí ann, dar le Seán Leainde. "Chlúdaigh sé go leor rudaí, ní hamháin an chraoltóireacht raidió ach chlúdaigh sé iriseoireacht agus cúrsaí fuaime agus teicniúla. Do mo leithéide, a d'fhág an scoil tar éis na Meánteiste, thug sé deis domsa a thíocht ar ais agus blaiseadh den oideachas tríú leibhéal a fháil."

De bharr tacaíocht Údarás na Gaeltachta ní bhíonn táille ar an gcúrsa agus íocann an tÚdarás liúntas seachtainiúil do na mic léinn.

Tháinig forbairt mhór ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhaoine in earnáil na cumarsáide Gaeilge le blianta beaga anuas. Tá éileamh mór ar dhaoine a bhfuil na scileanna cuí craoltóireachta, teicniúla agus fuaime acu, ag eagraíochtaí ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, stáisiúin raidió eile, TG4, Telegael, Abú Media agus neart comhlachtaí eile.

Tá roinnt áiteanna fós ar fáil ar an gcúrsa. Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar Norita Ní Chartúir ag 091 595101.

- críoch -

PreviousNext

Featured Stories