Déanann mic léinn leighis OÉ Gaillimh ceiliúradh ar thrí bliana déag d'Ospidéal na mBéiríní

Aoife Walsh ó Scoil Náisiúnta San Nioclás, cathair na Gaillimhe a thug a béirín Abby chomh fada leis an meaisín X-gha ag Ospidéal na mBéiríní in OÉ Gaillimh anuraidh.
Jan 10 2018 Posted: 15:57 GMT

Den tríú bliain déag as a chéile, beidh Ospidéal na mBéiríní ar oscailt in OÉ Gaillimh Déardaoin, an 18 agus Dé hAoine, an 19 Eanáir. Tiocfaidh breis agus 1,300 béirín tinn chun an ospidéil lena bhfeighlithe, 1,300 páiste bunscoile.

Is é an Cumann Sláinte, craobh OÉ Gaillimh de Chónaidhm Idirnáisiúnta Chumann na Mac Léinn Leighis, agus suas le 200 mac léinn leighis agus eolaíochta a bheidh ar láimh le scrúdú leighis a dhéanamh ar na béiríní agus le cóir leighis a chur orthu. Tá súil acu go gcuideoidh an ócáid le páistí, idir 3-8 mbliana d’aois, a bheith ar a suaimhneas nuair a bheidh siad ag an dochtúir nó san ospidéal.

Thar na blianta, thug páistí béiríní chuig an ospidéal agus iad ag samhlú go raibh réimse leathan tinnis ag gabháil dóibh cosúil le cluasa tinne, boilg bhreoite agus gach cineál gearán eile faoin spéir.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sally Cahill, mac léinn leighis sa tríú bliain in OÉ Gaillimh agus comh-iniúchóir an Chumainn Sláinte: “I mbliana táimid ag déanamh ceiliúradh ar thrí bliana déag d'Ospidéal na mBéiríní. Le roinnt blianta anuas, tá méadú tagtha ar líon na scoileanna atá ag iarraidh freastal ar an ócáid agus, dá bharr sin, tá an ócáid i bhfad níos mó anois chun béiríní na Gaillimhe ar fad a leigheas. Beimid ag súil go mór na chéad ‘othair’ a fheiceáil Déardaoin, an 18 Eanáir agus tá súil againn ospidéal taitneamhach a chruthú do na páistí ar an lá.”

I mbliana, tá 25 bunscoil áitiúil páirteach san ócáid, sin os cionn 1,300 páiste. Nuair a thagann na páistí chuig Ospidéal na mBéiríní ar an gcampas, rachaidh siad chuig an 'seomra feithimh', áit a mbeidh lámhchleasaithe agus maisitheoirí aghaidheanna ag fanacht leo. Ansin buailfidh na páistí agus na béiríní le foireann de Dhochtúirí Béiríní agus d’Altraí Béiríní a chuirfidh scrúdú leighis orthu. Beidh meaisíní speisialta X-gha agus MRI ag na mic léinn ar fhaitíos go mbeidís ag teastáil ó na béiríní.

Beidh Cógaslann Béiríní ann chomh maith, agus beidh torthaí sláintiúla ó Burkes Fruit and Veg ann mar aon le soláthairtí leighis urraithe ag Cógaslann Matt O’Flaherty le cóir leighis a chur ar na béiríní.

Nuair a bheidh an méid sin curtha díobh acu beidh deis ag na páistí spraoi a bhaint as preabchaisleán agus beidh cumann lámhchleasaíochta an choláiste i mbun siamsaíochta. Rinne Banc na hÉireann, Dunnes Stores, Oifig na gCumann in OÉ Gaillimh agus Cumann Cosanta Leighis urraíocht ar an ócáid chomh maith.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in OÉ Gaillimh: “Is deis iontach é Ospidéal na mBéiríní don chumann chun cuireadh a thabhairt do pháistí agus a mbéiríní chuig an gcampas agus chun taithí luachmhar foghlama a thabhairt do chách. Tá sé ar cheann de na cláir for-rochtana pobail is deise agus is spraíúla atá idir lámha ag cumainn OÉ Gaillimh agus táimid an-bhródúil as chomh maith agus a éiríonn leis an ócáid.

Comhghairdeas leis an gCumann Sláinte a thugann deis do líon chomh mór dár gcuid mac léinn a bheith rannpháirteach san ócáid seo do chúis chomh dearfach agus tá súil againn go mbainfidh gach a mbeidh páirteach an-sult as an gcúpla lá seo.”

-Críoch-

Marketing and Communications Office

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories