Bailiúchán pháipéir Dhubhghlas na hÍde bronnta ar OÉ Gaillimh

Sep 26 2005 Posted: 00:00 IST
Tá bailiúchán litreacha pearsanta agus ábhar eile le dlúthchara le Dubhghlas de hÍde, An Craobhín Aoibhinn, scoláire Gaeilge mór le rá agus céad Uachtarán na hÉireann, bronnta ar OÉ, Gaillimh.

Ó theaghlach Tom Morrisroe, a rugadh agus a tógadh i Ratra, gar do Dhún Gar, Co. Ros Comáin, in aice le baile an Dr Dubhghlas de hÍde a tháinig an bailiúchán. Bhí dlúthchairdeas idir an bheirt ar feadh a saoil agus bhídís i dteagmháil lena chéile go rialta. I measc pháipéir de hÍde a bronnadh tá grianghraif de Tom Morrisroe agus é ag iascach agus ag sóisialú le teaghlach de hÍde, rud a léiríonn an dlúthchairdeas a bhí eatarthu.

I measc pháipéirí Morrisroe-de hÍde tá bailiúchán nach beag litreacha Gaeilge ó Dhubhghlas de hÍde, a mhúin an Ghaeilge do Morrisroe, mar aon le hábhair eile a bhaineann le cuairt de hÍde ar Stáit Aontaithe Mheiriceá agus é i mbun feachtas bailithe airgid d athbheochan na Gaeilge. Beidh na páipéir mar chuid de bhailiúchán lámhscríbhinní agus ábhar eile le de hÍde atá i gcartlann Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ, Gaillimh, cheana féin.

Bhí Tom Morrisroe ina Gharda Síochána i Maigh Eo agus ina Sháirsint i nGaillimh go dtí gur cailleadh i dtimpiste cairr i 1954 é. Rugadh a iníonacha, Evelyn Morrisroe Connolly agus Sr Bernadine (Breege) Morrisroe, agus chaith siad cuid mhaith dá n-óige san áit a bhfuil campas OÉ, Gaillimh lonnaithe anois. Roinn Fealsúnachta na hOllscoile atá i dTeach Morrisroe anois.

Ag labhairt di ag bronnadh pháipéir de hÍde ar OÉ, Gaillimh, is é a dúirt Evelyn Morrisroe-Connolly: Táim an-sásta go bhfuil baile oiriúnach bainte amach ag na cáipéisí luachmhara seo, atá sa teaghlach seo againne le breis is caoga bliain anois. Níl Leabharlann Shéamais Uí Argadáin ach coiscéim coiligh ón áit a mbíodh mo dheirfiúr agus mé féin ag súgradh le linn ár n-óige. Dlúthchairde ar feadh a saoil ba ea m'athair agus 'An Craobhín Aoibhinn' agus tá sé sin le sonrú sna litreacha a scríodh chuig m'athair le linn do de hÍde a bheith i nDún Gar agus in Áras an Uachtaráin.

Dúirt an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh, Uachtarán OÉ, Gaillimh, an méid seo: Le bronnadh pháipéir Morrisroe-de hÍde tá athnuachan á déanamh ar an gcaidreamh fada atá ag teaghlach Morrisroe le hOÉ, Gaillimh. Thar ceann phobal na hOllscoile ar fad, glabhaim buíochas le teaghlach Morrisroe, agus le Evelyn Morrisroe Connolly go háirithe, as na páipéir thábhachtacha seo de chuid de hÍde a bhronnadh ar Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Cuirfidh an tabhartas seo go mór le saibhreas ábhair na Leabharlainne a bhaineann le Dubhghlas de hÍde agus leis na blianta tosaigh d'athbheochan na Gaeilge.

Is é a dúirt Marie Reddan, an Leabharlannaí, Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, OÉ, Gaillimh: Is mór an chúis áthais dúinne an bailiúchán tábhachtach seo de chomhfhreagras stairiúil a fháil agus cuirfidh sé go mór leis an ábhar atá againn cheana féin, lena n-áirítear lámhscríbhinní, a bhaineann le Dubhghlas de hÍde. Is foinse bhunaidh thábhachtach iad páipéir Morrisroe-de hÍde do thaighde ar stair shóisialta, chultúir agus pholaitiúil na hÉireann ag deireadh an naoú céad déag.

PreviousNext

Featured Stories