Oideachas (Dioplóma Gairmiúil)
College of Arts, Social Sciences, & Celtic Studies
Scoil an Oideachais
Course overview
Clár bliana lánaimseartha trí mheán na Gaeilge atá sa Dioplóma Gairmiúil san Oideachas a sholáthraíonn oideachas gairmiúil tosaigh do mhúinteoirí ar leibhéal iar-bhunoideachais. Tugann an Chomhairle Mhúinteoireachta aitheantas don Dioplóma chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunoideachais in Éirinn.
Aidhm
Clár bliana lánaimseartha trí mheán na Gaeilge é an Dioplóma Gairmiúil san Oideachas a sholáthraíonn oideachas gairmiúil tosaigh do mhúinteoirí ar leibhéal iar-bhunoideachais. Tugann raon na gcúrsaí ar na modúil éagsúla na huirlisí teoiriciúla agus coincheapúla don mhúinteoir faoi oiliúint chun cuir chuige cruthaitheacha agus machnamhacha i leith an teagaisc agus na foghlama a fhorbairt.
Ábhar an chúrsa
Déantar na modúil seo a leanas ar an gclár:
• Eolaíochtaí Oideachais
• Léinn Ghairmiúil
• Cleachtadh Gairmiúil
• Cleachtadh Teagaisc
Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar íosmhéid de 100 uair de chleachtadh teagaisc mhaoirsithe thar trí bhloc, i scoileanna lán-Ghaeilge.
Key facts
Entry requirements
Ní mór d’iarratasóirí caighdeán maith Ollscoile a beith acu i dtaca le labhairt agus scríobh na Gaeilge agus mar chuid den nós imeachta iarratais, scrúdú béil agus scrúdú scríofa a dhéanamh.
Duration:
Bliain acadúil amháin, lánaimseartha
Next start date: Meán Fómhair 2012
ECTS weighting: 60
Average intake: 40
Closing date: 1 Nollaig 2012
Course outline
Tugann raon na gcúrsaí sna modúil Eolaíochtaí Oideachais agus Léann Gairmiúil, na huirlisí teoiriciúla / coincheapúla don mhúinteoir faoi oiliúnt chun cuir chuige cruthaitheacha agus machnamhacha i leith an teragaisc agus na foghlama a fhorbairt.
Roghnaíonn mic léinn dhá shainréimse modheolaíochta, go hiondúil in ábha(i)r atá déanta go leibhéal céime, agus déantar íosmhéid de 100 uair de chleachtadh teagaisc mhaoirsithe, thar trí bhloc, i scoileanna lán-Ghaeilge.
Measúnú leanúnach a úsáidtear ar an gcúrsa agus áirítear páipéir scríofa, obair phraiticiúil agus obair thionscadail ann.
Applications and selections
Who teaches this course?
- Brendan Mac Mahon, B.A., N.T., M.Ed., H.Dip. in Ed
- Sinéad Ní Ghuidhir, B.Sc, DIO, MA Drama & Theatre, Dip Gaeilge
- Dr Patrick Farren, B.A., B.Theol., Dip. in Public Speaking, C.T.G., Dip. in TEFL., M.Ed., Ph.D. (TCD)
- Therese Burns, B.A., H.Dip Ed., M.Ed.

