Lá na nGradam ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Apr 12 2006 Posted: 00:00 IST
Rinneadh ceiliúradh inniu (Dé Ceadaoin) ag 11.00 in Áras na Mac Léinn ar na torthaí den scoth a bhain mic léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amach ina scrúduithe réamhchéime in 2004-05. Bronn an tUachtarán, an Dr. Iognáid Ó Muircheartaigh, an teideal 'Scoláire Ollscoile', seic de €250 agus scrolla speisialta ar 391 mac léinn a bhain Céadonóracha amach ina scrúduithe.

Chomh maith leis sin, rinneadh ceiliúradh ar 155 Duaiseanna eile a gnóthaíodh sna Dámha éagsúla, ina measc 27 Scoláireachtaí agus Duaiseanna de chuid Ollscoil na hÉireann a bhain mic léinn na Gaillimhe amach.

Dúirt an Dr. Ó Muircheartaigh gur léirigh Lá na nGradam do mhic léinn go gcuireann an Ollscoil iliomad deiseanna ar fáil le haitheantas a thabhairt dóibh siúd a léiríonn a gcumas acadúil: i mbliana, mar shampla, iomlán de 546 Scoláireachtaí/Duaiseanna i leith 2004-05.

"Mar institiúid arb í an feabhas acadúil an chéad chloch ar a paidrín", dúirt sé, "tá áthas ar an Ollscoil aitheantas a thabhairt inniu don díograis atá léirithe agaibhse go léir, a mhic léinn, i leith bhur gcumas acadúil a fhorbairt. Tá súil agam gur spreagadh díbhse iad an teideal seo Scoláire Ollscoile a bheith bronnta oraibh agus an t-aitheantas poiblí seo le coinneáil libh ar an mbóthar sin, ach ar ndóigh go dtapóidh sibh freisin na deiseanna go leor eile a thugann an Ollscoil seo díbh chun forbairt phearsanta a dhéanamh oraibh féin sna réimsí sóisialta agus spóirt."

Dúirt sé freisin gur léir go raibh an cumas iontu go léir dul i mbun an taighde iarchéime amach anseo agus, chuige sin, teacht i dtír ar na deontais mhóra taighde atá bainte amach ag OÉ Gaillimh le blianta beaga anuas i ngach Dámh.

Ag trácht dó ar na Duaiseanna, dúirt sé gur rí-léir ó líon agus éagsúlacht na nduaiseanna sin leibhéal na tacaíochta a tharraingíonn an Ollscoil chuici féin ón tionscal, ó chomhlachtaí agus ó dheontóirí príobháideacha, agus ghlac sé buíochas leo sin uile as a bhflaithiúlacht.

Críoch

PreviousNext

Featured Stories