Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, ar líne ag OÉ Gaillimh

Saileog Ní Cheannabháin, Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh 2021
Sep 29 2021 Posted: 11:53 IST

Cuirfear tús leis an dara sraith de cheardlanna amhránaíochta fiorúil ar an sean-nós le Saileog Ní Cheannabháin, atá ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach ag OÉ Gaillimh 2021.

Beidh na ceardlanna a reachtáil gach Céadaoin ag 7:30in ar an 6ú, 13ú, 20ú, 27ú Deireadh Fómhair, agus an 3ú Samhna.

Is cainteoir Gaeilge ó dhúchas í Saileog a tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is as Aill na Brón a hathair, an t-amhránaí clúiteach Peadar Ó Ceannabháin, agus is é Peadar an chéad fhonnadóir a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi. Chaith Saileog roinnt mhaith ama ó bhí sí an-óg ag éisteacht le fonnadóirí as Iorras Aithneach agus tá Seán 'ac Dhonncha, Sorcha Ní Ghuairim, Dara Bán Mac Donncha agus Seáin Jeaic 'ac Dhonncha i measc na bhfonnadóirí is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthí. Tá dhá album eisithe ag Saileog I bhfíor-dheiriú oidhche (2012), cnuasach amhrán a bhailigh Séamus Ennis in Iorras Aithneach sna 1940idí agus Roithleán (2016).

Tá na ceardlanna saor in aisce agus beidh fáilte roimh chách. Cláraigh ar Zoom ag https://bit.ly/3ECELgp. Tuilleadh eolais ó Samantha Williams ag 091 492051 nó samantha.williams@nuigalway.ie

Is iad Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle Ealaíon agus Ionad Léann na hÉireann, OÉ Gaillimh, a mhaoiníonn an tionscnamh seo.

-Críoch-

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories