Campas de luach €5m de chuid na hOllscoile oscailte go hoifigiúil i nGaoth Dobha

Sep 16 2005 Posted: 00:00 IST
Beidh na cláir acadúla teanga-lárnach agus eolasbhunaithe

D'oscail Éamon Ó Cuív, T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, campas €5m de chuid OÉ, Gaillimh i nGaoth Dobhair, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, go hoifigiúil inniu (16 Meán Fómhair), i láthair Uachtarán OÉ, Gaillimh, an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh.

Ina theannta sin, bronnadh Dioplóma ar 75 mac léinn a chríochnaigh cláir léinn ar champas Ghaoth Dobhair agus den chéad uair in Éirinn, bhronn OÉ, Gaillimh Céimeanna Oinigh taobh amuigh de champas na Gaillimhe. Fuair Tomás Mac Giolla Bhríghde, Mícheál Mac Giolla Easbuic agus Máire Mhic Niallais, céim oinigh MA. Triúr iad seo as Dún na nGall a bhfuil obair eisceachtúil déanta acu dá bpobail.

  • Fuair Tomás Mac Giolla Bhríghde, as Gaoth Dobhair, céim oinigh as a bhfuil déanta aige le fostaíocht a chruthú agus ealaín, cultúr agus an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht.
  • Fuair Mícheál Mac Giolla Easbuic, as Cill Chartha, céim oinigh as a bhfuil déanta aige ar son na forbartha pobail agus an spóirt trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht, ar fud Dhún na nGall agus ar fud na tíre.
  • Fuair Máire Mhic Niallais, as Machaire Rabhartaigh, céim oinigh as an tsuim a léirigh sí sa Ghaeilge le fada agus as an obair éachtach atá déanta aici ar son na Gaeilge agus ar son phobal na Gaeltachta.

Bhunaigh OÉ, Gaillimh ionad oideachais i nGaoth Dobhair trí bliana ó shin ar iarratas ó Choiste na Crannóige agus Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Thug Údarás na Gaeltachta spás don Ollscoil i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Rinne OÉ, Gaillimh athchóiriú ar an bhfoirgneamh 2,500 méadar cearnach atá ar léas acu ó Údarás na Gaeltachta. Tá an-tacaíocht faighte ag an ionad ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, rud a fhágann gur ionad oideachais agus teicneolaíochta nua-aimseartha é.

Meastar go gcruthóidh na gníomhaíochtaí ar an gcampas nua seo €2 mhilliún gach bliain don phobal áitiúil.

Cuirtear réimse clár lánaimseartha agus páirtaimseartha tríú leibhéal ar fáil trí mheán na Gaeilge ar champas Ghaoth Dobhair, ar a n-áirítear Dioplóma i Scileanna Teilifíse, Ríomhaireacht Fheidhmeach, Clár Cúram Leanaí agus Sealbhú Teanga agus cláir sa Ghaeilge. Tá cláir eile á bpleanáil i Ríomhaireacht agus Riarachán Gnó, Staidéar an Aistriúcháin agus Teicneolaíocht an Ghnó. Le bliain anuas, chríochnaigh 150 mac léinn cláir oideachais san ionad. Tá rún ag OÉ, Gaillimh cláir chéime a sholáthar i nGaoth Dobhair go gairid.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh agus Reachtaire an Acadaimh: Lá speisialta é seo do Dhún na nGall agus oscailt oifigiúil champas Ollscoile Ghaoth Dobhair á cheiliúradh againn. Tá an-áthas orainn céimeanna oinigh a bheith á mbronnadh ar an triúr iontach seo as an obair eisceachtúil atá déanta acu ar son na Gaeltachta. Tugann bronnadh na gcáilíochtaí acadúla seo inniu aitheantas don tábhacht a bhaineann le cláir tríú leibhéal a chur ar fáil i gceantar na ndaoine féin.

Tá dílseacht na hOllscoile don Ghaeilge le feiceáil inár straitéis trí a bheith ag tabhairt an seomra ranga agus an tsaotharlainn taighde chuig an nGaeltacht agus tacú leis na pobail neamhspleáchas eacnamaíoch trí chruthú fostaíochta atá eolasbhunaithe agus teanga-lárnach.

Cuirfidh campas Ghaoth Dobhair ar chumas na bpobal áitiúil scileanna a fhoghlaim ar mhaithe le geilleagar eolasbhunaithe a fhorbairt. Díreoidh cláir ollscoile an Ionaid seo ar fhostaíocht inmharthana a chruthú, rud a thabharfaidh deis do chéimithe fanacht ina n-áit dúchais agus cur le hinfrastruchtúr teangeolaíoch agus teicneolaíoch an cheantair.

Dúirt an tAire Gnóthaí Tuaithe, Pobail, agus Gaeltachta, Éamonn Ó Cuív, T.D., an méid seo a leanas:

"Tá an rialtas seo tiomanta go huile agus go hiomlán do stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil, a chur chun cinn ar fud na tíre. Is iomaí sin beart curtha i gcrích ag an Roinn agus ag an Rialtas lena mbainim, i dtaca leis an tiomantas sin. Orthu siúd tá, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla, bunú oifig an Choimisinéara Teanga, agus stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san AE. Níl a fhios na dúshláin agus na deiseanna a eascraíonn as na beartais seo. Ar cheann de na dúshláin sin tá, céimithe a chur ar fáil i raon leathan disciplíní – céimithe a bheidh inniúil ar a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

"Is gné thábhachtach de chuid obair na Roinne Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, agus Údarás na Gaeltachta forbairt na hollscolaíochta Gaeilge ar an tríú leibhéal. Tá a fhios ag an saol Fódlach gur as institiúidí tríú leibhéal a eascraíonn fás na fostaíochta agus forbairt an phobail. Is ar an ábhar sin a thacaigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus Údarás na Gaeltachta, le forbairt na n-ionad tríú leibhéal Gaeltachta ar an gCeathrú Rua agus i gCarna. Is ar an ábhar céanna atáthar ag tacú anois le hionad seo Ghaoth Dobhair, faoi choimirce Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

"Is maith liom comhghairdeachas a dhéanamh le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, as an ról forghníomhach a d'imir sí, as an tiomantas atá léirithe aici, agus as an obair cheannródaíoch atá déanta aici i réimse na hollscolaíochta Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht. Obair í seo atá bunaithe ar an tuiscint sin gur chóir an t-oideachas a thabhairt i láthair na ndaoine seachas na daoine a thabhairt i láthair an oideachais. Is fada leis an Roinn go dté sí ag saothrú arís leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, agus le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, agus le hinstitiúidí tríú leibhéal eile, le cúnamh a thabhairt le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an earnáil seo, earnáil a bhfuil sé d'acmhainn aici cur go mór le baint amach aidhmeanna náisiúnta na tíre agus le forbairt fhadtréimhseach na Gaeltachta."

Críoch

PreviousNext

Featured Stories