An-éileamh ag fostóirí ar Aonach Post na gCéimithe in OÉ Gaillimh

Sep 29 2021 Posted: 14:47 IST

Ócáid ar líne á reáchtáil ag an Ollscoil chun gnólachtaí a nascadh le scoth na gcéimithe

Beidh an líon is airde fostóirí mór le rá ag léiriú deiseanna fostaíochta ag Aonach Post na gCéimithe in OÉ Gaillimh.

Tá thart ar 115 cuideachta ag glacadh páirt san imeacht ar líne Dé Máirt, an 5 Deireadh Fómhair, chun na céimithe is fearr a mhealladh le teacht ag obair leo.

Tá an tIonad Forbartha Gairmeacha in OÉ Gaillimh ag moladh do mhic léinn reatha agus dóibh siúd ar bronnadh céim de chuid na hOllscoile orthu le gairid clárú don aonach agus an deis a thapú labhairt le fostóirí.

Is féidir le mic léinn atá cláraithe ar thairseach Careers Connect na hOllscoile áit a chur in áirithe inniu.

Dúirt Marie Laffey, Ceann an Ionaid Forbartha Gairmeacha in OÉ Gaillimh: “Tugann Aonach Post na gCéimithe an deis do mhic léinn a ngairmiúlacht a léiriú, dul i gcleachtadh ar líonrú, foghlaim faoi na cineálacha post atá ar fáil ina n-earnáil, fáil amach faoi na scileanna agus taithí a thaitníonn le fostóirí a fheiceáil i gcéimithe.

“Níos tábhachtaí fós, tugann sé deis do mhic léinn iad féin a chur in aithne d’fhostóirí ar mhaith leo post a fháil leo agus b’fhéidir dul i gcion orthu.

“Is minic a thagann mic léinn trasna ar eagraíochtaí nach raibh mórán eolais acu fúthu agus osclaíonn sé sin smaointe agus roghanna nua gairme."

Tá éileamh níos mó ná riamh ag fostóirí, as gach earnáil, ar Aonach Post na gCéimithe, 2021 de chuid OÉ Gaillimh agus iad ag iarraidh casadh le mic léinn sa bhliain deiridh agus le hiarchéimithe.

Beidh Aonach Post na gCéimithe ar siúl ar líne ar thairseach GraduateLand Dé Máirt, an 5 Deireadh Fómhair ó 11 am–4pm.

Dúirt Marie Laffey: “Leis an leagan amach atá ar Aonach Post na gCéimithe bíonn sé éasca mic léinn a mheaitseáil le fostóir agus tugann sé an deis d’fhostóirí poist oscailte, físeáin agus saoráidí margaíochta eile a thaispeáint ag a seastáin agus chomh maith céanna beidh an deis acu labhairt le mic léinn trí chomhrá gréasáin nó trí fhíseán.

“Bhí an fás eacnamaíoch is sciobtha in Éirinn sa dara ráithe den bhliain, agus tá roinnt ag tuar go mbeidh borradh i ndán dúinn i ndiaidh na dianghlasála. Tá comharthaí ann freisin maidir le ganntanas lucht saothair in earnálacha go leor agus ciallaíonn sé sin go bhfuil neart deiseanna ann do chéimithe. Is léir an méid sin freisin san éileamh ó fhostóirí freastal ar Aonach Post na gCéimithe."

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories